Eolas
Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST) dírithe ar fheirmeoirí agus ar
iascairí ar ioncam íseal. Chun a bheith i dteideal an SST ní mór duit a
bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar chúiteamh ar seo,
soláthróidh siad siúd atá páirteach sa scéim seirbhísí áirithe atá
chun tairbhe na bpobal tuaithe.
Go náisiúnta, coimeádann an Roinn Coimirce Sóisialaí freagracht iomlán
do pholasaí maidir leis an scéim, critéir incháilitheachta san áireamh.
Déanann an Roinn monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéime agus tacaíonn
sí le forais éagsúla a bhainistíonn an scéim go háitiúil. D'fhéadfadh
an Roinn aon scéim SST a iniúchadh agus cuairt a thabhairt ar thionscadail ar
bith. Ag leibhéal áitiúil, bainistíonn Údarás na Gaeltachta an scéim i
limistéir Ghaeltachta, agus bainistíonn na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla
an scéim in áiteanna eile.
Cén cineál oibre a dhéanann siad siúd a bhíonn páirteach sa
scéim?
I measc na gcineálacha oibre a dhéanann rannpháirtithe na SST, tá:
- Na bealaí éagsúla siúlóide a chothabháil agus a fheabhsú (Is é
sin, slite slímharcáilte, siúlóidí comhaontaithe) agus bóithre
portaigh
- Obair chaomhnaithe fuinnimh do sheanóirí agus iad siúd atá in mbaol
bochtaineachta
- Tionscadail feabhsúcháin sráidbhailte agus tuaithe
- Cúram sóisialta agus cúram do sheanóirí, cúram pobail do ghrúpaí
réamhscoile agus iarscoile araon
- Obair chothabhála timpeallachta - cothabháil agus airíochas ar
áiseanna pobail agus spóirt
- Tionscadail maidir le hionaid cultúrtha agus oidhreachta gan beann ar
bhrabús
- Obair riaracháin nó cléireachais pobail
Cé mhéid uaireanta oibre atá i gceist agus cé chomh fada agus a
mhaireann an scéim?
Oibríonn rannpháirtithe ar feadh 19.5 uair in aghaidh na seachtaine. Tá
na huaireanta seo bunaithe ar sceideal atá soláimhsithe don
iascaire/feirmeoir. Tá sé amhlaidh le cinntiú nach gcuireann
rannpháirtíocht sa scéim isteach ar d'fheirmeoireacht/iascaireacht. Má
ghlactar tú ar an scéim, tairgfear conradh duit ar feadh tréimhse tosaigh.
Leanann an tréimhse tosaigh ón dáta a thosaíonn tú ar an scéim go dtí an
31 Márta ina dhiaidh sin. Ag deireadh an chonartha tosaigh seo, is féidir go
nglacfar tú ar an scéim ar feadh tréimhse breise má chomhlíonann tú
coinníollacha uile na scéime i gcónaí.
Is faoi rogha na bainistíochta áitiúila atá sé cibé an mbeidh nó nach
mbeidh d'iarratas rathúil. Cé nach bhfuil sé beartaithe go bhfanfadh aon
duine ar an scéim go buan, níl aon teorainn ama cinnte i leith
rannpháirtíochta.
Má tá tú incháilithe don scéim ach nach mian leat páirt a ghlacadh
inti, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir
cleithiúnach an áit atá ar fáil a thógáil. Cibé ar bith, tarlaíonn seo
chomh fada agus nach bhfuil ceachtar den bheirt agaibh rannpháirteach in aon
scéim chosúil eile, mar shampla, an Scéim
Fostaíochta Pobail. Feidhmíonn an Scéim Sóisialta Tuaithe go
neamhspleách ar Scéim Fostaíochta Pobail (FP).
Rialacha
Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe dírithe ar fheirmeoirí agus iascairí ar
ioncam íseal nach bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a dhéanamh, chun
ioncam breise a thuilleamh. Le bheith rannpháirteach sa scéim caithfidh tú a
bheith ag fáil i láthair na huaire:
Má tá tú i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go gníomhach, agus má
shásaíonn tú na critéir a leagtar amach thíos, d'fhéadfá bheith
cáilithe le haghaidh na scéime má tá ceann de na liúntais seo a leanas á
fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
Critéir maidir le bheith i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go
gníomhach
Critéir maidir le feirmeoirí
Caithfidh tú a chruthú go bhfuil tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach.
Chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú cóip ded' iarratas le haghaidh Scéim
na hAonÍocaíochta don bhliain reatha, a áiríonn uimhir tréada bailí,
maraon le cóip den admháil a ghabhann leis (cruthú postais oifigiúil). Má
tá tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach, ach níor chuir tú iarratas
isteach le haghaidh Scéim na hAonÍocaíochta, ba cheart duit dul i
dteagmháil le do Chuideachta Forbartha Áitiúil chun comhairle a iarraidh.
Critéir maidir le leanbh nó siblín feirmeora
Sa chás gur leanbh/deartháir nó deirfiúr le húinéir tréaduimhreach
atá ionat agus go bhfuil ar do chumas deimhniú go bhfuil tú i do chónaí
agus/nó ag obair ar an bhfeirm AGUS ag fáil ceann de na híocaíochtaí
cáilithe leasa sóisialaigh, is féidir go bhfuil tú intofa chun páirt a
ghlacadh ar SST mar gheall ar thréaduimhir do thuismitheora, do dhearthár nó
do dheirféar.
