Eolas
Is íocaíocht faoin Scéim um Shochair
Dhíobhálacha Ceirde é Sochar Míthreorach. Is féidir é a íoc leat má
chailleann tú cunas fisiciúil nó meabhrach de bharr timpiste a tharla agus
tú ag obair, timpiste a tharla agus tú ag dul go dtí nó abhaile ó obair
nó de bharr galair a bhuail thú ag obair. Íoctar é má mheastar go bhfuil
míchumas 15% nó níos mó i ndiaidh an timpiste
Íoctar Sochar Míthreorach i bhfoirm pinsin in aghaidh na seachtaine, nó
in aghaidh na míosa má mheastar go bhfuil míchumas 20% nó níos mó i
gceist. Íoctar Sochar Míthreorach i bhfoirm cnapshuime, áfach, má mheastar
go bhfuil míchumas 20% nó níos lú i gceist. Beidh éagsúlacht ag baint le
méid na cnapshuime ag brath ar a mhíchumasaithe is atá tú agus cá fhad a
bhfuiltear ag súil go réasúnach go mbeidh tú míchumasaithe.
Má tá Sochar Míthreorach dhá íoc leat agus muna bhfuil tú in ann dul
ag obair, b'fhéidir go mbeadh Sochar Breoiteachta le fáil agat bunaithe ar do
chuid ÁSPC. Muna bhfuil tú i dteideal Sochair Breoiteachta b'fhéidir go mbeadh
Forlíonadh Éagumais ag dul duit.
Forlíonadh Éagumais
Seo íocaíocht bhreise a mhéadaíonn an Sochar Míthreorach do dhuine
nuair a ghlactar leis nach bhfuil sé/sí in ann dul i mbun oibre agus nach
mbeidh feasta de bharr timpiste/galair shaothair agus nuair nach bhfuil an
duine i dteideal aon íocaíochta leasa shóisialaigh, mar shampla Sochar
Breoiteachta. Íoctar liúntais bhreise ar son daoine
fásta cleithiúnacha nó páistí
cleithiúnacha atá cáilithe.
Liúntas Freastail Leanúnaigh
Is féidir an liúntas seo a íoc go seachtainiúil mar ardú ar an tSochar
Míthreorach má tá tú chomh dona faoi mhíchumas agus go mbíonn duine
éigin (gaol nó duine eile) ag teastáil chun cuidiú leat agus aire
phearsanta a thabhairt duit go laethúil ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad.
Caithfidh Sochar Míthreorach de 50% nó níos mó a bheith dhá íoc leis an
duine. Bíonn teidlíocht ar Liúntas Freastail Leanúnaigh bunaithe ar mholadh
chomhairleoir liachta na Roinne. Ní bhfaighidh tú an liúntas i rith aon
tréimhse go mbíonn tú in ospidéal nó in institiúid cosúil leis.
Má cheapann tú go bhfuil éagóir déanta mar gheall go bhfuil Sochar
Míthreorach diúltaithe duit, nó má tá tú míshásta le cinneadh a thóg
Oifigeach Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha
agat achomharc a lorg maidir
leis an gcinneadh seo
Rialacha
Beidh tú cáilithe chun Sochar Mithreorach a fháil má tá tú tar éis
cumais fhisiciúla nó mheabhrach a chailliúint mar gheall ar:
Cailliúint chumais fisiciúil nó meabhrach
Déanfar measúnú ar Mhéid an Éagumais tar éis scrúdaithe a dhéanann
Meastóir Leighis. Déanfaidh sé/sí measúnú ar mhéid an chumais a chaill
tú de bharr do thimpiste/do ghalair shaothair. Ciallaíonn "cailliúint
chumais" do neamhábaltacht gnáth shaol a chaitheamh, mar gheall gur chaill
tú cuid nó iomlán d'éirim mheabhrach nó fhisiciúil mar thoradh ar ghortú
/ ar ghalar saothair. Nuair atá measúnú á dhéanamh ar chailliúint
chumais, déantar comparáid idir an gcruth fisiciúil agus meabhrach atá ort
anois agus an cruth a bhí ort roimh an timpiste agus freisin cé chomh
sláintiúil agus atá tú le hais duine sláintiúil den aois agus den ghnéas
céanna leat féin.
Seo a leanas samplaí de mheasúnaithe:
| Gortú |
Éagumas |
| Cailliúint dhá lámh |
100% |
| Cailliúint súil amháin |
40% |
| Cailliúint ordóig |
30% |
| Cailliúint 2 mhéar ar lámh amháin |
20% |
| Cailliúint corrmhéarr |
14% |
Ranníocaíochtaí ÁSPC
Chun a bheith ina theideal caithfidh tú a bheith i bhfostaíocht faoi
árachas ag ÁSPC in Aicmí A, B, D, J nó M.
(Faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde níl Sochar Míthreorach ar
fáil do státseirbhísigh atá faoi árachas ÁSPC in Aicme B don chéad 26
seachtainí tar éis dáta na timpiste. Sin é an cúis a bhfuil a dtuarastal
á íoc ag an bPríomhroinn le linn an tréimse 26 seachtaini. Ní íocfar
Sochar Míthreorach leo i ndiaidh na tréimhse seo ach ag leath an ráta agus
bíonn an leath eile á íoc ag an bPríomhroinn nó ag an eagraíocht stáit
atá bainteach.)
