Eolas
Íoctar Sochar Cúramóra le daoine le hárachas in Éirinn a fhágann an
líon saothair chun aire a thabhairt do dhuine nó do dhaoine ar ghá cúram
lánaimseartha a thabhairt dóibh.
Féadfaidh tú Sochar Cúramóra do thréimhse 104 seachtain san iomlán i
gcás gach duine a bhfuil tú ag déanamh cúram dó nó di. Is féidir é seo
a éileamh mar thréimhse leanúnach amháin nó ina chodanna de thréimhsí
éagsúla a bheidh 104 seachtain iontu san iomlán. Má éilíonn tú Sochar
Cúramóra i gcás tréimhse níos lú ná sé seachtaine leanúnacha i
dtréimhse ar bith ní mór duit fanacht sé seachtaine eile sula n-éilíonn
tú Sochar Cúramóra chun cúram a thabhairt don duine céanna arís.
Más rud é go bhfuil tú ag tabhairt cúram do bhreis agus duine amháin,
féadfaidh tú íocaíocht a fháil ar feadh 104 seachtain i gcás gach duine
acu. Féadfaidh na tréimhsí cúraim forluí ar a chéile nó a bheith i
gcomhthráth le chéile.
Íocaíochtaí i leith cúraim faoisimh
Is deontas airgid thirim é an Deontas Cúraim Faoisimh a íoctar le
cúramóirí. Is féidir le cúramóirí an deontas a úsáid pé slí ar mian
leo. Bíonn na híocaíochtaí bhliantúla i leith cúraim faoisimh iníoctha
ar an gcéad Déardaoin i Meitheamh gach bliain. Léigh tuilleadh faoi chúram
faoisimh anseo.
Saoire cúramóra
Comhlánaíonn an ceart atá agat maidir le cearta cúramóra
um shaoire ó fhostaíocht Scéim Sochar Cúramóra maidir le saoire.
Tugann saoire cúramóra cead d'fhostaithe an fhostaíocht atá acu a fhágáil
go sealadach ar feadh tréimhse nach mó ná 104 sheachtain chun cúram
lánaimseartha a thabhairt do dhaoine a bhfuil gá acu le cúram agus aire
lánaimsire. Ní íocfar iad le linn na saoire seo ach i gcás na ndaoine ar
mhian leo saoire chúramóra a ghlacadh coinneofar a jabanna in áirithe dóibh
ar feadh na saoire. Ní gá go mbeifeá i dteideal Sochar Cúramóra a fháil
le bheith i dteideal saoire cúramóra a bheith agat.
Más dóigh leat gur diúltaíodh Sochar Chúramóra go héagórach duit nó
mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa
Shóisialaigh faoi na teidlíochaí atá agat, tá sé de rogha agat achomharc a
dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo.
Rialacha
D'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cúramóra a fháil:
- Má tá tú 16 bliana d'aois agus faoi bhun 66
- Má bhí tú fostaithe ar feadh ocht seachtain i rith an 26 seachtain
sular oibrigh tú mar chúramóir. Ní mór duit 16 uaire oibre a bheith
déanta agat in aghaidh na seachtaine nó 32 uaire in aghaidh na coicíse.
Ní gá duit an choinníoll seo a chomhlíonadh má bhí Sochar Cúramóra
á fháil agat i rith an 26 seachtain roimhe seo.
- Má d'éirigh tú as obair le bheith i do chúramóir lánaimsire. Is
éard is brí le bheith i do chúramóir lánaimsire ná a bheith i do
chónaí le duine (nach bhfuil ag cur faoi nó fúithi in institiúid) a
bhfuil cúram agus aire lánaimsire ag teastáil uaidh nó uaithi nó go
bhfuil sé ar do chumas iad sin a thabhairt don té sin.
- Níl tú ag cur fút in ospidéal, i dteach téarnaimh nó in institiúid
dá leithéid. Áfach, má fhaigheann tú nó an duine a thugann tú aire
dó/dí cóireáil leighis in ospidéil ar feadh 13 seachtain nó níos
lú, glactar leat bheith ag tabhairt cúram agus aire lán aimseartha.
