Réamhrá
Is uimhir shainiúil tagartha í d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí
(PSP) a chabhraíonn
leat sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas in Éirinn a
fháil.
Sular féidir uimhir PSP a leithdháileadh duit, ní foláir duit a léiriú
go dteastaíonn ceann uait i gcomhairidirbhirt
le comhlacht sonraithe. Mar shampla, má tá tú ag glacadh le fostaíocht,
teastaíonn uimhir PSP uait chun clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní
idirbheart le comhlacht sonraithe é bheith ag lorg oibre agus níor
cheart d’fhostóirí cuardach i gcomhair d’uimhreach PSP agus iad i mbun
earcaíochta. Níor chóir go bhféachfadh fostóir le huimhir PSP a fháil
má tá tú ag glacadh le fostaíocht laistigh den eagras.
Áirítear an Roinn Coimirce
Sóisialaí, na Coimisinéirí
Ioncaim agus na Limistéir
Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sna gníomhaireachtaí
seirbhíse poiblí a úsáidíonn uimhreacha PSP chun daoine a aithint.
Bíonn 7 n-uimhir le litir amháin nó dhá litir ina ndiaidh i gceist le
hUimhir PSP i gcónaí.
Is ainm nua don uimhir chánach (RSI) é an PSP. Má tá uimhir PSP do
chéile ar aon uimhir leat agus má chríochnáionn d'uimhir PSP le 'W',
b'fhéidir go mbeadh uimhir PSP nua de dhíth ort. Féach 'Uimhreacha W
a chéimniú amach' thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
D’Uimhir PSP a úsáid
Is féidir leat d'uimhir PSP a úsáid le haghaidh:
Tá uimhir PSP eisithe duit cheana má:
- Rugadh in Éirinn tú i rith nó tar éis 1971
- Thosaigh tú ag obair in Éirinn tar éis 1979
- Tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh
- Tá tú ag glacadh páirte sa Scéim Íocaíochta Drugaí.
Bíonn uimhreacha PSP clóscríofa ar na
cáipéisí seo a leanas:
- Cárta Seirbhísí Sóisialacha
- Cárta Íocaíochta Drugaí
- Cárta Cuairte LG
- Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
- P60 (an tuairisceán bliantúil pá, cánach, agus ranníocaíochtaí
leasa shóisialaigh ó d'fhostóir)
- P45 (an tuairisceán cánach agus pá chun dáta eisithe ag an bhfostóir
nuair a fhágann tú post)
- Measúnú Cánach
- Fógra Creidmheasanna Cánach ÍMAT
- Carta Íocaíochta Sealadach.
Céimniú amach uimhreacha W
Roimh 2000 nuair a phós roinnt daoine bhí orthu an Uimhir Phearsanta
Seirbhíse Poiblí céanna lena gcéile a úsáid, ach le W ag deireadh na
huimhreach. D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim an uimhir W seo chun céilí a
aithint i gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin.
D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim uimhir W chun céilí a aithint i
gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin. Bhí an
uimhir W nasctha le huimhir PSP an Chéile Inmheasúnaithe (is é seo an
téarma a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim don chéile a ngearrtar cáin
air/uirthi ar ioncam na beirte).
Tá na huimhreacha W á gcéimniú amach de réir a chéile. Níor eisíodh
uimhir W ar bith ó 1999 i leith.
Más mar an gcéanna d’uimhir PSP le huimhir PSP do chéile, agus má tá
W ag deireadh d’uimhreach, caithfidh tú uimhir nua PSP a fháil más
amhlaidh:
- Go bhfuil do chéile tar éis bás a fháil
- Go bhfuil tú scartha nó colscartha ó do chéile
- Gur eisíodh uimhir Árachais Shoisialta ort roimh 1979
Má eisíodh uimhir PSP nua ort tar éis 1979 agus sular phós tú, is
féidir leis an Roinn an bunuimhir a bhí agat a ath-eisiúint ort má iarrann
tú é.
Má tá d’uimhir W á athrú agat i gcomhair uimhir PSP nua, ní gá duit
dul tríd an bpróiseas iarratais céanna le gach duine eile. Chun d’uimhir
nua a fháil nó chun do sheanuimhir a fháil ar ais, téigh i dteagmháil le
Rannóg Aitheantais na gCliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí, is í an uimhir
theileafóin ná 1890 927 999 ó (071) 967 2616.