Ag dearbhú díobhála ceirde
Ní gá i gcónaí go dtiocfadh tinneas/míchumas ar dhuine láithreach tar
éis timpiste/galair shaothair. Muna bhfuil tú éagumasaithe láithreach ach
go dteastaíonn uait a bheith cinnte go mbeidh Sochar Míthreorach ar
fáil duit amach anseo má tá gá leis, ba cheart duit do fhostóir a
chur ar an eolas faoin timpiste/faoin ngalar agus iarratas a dhéanamh ar
dhearbhú gur timpiste/galar saothair a bhí i gceist. Ba cheart é seo a
dhéanamh gan mhoill. Tá na foirmeacha dearbhaithe ar fáil ón Rannóg
Sochair Díobhála, Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Cá háit a
dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Má tharlaíonn an t-éagumas níos déanaí, ba cheart duit iarratas a chur
isteach, taobh istigh de 3 mhí ón am a dtugann tú faoi deara é.
Rátaí
Sochar Míthreorach
Braitheann an íocaíocht a fhaigheann tú ar mhéid an éagumais atá i
gceist agus cuirfear scrúdú dochtúra ort chun é seo a mheas. Más measúnú
atá níos lú ná 20% atá i gceist is iondúil go n-íoctar é seo ina
chnapshuim (deolchaire). Braithfidh méid na cnapshuime ar mhéid an éagumais
atá i gceist agus cén t-achar a cheaptar a leanfaidh an t-éagumas. Má tá
measúnú de 20% nó níos mó i gceist íocfar pinsean.
Má tá do mhíthreoir 100%, beidh d'uasráta pinsean
pearsanta €224.00.
Ó Eanáir 2011, d'fhéadfaí cnapshuim suas go dtí uasmhéid €15,670 a
bheith iníoctha.
Má tá do mhíthreoir idir 20% agus 90%, beidh d'uasráta
pinsean pearsanta mar a leanas
| Leibhéal Míthreor |
Rata seachtainiúil ó 17 Márta
2017 |
| -90% |
€201.60 |
| -80% |
€179.20 |
| -70% |
€156.80 |
| -60% |
€134.40 |
| -50% |
€112.00 |
| -40% |
€89.60 |
| -30% |
€67.20 |
| -20% |
€44.80 |
Éagumas suas go dtí 19%:
D'fhéadfaí cnapshuim a bheith iníoctha.
Forlíonadh Éagumais
Ráta seachtainiúil (ó 17 Márta 2017)
Liúntas Freastail Leanúnaigh
Tá ráta seachtainiúil Liúntas Freastail Leanúnaigh €210.00 ó 17
Márta 2017. Níl sé íoctha amháin do dhaoine le míthreor os cionn 50%.
Conas iarratas a dhéanamh
Muna bhfuil tú in ann dul i mbun oibre tar éis na timpiste/an
ghalair, ba cheart duit ar dtús éileamh a dhéanamh ar Shochar Díobhála, gur féidir a
fháil ar feadh suas le 26 seachtainí tar éis na timpiste nó an ama a
thagann an galar ort. Sula dtagann deireadh leis an íocaíocht ar Shochar
Díobhála ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach mas rud
é gur chaill tú cumas de bharr do thimpiste nó do ghalair. Muna ndéanann
tú éileamh in am d’fhéadfá cuid den sochar a chailliúint. Ba cheart an
t-éileamh a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ón am a thagann deireadh leis an
íocaíocht ar Shochar Díobhála.
Muna bhfuil tú in ann dul i mbun oibre tar éis na timpiste/an
ghalair, ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach
chomh luath agus is féidir leat agus taobh istigh de 3 mhí ón am ar tharla
an timpiste nó ón am ar tháinig an galar ort. Déantar an íocaíocht ón
gceathrú lá i ndiaidh na míchumasaíochta a theacht ort. Muna ndéanann tú
éileamh in am d’fhéadfá cuid den sochar a chailliúint. Ba cheart an
t-éileamh a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ón am ar tharla an timpiste nó
ón am ar thosaigh an galar.
Chun d'iarratas a dhéanamh déan an fhoirm
éilimh OB 21 a íoschóipeáil agus a chomhlánú (pdf) agus seol é ar
ais chuig an seoladh thíos.
Cá háit a ndeánfaidh mé
iarratas?
Ba chóir d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig an Rannóg
Sochar Míthreorach thíos. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Sochar
Míthreorach, déan teagmháil leis an Ionad
Intreo ó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó leis an Rannóg Sochar
Míthreorach.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 927 770
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Más mian leat do cheart ar shochar amach anseo a chosaint, déan iarratas
ar dhearbhú gur tionóisc nó galar ceirde a bhí ann chuig:
Rannóg Díobhálacha Ceirde
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3300
Lóghlao:1890 928 400