- Ní mór duit coinníollacha Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa a
shásamh
- Ní mór don duine sin atá faoi do chúram agat a bheith chomh
míchumasaithe sin go bhfuil cúram lánaimsire riachtanach dó nó di agus
nach bhfuil an té sin ag cur faoi nó fúithi in institiúid. Ní mór
teastas dochtúra a sholáthar. Níl teastas dochtúra riachtanach má tá
Liúntas
Chúram sa Teaghais á íoc ag Limistéar de chuid Feidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte i leith linbh. Ní gá gurbh é nó í an
cúramóir an duine a fhaigheann an Liúntas Chúram sa Teaghais thar
cheann an linbh.
- Ní féidir leat a bheith ag obair mar fhostaí nó féinfhostaithe ar
feadh breis agus 15 n-uaire sa tseachtain. Is é an t-uasmhéid gur féidir
leat a thuilleamh in aghaidh na seachtaine ná €332.50. (Is é €332.50
do ghlanioncam tar éis duit do cháin ioncaim agus an Muirir Sóisialta
Uilíoch, PRSI, aoisliúntas (íocaíochtaí pinsin), éileamh pinsin,
costais cheardchumainn, an phréimh árachais sláinte agus do shíntiúis
chuig Cumainn Chairdiúla ó d'íocaíocht iomláin.)
Coinníollacha maidir le híocaíochtaí Árachais Shóisialaigh
Phá-Choibhneasa
Ní mór duit 156 ranníocaíocht ar a laghad a bheith déanta agat ón am a
chuaigh tú isteach sa scéim árachais go dtí an t-am a dhéanann tú an
t-iarratas ar Shochar Chúramóra, agus
- 39 ranníocaíocht a bheith déanta agat sa Bhliain Chánach iomchuí,
nó
- 39 ranníocaíocht déanta sa tréimhse 12 mí sular thosaigh an Sochar
Cúramóra, nó
- 26 ranníocaíocht déanta sa Bhliain Chánach Iomchuí agus 26
ranníocaíocht sa bhliain roimhe sin.
Ní féidir ach amháin ranníocaíochtaí ag Aicme ÁSPC A, B, C, D, E agus
H a chur san áireamh i dtreo Sochair Cúramóra.
Ní chuirtear Aicme S (ranníocaíochtaí féinfhostaithe) san áireamh.
Is í an dara bliain iomlán cánach deireanach roimh an mbliain ina
ndéanann tú d'éileamh an Bhliain Chánach Iomchuí, mar shampla, is í 2013
an Bhliain Chánach Iomchuí i gcás éilimh a dhéantar i 2015.
D'fhéadfaí tréimhsí árachais a críochnaíodh i mballstát eile de
chuid an AE a chur san áireamh, chun na coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC
a chomhlíonadh. Is gá gur íocadh an tseachtain dheireanach oibre d'árachas
íoctha in Éirinn.
Tabharfar íocaíochtaí curtha do shochar (creidmheasanna) duit
gan iad a iarradh i gcás na tréimhse sin ina bhfuil tú ag fáil Sochar
Cúramóra. Tugtar creidmheasanna ar an ráta céanna leis an ranníocaíocht
dheireannach a rinne tú. Cinnteoidh na creidmheasanna seo nach gcaillfidh tú
teidlíocht do shochar leasa shóisialaigh ná do phinsin amach anseo.
