Cad is Bochtaineacht Chomhsheasmhach ann?
Is é an bhochtaineacht chomh sheasmhach an tomhas ar bhochtaineacht atá faofa go hoifigiúil ag an Rialtas; d’fhorbair an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ESRI) é seo go neamhspleách. Aithníonn an tomhas seo cion daoine, astu siúd a bhfuil ioncam acu faoi bhun tairsí áirithe (níos lú ná 60% den ioncam meánach), a a mbaintear dhá sheirbhís nó earra nó níos mó díobh a mheastar gur bunriachtanais iad chun críocha bunchaighdeáin maireachtála.
Ceapadh an tomhas ar bhochtaineacht chomhsheasmhach in 1987 trí úsáid a bhaint as táscairí díothaithe bunaithe ar chaighdeáin maireachtála ag an am.
Ghlac an Rialtas le comhairle an ESRI, in 2007, na táscairí díothaithe a leasú chun caighdeáin maireachtála reatha a léiriú níos fearr agus, go háirithe, chun díriú ar shlí níos mó ar nithe a léiríonn cuimsiú sóisialta agus rannpháirteachas sa tsochaí.
I ngeall air seo, ceapadh tomhas, a bhí bunaithe ar mír amháin a bheith ar lár as innéacs 8 mír an chéad uair, atá bunaithe ar dhá mhír nó níos mó a bheith ar lár as an innéacs 11 mír seo a leanas:
- Dhá phéire bróg láidir
- Cóta mór teolaí uiscedhíonach
- Éadaí nua seachas éadaí athláimhe a cheannach
- Béilte a ithe a bhfuil feoil, sicín, iasc (nó a chomhionann d’fheoilséantóirí gach dara lá
- Dinnéar rósta a ithe (nó a chomhionann) uair sa tseachtain
- Déanamh de cheal teasa le linn na bliana seo caite de bharr easpa airgid
- An teach a choinneáil te a dhóthain.
- Bronntanais a cheannach do bhaill teaghlaigh nó do chairde uair sa bhliain ar a laghad
- Troscán nua a chur in áit troscán seanchaite
- Cuireadh a thabhairt do bhaill teaghlaigh nó do chairde i gcomhair deoch nó béile uair sa mhí
- Maidin, iarnóin nó tráthnóna amuigh sa choicís deireanach chun críocha siamsaíochta
Úsáidfear an sraith táscairí díothaithe d’fhonn bochtaineacht chomhsheasmhach a thomhas le linn shaolré an Phlean Ghníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta. Is é 6.5% ráta reatha na bochtaineachta comhsheasmhach, laghdú ó 8.2% in 2003.