Clár na mBéilí Scoile
Oibríonn an Roinn Coimirce Sóisialaí Clár Béilí Scoile a sholáthraíonn cistiú chun seirbhísí bia a sholáthar do leanaí scoile faoi mhíbhuntáiste trí dhá cheann de scéimeanna:
- Scéim Uirbeach na mBéilí Scoile ar scéim reachtach í le haghaidh bunscoileanna a oibríonn údaráis áitiúla agus a pháirtchistíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí.
- Scéim Béilí Scoile na dTionscadal Áitiúil a sholáthraíonn cistiú díreach ón Roinn Coimirce Sóisialaí do bhunscoileanna, d'iar-bhunscoileanna agus do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí deonacha áitiúla a oibríonn a dtionscadail béilí scoile féin.
Buntáistí Chlár na mBéilí Scoile
Féachann Clár na mBéilí Scoile le bia rialta cothaitheach a sholáthar do leanaí nach bhfuil ar a gcumas, ar chúiseanna easpa bia shláintiúil, lántairbhe a bhaint as an oideachas a chuirtear ar fáil dóibh. Tá sé léirithe ag taighde go mbíonn tionchar chun donais ag cothú neamhleordhóthanach ar chumas leanaí dul i mbun foghlama agus tairbhiú den oideachas. Is féidir le dea-chothú feabhas a chur ar chumas leanaí díriú ar ábhar, iompar suaiteach a mhaolú agus leanaí a mhisniú chun teacht ar scoil. Comhpháirt thábhachtach is ea Clár na mBéilí Scoile de bheartais a fhéachann le tinreamh agus gnóthachtáil scoile a fheabhsú i measc leanaí, go háirithe iad siúd ar ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste iad.
Scéim Uirbeach na mBéilí Scoile
Rialacha
Cúlra
Tugadh Scéim na mBéilí Scoile isteach den chéad uair sa bhliain 1914 ar feadh tréimhse dhá bhliain mar bheart roghnach sealadach i ndiaidh Stailc Mhór na bliana 1913. Baineadh an uasteora dhá bhliain agus aistríodh rialú na scéime ar deireadh ón Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Phoiblí chuig an Aire Leasa Shóisialaigh sa bhliain 1947.
Reachtaíocht
Cumasaíonn Ailt 273 go 279 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 do chomhairlí contaebhuirge, comhairlí ceantair baile agus coimisinéirí baile socruithe a dhéanamh chun béilí a sholáthar do leanaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna ina limistéir agus, i gcásanna áirithe, lasmuigh dá limistéir. Níl aon oibleagáid dlíthiúil ar údaráis áitiúla an tseirbhís seo a sholáthar.
Ról na Roinne/Cistiú
Níl aon fheidhm ag an Roinn maidir le cláir bhéilí scoile a thionscnamh sna scoileanna. Is é ról na Roinne Coimirce Sóisialaí údaráis áitiúla a athchistiú agus rannpháirtíocht sa scéim a cheadú.
Féadfaidh údaráis áitiúla aisíocaíocht a fháil de 50% dá gcaiteachas ar sholáthar béilí scoile do pháistí cáilithe. Clúdaíonn údaráis áitiúla na costais riaracháin ar fad.
Conas iarratas a dhéanamh/Eolas breise
Cuir glao ar Rannóg na mBéilí Scoile nó ar d'údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.
Scéim Béilí Scoile na dTionscadal Áitiúil
Soláthraíonn Scéim Béilí Scoile na dTionscadal Áitiúil cistiú díreach le bunscoileanna, meánscoileanna, grúpaí agus eagraíochtaí deonacha áitiúla, i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon, a oibríonn a dtionscadal béilí scoile féin. Bunaíodh an scéim chun cabhrú le tionscadail béilí scoile atá ag feidhmiú lasmuigh den Scéim Béilí Scoile Uirbeach reachtach .
Rialacha
Cé a cháilíonn le bheith páirteach?
Caithfear tionscadail a dhíriú ar cheantair faoi mhíbhuntáiste nó ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tugtar tús áite ó thaobh cistithe de i láthair na huaire do scoileanna atá mar chuid de thionscnamh na Roinne Oideachais agus Scileanna do scoileanna faoi mhíbhuntáiste, “Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh” (DEIS). Ach níl aon teidlíocht uathoibríoch ar chistiú agus breithnítear gach iarratas i bhfianaise an bhuiséid atá ar fáil don scéim. Ní chuirfear cistiú ar fáil ach do thionscadail atá ann cheana féin agus a bhfuil inmharthanacht leanúnach léirithe acu.
Cad a chlúdaíonn an cistiú?
Is do bhia amháin an cistiú a chuirtear ar fáil faoin scéim seo, agus ní mór don bhia sin a bheith ar chaighdeán oiriúnach agus luach oiriúnach cothaithe a bheith ann, agus é réitithe agus ite i dtimpeallacht chuí.
Is iad grúpaí áitiúla agus scoileanna a oibríonn na tionscadail a chinneann cineál agus raon na mbéilí a chuirfear ar fáil, chomh maith leis an modh ar a n-ullmhófar iad agus an tslí a chuirfear na béilí ar fáil.
Rátaí
Bunaítear an cistiú faoi Scéim Béilí Scoile na dTionscadal Áitiúil ar ráta íocaíochta in aghaidh an bhéile, in aghaidh an linbh, sa lá. Seo a leanas na rátaí reatha íocaíochta:
Cistiú faoi Scéim Tionscadal Áitiúil na mBéilí ScoileBéile |
Uasráta íocaíochta (in aghaidh an linbh sa lá) |
Samplaí den bhia a chuirfear ar fáil |
Bricfeasta/Sneaic |
€0.60 |
Gránach, tósta, sconna, toradh, iógart, bainne, sú - Ní mór dhá mhír a sholáthar |
Lón |
€1.40 |
Ceapaire/rollóg líonta nó anraith & rollóg nó pláta sailéid, móide 2 mhír eile (m.sh. bainne, sú, toradh, iógart) |
Dinnéar |
€1.90 |
Feoil, prátaí & glasraí nó curaí sicín nó spaghetti Bolognese móide deoch (bainne, sú, uisce) |
Conas iarratas a dhéanamh
Cathair ar chóir iarratas a dhéanamh?
Ar bhonn scoilbhliana a chuirtear cistiú ar fáil. Ní mór iarratas a dhéanamh ar chistiú gach bliain. Níor mhór iarratais a chur isteach roimh thús na scoilbhliana.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór iarratais ar chistiú a dhéanamh ar fhoirm iarratais na Roinne Coimirce Sóisialaí do Scéim Béilí Scoile na dTionscadal Áitiúil. Ní mór iarratas a dhéanamh maidir le gach club bia atá i bhfeidhm agat. Mar shampla, má tá club bricfeasta agus club lóin ag scoil, ní mór dhá iarratas ar leith a dhéanamh.
Déan Teagmháil Linn
Béilí Scoile
Rannóg SWA
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Guthán: 071 9157100 nó 071 9138638 nó 071 9138625