Eolas
Sochar Díobhála
Ceann de na sochair é an Sochar Díobhála atá le fáil de réir Scéim na
Sochar Gortuithe Ceirde. Íocaíocht sheachtainiúil é a dhéantar leat
má tá tú neamhábalta chun na hoibre de bharr:
- Timpiste le linn na hoibre
- Timpiste agus tú ag taisteal (ar thuras gan bhriseadh) go díreach go
dtí nó ag teacht go díreach ón obair
- Galar ceirde
Is éard atá i ngalar ceirde galar a thagann ort le linn do chuid
fostaíochta nó de dheasca na hoibre a dhéanann tú, mar shampla, de dheasca
na teagmhála le gníomhaithe fisiceacha nó ceimiceacha. Tá liosta
ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a leagann amach na Galair Cheirde.
Le go bhfaighfeá Sochar Díobhála ní mór duit a bheith neamhábalta ar
an obair de dheasca na timpiste nó an ghalair ar feadh breis agus 3 lá
(seachas Dé Domhnaigh nó laethanta saoire íoctha). Mar sin féin, fiú
amháin mura bhfuil tú neamhábalta ar an obair le breis agus 3 lá, tá tú i
dteideal ráiteas a dhéanamh gur tharla timpiste cheirde. Cosnaíonn sé seo
na cearta a bheidh agat ina dhiaidh sin ar shochair de réir Scéim na Sochar
Gortuithe Ceirde mar ní i gcónaí a thagann an bhreoiteacht ná an
neamhábaltacht chun cinn láithreach de dheasca timpistí nó galar ceirde.
Rialacha
Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)
Daoine atá cumhdaithe ag an ÁSPC
Aicme A, D, J nó M, tá siad cumhdaithe go hiomlán maidir le Sochar
Díobhála. Is é sin le rá, tá beagnach gach fostaí in Éirinn cumhdaithe
maidir le Sochar Díobhála.
Ní gá duit a bheith faoi árachas de réir Aicme A, D, J nó M le haon
achar ama ar leith le go mbeidh teideal agat ar Shochar Díobhála. Beidh tú
incháilithe má tá tú neamhábalta chun na hoibre de dheasca timpiste nó
galair cheirde Caithfidh do bhreoiteacht nó do neamhábaltacht maireachtáil
níos faide ná 3 lá (seachas Dé Domhnaigh nó laethanta saoire íoctha).
Achar aimsire a n-íoctar an Sochar Díobhála
Ní íoctar an Sochar Díobhála na chéad 6 lá de do bhreoiteacht nó de
do neamhábaltacht. Nóta: ó 6 Eanáir 2014 síníodh é seo ó 3 lá go dtí
6 lá. Is féidir an íocaíocht a dhéanamh ar feadh chomh hard le 26
sheachtain ó dháta na timpiste nó ó theacht chun cinn an ghalair.
Má tá tú fós neamhábalta ar an obair tar éis na tréimhse 26
sheachtain, b’fhéidir go mbeidh teideal agat ar Shochar Breoiteachta, Liúntas Míchumais nó Liúntas
Leasa Forlíontach. B’fhéidir freisin go mbeidh teideal agat ar Shochar Míchumais má
chailleann tú aon chumas corpartha nó meabhrach de dheasca na timpiste nó an
ghalair. Ina mhalairt de chás, mura bhfuil tú incháilithe do Shochar
Breoiteachta ná d’íocaíocht leasa shóisialaigh eile agus go bhfuil tú ag
fáil Sochair Mhíchumais, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don
Fhorlíonadh Éagumais.
Obair agus oiliúint athshlánaithe
Féadfaidh tú páirt a ghlacadh in oiliúint
nó obair pháirtaimseartha atá ina n-oiliúint nó obair athshlánaithe
agus Sochar Díobhála a fháil.
Más mian leat páirt a ghlacadh i gcúrsa oiliúna nó chun tabhairt faoi
obair athshlánaithe, ní mór duit cead scríofa a fháil roimh ré ón Roinn
Coimirce Sóisialaí.
Ní gá duit cead scríofa roimh ré a fháil chun tabhairt faoin méid a
leanas:
- obair éadroim nach n-íoctar aisti, nó nár ghnách go n-íocfaí
aisti
- obair a dhéantar mar chuid de chóireáil fad atá tú in ospidéal nó
ina macasamhail d’institiúid agus nuair nach sáraíonn na tuillimh
€50.00 sa tseachtain
- obair faoi scéim a mheastar atá carthanúil ó thaobh cineáil de,
nuair nach sáraíonn na tuillimh €50.00 sa tseachtain
Sochar Cumais Pháirtigh
Má fuair tú Sochar Díobhála don tréimhse uasta 6 mhí agus má
aistríodh thú chuig Sochar Breoiteachta, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh
ar Shochar Cumais Pháirtigh.
Rataí
Ráta an tSochair Dhíobhála i 2016 agus roimh 13 Márta 2017
| Sochar Díobhála |
Ráta seachtainiúil,
€ |
| Ráta pearsanta |
188.00 |
| Méadú le aghaidh Duine Fásta Incháilithe
|
124.80 |
| Méadú le haghaidh Linbh Incháilithe |
29.80
(ráta iomlán )
14.90 (leathráta) |
Ráta an tSochair Dhíobhála ó 13 Márta 2017
| Sochar Díobhála |
Ráta seachtainiúil,
€ |
| Ráta pearsanta |
193.00 |
| Méadú le aghaidh Duine Fásta Incháilithe
|
128.10 |
| Méadú le haghaidh Linbh Incháilithe |
29.80
(ráta iomlán )
14.90 (leathráta) |
Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht a fháil do dhuine
fásta cleithiúnach agus do leanaí
cleithiúnacha.
Conas iarratas a dhéanamh
Níor mhór duit cur isteach ar an Sochar Díobhála faoi cheann 21
lá ón lá ar éirigh tú tinn, nó d’fhéadfá sochar a chailleadh.
Le cur isteach ar an Sochar Díobhála, níor mhór duit dul chuig an dochtúir
agus Teastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh a fháil. Is éard atá sa
Teastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh foirm iarratais agus teastas
dochtúra le chéile le haghaidh an tSochair Dhíobhála. Cuir ar aghaidh é
chuig an Rannóg Shochair Dhíobhála (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas' anseo thíos)
Níor mhór duit Teastas Dochtúra Idirmheánach a chur isteach gach
seachtain chomh fada agus a bheidh tú neamhábalta ar an obair. Féadfaidh tú
Teastas Dochtúra Idirmheánach a fháil ó do dhochtúir.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Féadfaidh tú do Theastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh agus do
Theastas Dochtúra Idirmheánach a thabhairt isteach chuig an Oifig Áitiúil
Leasa Shóisialaigh is gaire duit nó iad a phostáil chuig:
Rannóg Shochair Dhíobhála
An Roinn Coimirce Sóisialaí
PO Bosca 1650
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3300
Lóghlao:1890 928 400
Lena thuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil leis an Oifig
Áitiúil Leasa Shóisialaigh nó leis an Rannóg Sochair Dhíobhálacha
Ceirde:
Rannóg Díobhálacha Ceirde
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3300
Lóghlao:1890 928 400