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
feirmeora
Má tá tú intofa, ach muna theastaíonn uait páirt a ghlacadh ar SST, is
féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cleithiúnach
an áit infhaighte a ghlacadh.
Cás eile: má ta ceann de na híocaíochtaí cáilithe leasa sóisialaigh
á fháil ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, agus má tá
sé/sí i mbun feirmeoireachta go gníomhach, is féidir le do
chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir do thréaduimhir a úsáid
chun cáiliú le haghaidh na scéime.
Cás eile: Is féidir le do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois
66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil
Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe á íoc i leith do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir.
Critéir maidir le hiascaire
Le gur féidir a mheas go bhfuil tú incháilithe mar iascaire d'áit i
Scéim Shóisialta na Tuaithe, caithfidh tú ceann ar bith de na catagóirí a
leanas a chomhlíonadh:
- Iascaire féinfhostaithe ar bhád iascaireachta atá iontráilte i
dTabhall na mBád Iascaireachta
- Iascaire féinfhostaithe ar eisíodh a bhád le Ceadúnas Iascaireachta
Pota. Thug an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha é seo
isteach do bháid bheaga iascaireachta cosúil le curacha, a rinne
iascaireacht go traidisiúnta do ghliomaigh agus a bhíodh gan cheadúnas
go coitianta.
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le Ceadúnas Iascaireachta
Tráchtála Bradáin ó Iascach Intíre Eireann
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le Ceadúnas Iascaireachta
Tráchtála Eascainne ó Iascach Intíre Eireann
- Iascaire féinfhostaithe a eisíodh le ceadúnas dreidireachta ó Iascach
Intíre Eireann
- Sealbhóir de cheadúnas Dobharshaothraithe eisithe ag an Roinn
Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
- Sealbhóir ar cheadúnais d'iascaireacht sliogéisc eisithe ag
Comharchumann cláraithe
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
iascaire
Is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a
ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit
(Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil Méadú do Dhuine Fásta
Cáilithe á íoc i leith do chéile.
Rataí
Braitheann na rátaí íocaíochta le haghaidh iarratasóirí nua ar an SST
ar d’íocaíocht cháilitheach ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). I
dtromlach na gcásanna, is ionann a bheidh do ráta íocaíochta SST agus
d’íocaíocht reatha móide breisiú €22.50.
Más €188 nó níos lú sa tseachtain é an íocaíocht leasa
shóisialaigh iarbhír (cleithiúnaithe san áireamh) atá á fáil agat,
gheobhaidh tú an t-íosráta seachtainiúil €210.50 (sin é €188 móide
€22.50) Más €188.01 nó níos mó sa tseachtain é an íocaíocht leasa
shóisialaigh iarbhír (cleithiúnaithe san áireamh) atá á fáil agat,
gheobhaidh tú an ráta coibhéiseach móide €22.50.
| Íocaíocht cháilitheach |
Ráta íocaíochta ón SST |
| Liúntas nó Sochar Cuardaitheora Poist, Cúnamh Feirme |
Ar chomhionann le do ráta reatha íocaíochta móide breisiú
€22.50. Íocaíocht íosta sheachtainiúil €210.50. |
| Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora |
Ar chomhionann le do ráta reatha íocaíochta móide breisiú
€22.50. Íocaíocht íosta sheachtainiúil €210.50. |
| Liúntas Míchumais |
Ar chomhionann le do ráta reatha íocaíochta móide breisiú
€22.50. Íocaíocht íosta sheachtainiúil €210.50. |
| Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh |
Leanann tú le do phinsean a fháil móide breisiú €22.50. |
| Pinsean Neamhranníocach Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh |
Leanann tú le do phinsean a fháil móide breisiú €22.50. (Is
ionann an chomhíocaíocht íosta agus €210.50). |
| Duine Fásta Neamhcháilithe ar Phinsean Stáit
(Neamhranníocach) |
Leanfaidh do chéile leis an Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe
(MDFC) a fháil. Is ionann an difríocht idir d’íocaíocht MDFC agus
€210.50 a bheidh do ráta ar an SST. |
Ranníocaíocht ÁSPC
Íoctar ranníocaíocht ÁSPC Aicme A ar son gach rannpháirtí den SST.
Níl tú faoi dhliteanas íoc as an Muirear
Sóisialta Uilíoch (MSU) ar d’íocaíocht SST.
Cáin
Tá tú faoi dhliteanas íoc as cáin i leith d’ioncaim cé gur dócha
nach n-íocfaidh tú aon cháin nó ach beagán. Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise
faoi cháin.
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh agus Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte Eile
Má tá íocaíochtaí leas shóisialaigh eile á bhfáil agat, ba cheart
duit seiceáil le d’Oifig
áitiúil Leasa Shóisialaigh lena dheimhniú an ndéanfar difear dóibh.
Féadfaidh tú do chárta
leighis a choimeád fad atá páirt á glacadh agat sa Scéim Shóisialta
Tuaithe.
Athruithe ar do chúinsí
Bíonn na rialacha céanna a bhaineann le de bhuníocaíocht leasa
shóisialaigh i gceist le d’íocaíocht SST. Ciallaíonn seo, má fhaigheann
cleithiúnaí leat post, déanfar measúnú ar a n-ioncam mar mhaoin agus
féadtar d’íocaíocht SST a laghdú. Ní féidir d’íocaíocht SST a
laghdú faoi bhun an bhunráta €210.50. D’fhonn aon ró-íocaíochtaí
féideartha a sheachaint, má thagann aon athrú ar do chúinsí, ba cheart
duit an comhlacht áitiúil a chuireann an SST i bhfeidhm a chur ar an
eolas.