Rialacha
Le bheith incháilithe le haghaidh Liúntais Míchumais, caithfidh tú:
- Gortú, galar no míchumas fisiceach nó meabhrach a bheith ort a mhair
nó a mbítear ag súil go mairfidh go ceann aon bhliain ar a laghad
- De thoradh an reachta seo tá tú srianta go suntasach maidir le hobair a
dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine ar comhaois leat a bhfuil an
taithí agus na cáilíochtaí céanna acu gan an riocht sin a bheith orthu
- A bheith idir 16 agus 66 bliana d’aois. Nuair a shroicheann tú aois 66
ní bheidh tú cáilithe chun LM a fháil, ach déanfar measúnú ort i
gcomhar pinsean stáit.
- Tástáil
acmhainne a shásamh
- Coinníoll
Gnathchónaithe a shásamh.
Cúram cónaithe
Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais agus má théann tú i isteach san
ospidéal faoi chúram cónaithe leanfar le d'íocaíocht chomh fada agus a
shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe.
Mura bhfuil tú ag fáil Liúntas Míchumais sula mbíonn tú faoi chúram
cónaithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Míchumais chomh fada agus
a shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe.
An tástáil acmhainne
Is í íocaíocht de réir tástála acmhainne í Liúntas Míchumais.
Caithfidh iomlán d’acmhainní bheith faoi bhun méad áirithe chun an
liúntas a fháil. Ar na rudaí is mó a áirítear mar acmhainní tá:
Ioncam on díolachán an tí
Má dhíolann tú do theach, is féidir neamhaird a dhéanamh de thorthaí
dhíol an tí suas le €190,500 agus d’acmhainní á meas
in imthosca áirithe agus má bhogann tú:
- Isteach i gcóiríocht mhalartach (is féidir leat í a cheannach nó a
fháil ar cíos)
- Isteach le duine éigin atá ag tabhairt aire duit agus atá ag fáil
íocaíocht chúramóra
- Isteach i dtithíocht speisialta nó sciath-thithíocht sna hearnálacha
deonacha, comhoibríocha, reachtúla nó príobháideacha
- Isteach i mbaile príobháideach altrachta atá cláraithe faoin Acht
um Shláinte (Tithe Altrachta) 1990.
Má chónaíonn tú in áitreabh atá roinnte idir áit chónaithe agus áit
ghnó ní tharscaoiltear ach an fáltas a bhaineann leis an áit chónaithe.
Ioncam ó thuillimh
Is féidir leat a bheith páirteach i bhfostaíocht athshlánúcháin agus
suas le €120 glan sa tseachtain a thuilleamh agus ní rachaidh sé i bhfeidhm
ar d’íocaíocht. Séard is brí le tuillimh ghlana olltuillimh ÁSPC,
ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn. Caithfidh tú fógra
a thabhairt ón Roinn Coimirce Sóisialaí sula ndeánann tú obair ar bith.
Ní ghlacfar 50% de thuillimh idir €120 agus €350 san áireamh i
dtástáil acmhainne an Liúntais Mhíchumais.
Caithfidh aon tuillimh, áfach, de bhreis ar €350 a mheasúnú mar ioncam
i dtástáil acmhainne.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad faoi na
híocaíochtaí míchumais agus obair.
Íocaíochtaí do chleithiúnaithe
Má tá tú pósta nó ag cónaí le duine mar fhear céile agus bean
chéile, d'fhéadfá a bheith i dteideal liúntais dóibh mar do dhuine fásta
cáilithe. Má tá leanaí cleithiúnacha agat, d'fhéadfá liúntas breise a
fháil chomh maith.
Má tá leanaí ag cónaí leat agus go bhfuil tú singil, gur baintreach
tú nó go bhfuil tú idirscartha, d'fhéadfá liúntas a fháil don duine atá
ag tabhairt cúraim do do leanbh/leanaí, chomh fada agus go bhfuil an duine 16
bliana d'aois nó os a chionn ag cónaí leat agus á t(h)acú agat.
Ioncam ó thuillimh do chéile/pháirtí
Má oibríonn do chéile/pháirtí, is féidir leis seo tionchar a bheith
aige ar do Liúntas Míchumais.
Ón 26 Meán Fómhair 2007, tá tuillimh do chéile/pháirtí measúnaithe
mar a leanas:
Is éard atá i dtuilleamh seachtainiúil ná an t-olltuilleamh lúide ÁSPC,
aoisliúntas agus dleachtanna ceardchumainn.
Baintear €20 in aghaidh an lae (suas le huasmhéid €60) as
meántuilleamh seachtainiúil do chéile/pháirtí agus déantar 60% den
fhuílleach a mheasúnú mar acmhainní seachtainiúla. Déantar na hacmhainní
seachtainiúla a asbhaint ansin ó chomhiomlán do ráta pearsanta Liúntais
Míchumais (LM) agus an Méadú uasta do Dhuine Fásta Cáilithe.
Má bhí LM á fháil agat roimh 26 Meán Fómhair 2007 agus go bhfuil tú
fós ag fáil íocaíochta ar an 26 Meán Fómhair, déanfar tuillimh do
chéile/pháirtí a mheasúnú faoin measúnú maoine nua chun fáil amach an
bhfuil tú níos fearr as. Má bhí níos mó LM á fháil agat ar an measúnú
roimhe seo, leanfar leis an measúnú ag baint leasa as modh ríofa na
n-acmhainní ó fhostaíocht roimhe seo.
Má tá acmhainní do chéile/pháirtí athraithe ar chúis ar bith ón 26
Meán Fómhair 2007, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhodh ríofa na
n-acmhainní ó fhostaíocht roimhe seo.
Conas a dhéantar measúnú sláinte orm?
Ba chóir gurb é do dhoctúir féin a chomhlánaíonn an tuairisc leighis,
atá mar chuid den fhoirm iarratais ar do riocht sláinte. Déanann ceann de
Mheasúnóirí Leighis na Ranna athbhreithniú deisce ar an tuairisc seo. Is
dochtúir cláraithe é an Measúnóir Leighis.
Rataí
Ráta seachtainiúil (i 2016 agus roimh 15 Márta 2017)
| Ráta Pearsanta |
Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
Méadú do gach Leanbh Incháilithe |
| €188.00 (uasráta) |
€124.80 (uasráta) |
€29.80 (ráta iomlán)
€14.90 (leath-ráta)
|
Ráta seachtainiúil (ó 15 Márta 2017)
| Ráta Pearsanta |
Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe |
Méadú do gach Leanbh Incháilithe |
| €193.00 (uasráta) |
€128.10 (uasráta) |
€29.80 (ráta iomlán)
€14.90 (leath-ráta)
|
Má tá tú pósta nó má mhaireann tú in éineacht le duine faoi mar gurb
eisean/ise d'fear nó do bhean chéile, agus má cháilíonn an bheirt agaibh i
gcomhair Liúntas Míchumais, geobhaidh gach duine agaibh ráta pearsanta
seachtainiúil den Liúntas Míchumais.
Má cháilíonn tusa nó do chéile nó do pháirtí i gcomhair Liúntas
Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil ag an té
eile, geobhaidh gach duine agaibh an ráta pearsanta seachtainiúil dá
(h)íocaíocht féin.
Cá háit a ndeánfaidh mé
iarratas?
Rannóg an Liúntas Míchumais
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil: (043) 334 0000 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 43 334 0000)
Lóghlao: 1890 92 77 70 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
An Rannóg Athbhreithnithe agus Measúnaithe Leighis
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: (01) 673 2482 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 1 673 2482)