Tugadh tiomantas sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, Bealtaine 2016, chun Íocaíocht nua do Theaghlach i bhFostaíocht a thabhairt isteach.
Ba cheart go mbainfeadh an dá eochairphrionsabal seo a leanas mar bhonn faoin Íocaíocht mholta do Theaghlach i bhFostaíocht-
- Luach Saothair don Obair,
- Dul i ngleic le Bochtaineacht Leanaí.
Is ionann an cur chuige dá réir chun;
- Díriú go sonrach ar theaghlaigh ar ioncam íseal,
- An obair a chur chun cinn thar an leas sóisialach trí ioncaim teaghlaigh a fhorlíonadh, ar bhunús céimnithe, agus dreasacht á tabhairt do níos mó oibre ag an am céanna,
- Ról ríthábhachtach a fheidhmiú chun cúnamh le teaghlaigh chun fanacht san obair, chun dreasacht a thabhairt dóibh ag aistriú ón leas sóisialach chuig an obair, agus chun baol na bochtaineachta do theaghlaigh a laghdú.
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara I ndáil leis an gcur chuige seo chun dearadh Íocaíochta Teaghlaigh i bhFostaíocht a mhúnlú.
Ba cheart go dtaiscfí do mholtaí, tuairimí agus aighneachtaí, trí ríomhphost chuig WFPConsult@welfare.ie nó trí phost chuig Beartas um Aois Oibre agus Ioncam Leanaí, Áras Mhic Diarmada, Sráid Stórais, Baile Átha Cliath 1.
Tabhair faoi deara go bhféadfar gach aighneacht agus tuairim a thaisctear leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun na críche sin a scaoileadh saor faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí sleachta as aighneachtaí a lua ina tuairiscí, agus cumfaidh sí liosta d’ainmneacha na ndaoine a rinne aighneachtaí.
Caithfear aighneachtaí a fháil faoi 5 i.n. 10 Márta 2017.