Ba cheart duit aon eagrais ag a bhféadfadh do sheanuimhir bheith ina seilbh
a chur ar an eolas nuair a fhaigheann tú d’uimhir nua ón Roinn Coimirce
Sóisialaí. Mar shampla, d’fhostóir, do bhanc, an tSeirbhís Náisiúnta um
Cheadúnais Tiomána, an FSS agus na Coimisinéirí Ioncaim – is féidir leat
na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i leith d’Uimhreach PSP nua
tríd an
tSeirbhís Phoist agus Pinsin ar líne a úsáid nó dul i dteagmháil le
d’oifig chánach.
Táim chun bogadh go hÉirinn sul i bhfad – conas a fhaighim Uimhir
PSP?
Ní fhéadann tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP roimh
theacht duit go hÉirinn. Caithfidh tú bheith i do chonaí cheana
féin in Éirinn chun iarratas ar uimhir PSP a
dhéanamh. Iarrfar ort fianaise cháipéisíochta d’aitheantas agus
de chónaí in Éirinn a thaispeáint. Beidh fianaise cháipéisíochta eile de
dhíth, ag brath ar do náisiúntacht. Tá liosta
iomlán de na cáipéisí ar riachtanach mar fhianaise ar d’aitheantas iad le
fáil anseo.
Níl cónaí orm in Éirinn ach teastaíonn uimhir PSP uaim – conas a
fhaighim í?
I roinnt cásanna, d’fhéadfadh Uimhir PSP bheith ag teastáil ó dhaoine
nach gcónaíonn in Éirinn. Mar shampla, d’fhéadfadh duine atá ina
t(h)airbhí faoi uacht Éireannach uimhir PSP a sholáthar sular féidir
bronnadh probháide a eisiúint.
Is iad Seirbhísí Sainaitheanta Cliaint (CIS) de chuid na Roinne Coimirce
Sóisialaí a sholáthraíonn seirbhís d’iarratasóirí neamhchónaitheacha
nach féidir leo freastal ar Ionad Clárúcháin PSP ainmnithe agus a
dteastaíonn uimhir PSP uathu. Má theastaíonn uait leas a bhaint as an
tseirbhís úd, ní mór duit fianaise cáipéisíochta a léiriú go
dteastaíonn uimhir PSP uait i gcomhair idirbhirt le comhlacht sonraithe. Ní
féidir leat leas a bhaint as an bpróiseas iarratais eisceachtúil seo má tá
tú i do chónaí in Éirinn nó má tá sé ar d’intinn athlonnú go
hÉirinn ar feadh tréimhse ama ar bith. Déantar iniúchtaí ar iarratais PSP
go tréimhsiúil agus b’fhéidir go bhfiafrófaí faisnéis breise díot.
Má tá cónaí i dTuaisceart Éireann nó sa Ríocht Aontaithe ort agus má
tá tú ag oibriú i bPoblacht na hÉireann (oibrí trasteorann), féadfaidh
tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP sa ghnáthbhealach ag Ionad sannta
Cláraithe PSP.
Teastaíonn uimhir PSP uaim i gcomhair duine atá tar éis bháis - cén
chaoi a bhfaighidh mé í seo?
D’fhéadfadh uimhir PSP bheith de dhíth ó thráth go chéile ar dhuine
nach maireann, de ghnáth nuair a bhítear ag plé le deonú probháide.
Ba cheart duit sna cásanna úd cóip den teastas báis agus na mionsonraí
go dteastaíonn an uimhir PSP uathu a chur chuig Seirbhísí Sainaitheanta
Cliaint na Roinne Coimirce Sóisialaí - faightear an seoladh thíos.
Rialacha
Chun uimhir a fháil, beidh ort foirm iarratais a líonadh agus dearbhú
aitheantais a chur ar fáil.
