Rátaí ranníocaíochta ÁSPC agus treoir don úsáideoir 2016 - SW14
Inneachar an leathanaigh
Athruithe ar ÁSPC ó 1 Eanáir 2016
ÁSPC an Fhostóra
- Méadófar an tairseach in Aicme A ó thaobh an ráta 10.75% d’ÁSPC an fhostóra a ghearradh ó €356
go €376.
- Níl aon athrú ar rátaí ÁSPC an fhostóra i dtaca le hAicmí ÁSPC eile.
ÁSPC Aicme A an Fhostaí
- Fanann ráta ÁSPC Aicme A 4% an fhostaí gan athrú.
- I dtaca le holltuilleamh idir €352.01 agus €424, déantar méid an mhuirir ÁSPC ar 4% a laghdú
faoi Chreidmheas ÁSPC seachtainiúil barrchaolaithe nua.
- Tá feidhm ag an gCreidmheas ÁSPC seachtainiúil uasta €12.00 maidir le holltuilleamh
seachtainiúil €352.01.
- I dtaca le holltuilleamh os cionn €352.01, déantar an Creidmheas ÁSPC seachtainiúil uasta
€12.00 a laghdú faoi shéú den tuilleamh seachtainiúil de bhreis ar €352.01.
- Níl aon Chreidmheas ÁSPC an túisce a théann olltuilleamh seachtainiúil thar €424.
- Chun an Creidmheas ÁSPC a chur san áireamh in Aicmí A agus H, athraítear na tairseacha i
dtaca le fo-aicmí áirithe in Aicme A agus in Aicme H.
Last modified:21/01/2016