Tacaíonn an Rannán um Chuimsiú Sóisialta le roinnt tionscnamh um chuimsiú sóisialta. Ina measc tá:
Taispeántas Bliantúil na Nuálaithe Sóisialta Óga
Rinne an Rannán um Chuimsiú Sóisialta sa Roinn Coimirce Sóisialaí urraíocht ar an dámhachtain ‘Ár dTír a dhéanamh níos Uilechuimsithí agus Saor ó Bhochtaineacht’ le haghaidh Thaispeántas Bliantúil na Nuálaithe Sóisialta Óga le roinnt blianta anuas. Ba ionann an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2012 agus €15,000.
Náisiún Aontaithe um Dhíothú na Bochtaineachta 17 Deireadh Fómhair
Ó 1992 i leith, tá aitheantas tugtha ag na Náisiúin Aontaithe don 17 Deireadh Fómhair mar Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta. Gach bliain tacaíonn Rannán um Chuimsiú Sóisialta na Roinne Coimirce Sóisialaí le tionscnamh beag chun feasacht phoiblí a ardú ar mhaithe le feasacht a chur chun cinn faoin Lá. Bhí buiséad imlíneach de €30,000 ar fáil don tionscnamh áirithe sin in 2012.
Bia Fholláin do Chách
Tugann an Roinne Coimirce Sóisialaí, tríd a Rannán um Chuimsiú Sóisialta (SID), tacaíocht do HFfA chun pleananna forbartha a chur i bhfeidhm atá in ann luach a chur le hinfheistíocht reatha an Rialtais i gClár Béilí na Scoileanna m.sh. clubanna bricfeasta agus tionscnaimh bhia pobalbhunaithe le haghaidh grúpaí ar ioncam íseal.