Is é is Sochar Cóireála ann ná scéim a fhéadfaidh
ligean duit cáiliú dóibh seo a leanas:
- Sochar na bhFiacla
- Sochar na Súl
- Lionsaí Tadhaill (ar chúiseanna leighis)
- Áiseanna Éisteachta.
Sochar na bhFiacla
Cuimsíonn Sochar na bhFiacla scrúdú agus fáthmheas ar na fiacla.
Tabhair faoi deara:
Féadfaidh tú Sochar na bhFiacla a fháil i leith
scrúduithe a dhéanfar i mballstáit eile den
Aontas Eorpach (AE). Déan teagmháil le
Rannóg an tSochair Chóireála sula
dtaistealóidh tú, chun foirm iarratais agus
sonraí de na méideanna a íocfaidh an Roinn a
fháil.
Sochar na Súl
Ní chuimsíonn Sochar na Súl ach scrúdú ar na súile*.
* Ní íocann an Roinn as an gcostas a bhaineann le scrúdú ar na
súile i dtaca le haonaid fístaispeána (VDU) amhail ríomhairí
nó i dtaca le ceadúnais tiomána.
Tabhair faoi deara:
Féadfaidh tú Sochar na Súl a fháil i leith
scrúduithe ar na súile a dhéanfar i mballstáit
eile den AE. Déan teagmháil le Rannóg an
tSochair Chóireála sula dtaistealóidh tú, chun
foirm iarratais agus sonraí de na méideanna a
íocfaidh an Roinn a fháil.
Lionsaí Tadhaill
Má tá gá agat le lionsaí tadhaill ar chúiseanna leighis,
íocfaidh an Roinn as suas le leath an chostais, faoi réir
ranníocaíochta seasta uasta, ar chuntar go mbeidh moladh ó
dhochtúir agat.
Tabhair faoi deara:
Féadfaidh tú sochar a fháil i leith lionsaí
tadhaill a cheannófar i mballstáit eile den AE,
ar chuntar go mbeidh gá leis na lionsaí ar
chúiseanna leighis. Déan teagmháil le Rannóg
an tSochair Chóireála sula dtaistealóidh tú,
chun foirm iarratais agus sonraí de na
méideanna a íocfaidh an Roinn a fháil.
Áiseanna Éisteachta
Íocfaidh an Roinn as suas le leath an chostais a
bhainfidh le háis éisteachta nó le deisiú ar áis
éisteachta, faoi réir ranníocaíochta seasta uasta €500 i
leith áise amháin agus €1,000 má tá gá agat le dhá áis.
Sula gceannófá d’áis éisteachta ba chóir duit deimhin
a dhéanamh de gurb eol duit an méid a chaithfeá a
íoc de bhreis ar do dheontas.
Is féidir an deontas seo a íoc le duine ag a bhfuil na
ranníocaíochtaí ÁSPC is gá nó le cleithiúnaí aosaithe
an duine sin.
Is féidir leat liosta cuideachtaí seirbhísí éisteachta a
fháil ar ár láithreán gréasáin www.welfare.ie. Is féidir
leat do dheontas áise éisteachta a úsáid má cháilíonn
tú nuair a cheannaíonn tú áiseanna éisteachta uathu.
Tabhair faoi deara:
Féadfaidh tú sochar a fháil i leith áise(anna)
éisteachta a cheannófar i mballstáit eile den
AE. Déan teagmháil le Rannóg an tSochair
Chóireála sula dtaistealóidh tú, chun foirm
iarratais agus sonraí de na méideanna a
íocfaidh an Roinn a fháil.