Cur Chuige níos Cuimsithí i leith Fostaíochta
Tá roinnt tacaíochtaí agus liúntais phraiticiúla ar fáil do do chuideachta chun cabhrú go réamhghníomhach go nglacfaidh daoine atá faoi mhíchumas páirt sa lucht saothair. Murar fhostaigh tú duine atá faoi mhíchumas roimhe seo, nó más mian leat fostaí a choimeád a bhfuil lagú nó galar air/uirthi, féadfaimid an cistiú a sholáthar chun cabhrú leat é seo a dhéanamh. Féadfaidh fostóirí fáil a bheith acu ar na tacaíochtaí a leanas:
- An tSeirbhís EmployAbility
- An Scéim Fóirdheontas Pá
- An Ciste Freastail Réasúnta chun Daoine atá faoi Mhíchumas a Fhostú, ina bhfuil an Deontas um Threalamh agus Oiriúnú Ionad Oibre, an Deontas Léitheoirí Pearsanta, an Deontas um Ateangaire ag Agallamh Poist agus an Deontas um Fhostaí a Choinneáil
- Scéim Tacaíocht Oiliúna um Fheasacht ar Mhíchumas