Fianaise i leith d’aitheantais
| Más duine tú: |
Teastóidh uait na nithe seo a leanas a tháirgeadh mar
fhianaise i leith d’aitheantais: |
| Saoránach Éireannach a rugadh i bPoblacht na hÉireann |
- Leagan fada do theastais bhreithe
agus
- ID i bhfoirm grianghraif, ar nós do phas nó ceadúnais
tiomána
|
| Saoránach Éireannach trí éadóirseacht nó trí Chlárú Breithe
Eachtrannach |
- Pas reatha nó Teastas Éadóirseachta
nó
- Do theastas Clárúcháin Bhreithe Eachtrach agus ceadúnas
tiomána Éireannach nó Briotanach nó cead foghlaimeora
Éireannach
|
| Saoránach Éireannach a rugadh i dTuaisceart Éireann nó saoránach
Briotanach |
nó
- Do theastas breithe ina nochtar ainm breithe do mháthar nó
teastas uchtaithe agus ceadúnas tiomána reatha
|
| Saoránaigh an AE (seachas cinn Éireannacha agus Briotanacha) |
Pas reatha nó cárta aitheantais náisiúnta |
| Neamh-Shaoránaigh an AE |
Pas reatha |
Fianaise i leith do sheolta
Caithfidh tú fianaise i leith do sheolta a léiriú. Is féidir leat leas a
bhaint as aon cheann de na cáipéisí seo a leanas chuige sin (caithfear
d’ainm agus seoladh a nochtadh uirthi):
- Bille fóntais teaghlaigh
- Litir/cáipéis oifigiúil
- Ráiteas airgeadais
- Léas maoine nó comhaontú tionóntachta
- Deimhniú seolta ag tríú páirtí ar nós príomhoide/riarthóra
scoile, úinéara nó bainisteora cóiríochta/maoine*.
*Má tá tú ag fanacht le cairde nó le gaolta is amhlaidh ar inghlactha é
bunbhille teaghlaigh móide nóta ó shealbhóir an bhille ag deimhniú go
bhfuil tú i do chónaí ag seoladh an bhille. Is féidir an nóta sin a
bhreacadh ar an mbille é féin.
Iarratais Linbh
Tugtar Uimhir PSP do leanaí a rugadh in Éirinn nuair a chláraítear a
mbreith leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (POC). Ciallaíonn sé seo nach
gá duit iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do leanbh a rugadh in Éirinn.
Ciallaíonn sé sin nach gá duit iarratas a dhéanamh i gcomhair uimhir PSP
i leith linbh a bheirtear in Éirinn.
Ní leithdháiltear uimhir PSP go huathoibríoch áfach más lasmuigh den
Stát atá seoltaí an bheirt tuismitheoirí. Má theastaíonn uimhir PSP uait
i gcás mar sin ní mór duit iarratas a dhéanamh ar dtús ag ionad
leithdháilte uimhir PSP.
Is é an tuismitheoir/caomhnóir a chaitheann iarratas a dhéanamh i leith
uimhreachta PSP do leanaí a chónaíonn, ach nár rugadh in Éirinn. Caitheann
uimhir PSP bheith ag duine amháin de na tuismitheoirí/caomhnóirí ionas go
mbeidh an leanbh cláraithe agus nasctha lena gcuid sonraí.
Ba chóir go bhfreastalódh an tuismitheoir, an tuismitheoir altrama, an
caomhnói, nó an t-ionadaí scoile leis an leanbh, agus fianaise i leith a
n-aitheantais féin, aitheantas an linbh, fianaise i leith an riachtanais
d’uimhir PSP a sholáthar, agus fianaise a sholáthar i leith an ghaoil idir
an tuismitheoir/caomhnóir agus an leanbh. Ba chóir go soláthrófaí freisin
fianaise i leith seolta. Is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a
thuilleadh fiosruithe a dhéanamh mar a meastar bheith riachtanach chun an gaol
idir an leanbh agus an duine atá ag iarraidh uimhir PSP a dheimhniú.
Meastar duine faoi bhun 16 bliain déag d’aois bheith ina leanbh chun
críoch leithdháileadh uimhreach PSP.
Rialáil Calaoise PSP
Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí monatóireacht ar shaincheisteanna
maidir le calaois aitheantais, cabhraíonn sí le dréachtú nósanna imeachta
um próiseáil na n-iarratas agus fiosraíonn sí cáipéisí amhrasta. Ní
mór don fhoireann in oifigí leasa shóisialaigh seiceáil a dhéanamh ar
bharántúlacht na gcáipéisí tacaíochta, agus cásanna amhrasacha a chur ar
aghaidh chuig saineolaithe calaoise cáipéisí i gcomhair a seiceála.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil gníomhaireacht, duine, nó gníomhaire ar
leith i dteideal d'uimhir PSP a iarraidh nó a úsáid, ba cheart duit dul i
dteagmháil le Seirbhísí Aitheantais Chliaint sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Ba choir duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí
Aitheantais Chliaint trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar líne
nó tríd an nguthán ag 1890 927 999 nó (071) 967 2616.
Athrú seoladh
Seirbhísí Aitheantas Cliant
An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Contae Liatroma
Teil: (071) 967 2616 (If calling from outside the Republic of Ireland please call +353 71 967 2616)
Lóghlao: 1890 927 999 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)