Leanaí cleithiúnaithe
Féadfaidh tú méadú a éileamh i leith linbh atá faoi bhun 18, atá ina
c(h)ónaí leat de ghnáth más tusa a bhíonn á c(h)othú. Má tá leanbh ag
fáil oideachais lánaimsire lae i scoil nó i gcoláiste aitheanta tá an
méadú seo iníoctha go deireadh na bliana acadúla sin ina shroicheann an
leanbh aois a 22. (Ní gá don leanbh a bheith ag cur faoi nó fúithi sa
bhaile. Tá an méadú i leith leanaí cleithiúnacha iníoctha is cuma má
bhíonn tú singil, i do bhaintreach , scartha ó do chéile nó más
páirtnéir sibhialta tú nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an páirtnéir
sibhialta eile. Tá leath den mhéadú i leith Leanaí Cleithiúnacha iníoctha
má tá tú ag maireachtáil le do chéile/páirtnéir
sibhialta/comhchónaitheoir. Má tá íocaíocht á fháil ag do
chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir ón Roinn Coimirce Sóisialaí,
gheobhaidh an bheirt agaibh araon leath den Mhéadú i leith Leanaí
Cleithiúnacha.
Ó 5 Iúil 2012, más ioncam do chéile, páirtnéir sibhialta ó
comhchónaitheoir níos mó ná €400 in aghaidh na seachtaine, ní féidir
leat an méadú i leith leanaí cleithiúnacha iníoctha le do Shochar
Cúramóra a éileamh a thuilleadh.
Impleachtaí cánacha
Is foinse ioncaim incháinithe é seo agus ba chóir duit é sin a chur in
iúl do d'oifig chanach
áitiúil.
Leanúint ar aghaidh le híocaíocht tar éis báis
Má tharlaíonn sé go bhfaigheann an duine a bhfuil tú ag tabhairt cúram
dó nó di bás íocfar an Sochar Cúramóra duit go ceann 6 seachtain i
ndiaidh a b(h)ás. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Deontas Méala iníoctha
leat freisin. Léigh tuilleadh faoi Dheontais
Mhéala anseo.
Rátaí
Rátaí ó 16 Márta 2017
| Sochar |
Rataí seachtainiúil |
| Dea-chroíoch duine 1 |
€210.00 |
| Dea-chroíoch duine 2 |
€315.00 |
| Méadú do gach leanbh
cáilithe |
€29.80 (ráta iomlán), €14.90
(leath-ráta) |
Ní hann d’aon teidlíocht ar Phacáiste na Sochar don Líon Tí ná do
Shaorthaisteal faoi Scéim an tSochair Chúramóra.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir cóip den fhoirm a bhaineann
le Sochar Cúramaí a íoschóipeáil agus a chomhlánú i bhfoirm ag an
suíomh (pdf). Tá an fhoirm seo (CARB1) ar fáil freisin ón Ionad Intreo
nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó ón Rannóg Shochair Chúramaí,
(breathnaigh thíos faoin mír cén áit le hiarratas a dhéanamh). Molann an
Roinn Coimirce Sóisialaí go ndéanfaidh tú iarratas ar Shochar Cúramóra 10
seachtaine sula mbeidh tú ag fágáil do phost.
Ba cheart duit codanna 1, 2, 3 ,5, 6, 7 agus 8 a chomhlánú. Ba cheart do
do fhostóir cuid a 4 a chomhlánú, a shíniú agus a stampáil. Ba cheart don
duine (na daoine) atá faoi do chúram cuid a 10 a chomhlánú agus ba cheart
dá d(h)ochtúir an Tuairisc Leighis a chomhlánú, a shíniú agus a
stampáil.
Tá cearta dleathúla tábhachtacha ag Cúramaithe faoi dhlí na hÉireann.
Má cheapann tú go bhfuil do chuid cearta cúramaí sáraithe, is féidir gearán a
dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais faoin Acht um Shaoire
Chúramaí, 2001 (pdf).
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Chun tuilleadh eolais faoi Shochar Chúramóra a fháil téigh i dteagmháil
le d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó:
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Rannóg an tSochair Cúramóra
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha an Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Tá tuilleadh eolais faoi shaoire churamóra ó fhostaíocht ar fáil ó:
Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre
Seirbhíse Faisnéise agus Custaiméara
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 W7W2
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Facs:(059) 917 8909
Láithreán Gréasáin: https://www.workplacerelations.ie/en/
Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
Teach Lansdún
Bóthar Lansdún
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:(01) 613 6700
Lóghlao:1890 22 02 27
Láithreán Gréasáin: https://www.workplacerelations.ie/en/