Treoir ar ÁSPC do Dhaoine Féinfhostaithe - SW74
Inneachar an leathanaigh
Réamhrá
I bhformhór na gcásanna, ní mór do dhaoine
féinfhostaithe, atá idir 16 bliana d’aois agus 66 bliana
d’aois agus arb é a dtuilleamh bliantúil ná €5,000 nó
níos mó ná sin, ÁSPC ar Aicme S a íoc. Is éard atá sa
bhileog seo ná treoir chun cabhrú leat scéal na
ndaoine féinfhostaithe i dtaca le hÁSPC a thuiscint.
I gcoitinne, íoctar ÁSPC leis na Coimisinéirí Ioncaim,
in éineacht le cáin, faoin bhféinmheasúnú tríd an
gcóras “íoc agus tuairiscigh” a úsáid.
Cad iad na sochair a fhéadfar a
fháil trí ÁSPC ar Aicme S a íoc?
Tugann ÁSPC ar Aicme S cumhdach maidir le:
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach),
- Íocaíocht don Chaomhnóir (Ranníocach)
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Sochar Máithreachais
- Sochar Uchtaíoch
- Sochar Cóireála (Sochar Déidliachta, Súil-liachta,
agus Cluasliachta) le héifeacht ó 27 Márta 2017.
Ní thugann ÁSPC ar Aicme S cumhdach maidir le
haon scéim/sochar eile.
Last modified:04/07/2017
|
Irish site - Short Online Services list
|
|