An Bord um Faisnéis do Shaoránaigh
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) freagrach as tacú le soláthar seirbhísí faisnéise, comhairle agus abhcóideachta a bhaineann le seirbhísí agus le teidlíochtaí sóisialta.
Cuimsítear gach ceapachán a dhéanann an tAire agus na forálacha reachtaíochta a rialaíonn ballraíocht an BFS agus in Acht na Comhairle, 2000 agus san Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh, 2007. Foráiltear sa reachtaíocht an méid a leanas:
- Beidh cúigear déag comhaltaí sa Bhord;
- Ainmneofar comhalta amháin den Bhord ina chathaoirleach;
- Ní sháróidh tréimhse na ballraíochta cúig bliana;
- Áireofar le comhaltaí an Bhoird oifigeach amháin den Aire, triúr comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas agus comhalta amháin d’fhoireann an Bhoird;
- Beidh líon nach lú ná seisear comhaltaí den Bhord baineann agus beidh líon nach lú ná seisear fireann.
Foráiltear sa reachtaíocht, chomh maith, go mbeidh comhalta den Bhord a n-éagann a t(h)réimhse bhallraíochta le himeacht ama (éag téarma cúig bliana) incháilithe d’athcheapadh mar chomhalta den Bhord. Rinneadh an ceapachán deireanach leis an mBord i Meitheamh 2015.
An tÚdarás Pinsean (an Bord Pinsean go foirmiúil)
Comhlacht rialála is ea an tÚdarás Pinsean a oibríonn faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí agus is é ról reachtúil an Údaráis chun monatóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar oibriú Acht na bPinsean, 1990.
Soláthraíonn board de thriúr daoine maoirseacht ar an Údarás Pinsean. Cuimsítear an méid a leanas ann seo:
- An tUasal Jane Williams mar chathaoirleach an Údaráis
- An tUasal Anne Vaughan, an Leas-Rúnaí sa Roinn Coimirce Sóisialaí, a dhéanann ionadaíocht don Aire Coimirce Sóisialaí
- An tUasal Ann Nolan, an Dara Rúnaí sa Roinn Airgeadais, a dhéanann ionadaíocht don Aire Airgeadais.
Táthar tar éis ról POF an Bhoird Phinsean a athainmniú anois mar an Rialtóir Pinsean, agus leanann an tUasal Brendan Kennedy leis an ról sin a chomhlíonadh.
Tháinig na hathruithe seo i bhfeidhm an 6 Márta 2014.
An Binse Leasa Shóisialaigh
Comhlacht reachtúil is ea an Binse Leasa Shóisialaigh a bunaíodh i 1982 chun déileáil le cásanna ina ndiúltaítear teidlíocht do Shochar Cuardaitheora Poist nó do Chúnamh Cuardaitheora Poist mar gheall ar bhaint a bheith ag duine i ndíospóid trádála.
Foráiltear in Ailt 331 go 333 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 an reachtaíocht a rialaíonn oibriú an Bhinse Leasa Shóisialaigh.
Tá Cathaoirleach agus ceathrar gnáthchomhalta, beirt chomhaltaí a ainmníonn Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) agus beirt chomhaltaí a ainmníonn eagraíocht a dhéanann ionadaíocht d’fhostóirí sa Bhinse. Ceapann an tAire Coimirce Sóisialaí gach comhalta ar feadh téarma trí bliana.
Ballraíocht reatha an Bhoird