Réamhrá
Fágann na mílte saoránach Éire gach bliain chun obair a fháil, chun
taisteal nó chun dul ar phinsean thar lear. Fágann roinnt daoine Éire chun
obair a fháil, nó staidéar a dhéanamh le haghaidh tréimhse giorra (is é
sin, le haghaidh roinnt míonna), téann daoine eile thar lear le haghaidh
tréimse níos faide. Ímionn go leor daoine eile a bhíodh ina gcónaí, ag
staidéar, nó fostaithe in Éirinn chomh maith chun dul ar ais go dtí a
dtíortha dúchasacha.
Tá sé tábhachtach, mar sin, a fhios a bheith agat go dtarlódh go mbeidh
ceart agat chun sochair leasa shóisialta a fháil i dtír eile má fhágann
tú Éire chun chónaí agus/nó chun obair a fháil sa tír sin. Tá tuilleadh
eolais faoi na socruithe
atá i bhfeidhm idir Éire agus tíortha eile.
D’fhéadfadh go n-íocfar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe thar
lear – léigh tuilleadh inár ndoiciméad faoi
ag
dul thar lear agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Tíortha clúdaithe ag Rialacha an AE
Má bhogann tú chun cónaí i dtír atá clúdaithe ag Rialacha an AE,
ciallaíonn sé sin go bhfuil tú i dteideal go gcaitear leat ar an mbealach
céanna leis na náisiúnaigh sa bhallstáit an AE nó sa tír LEE a mbogann
tú chuige, ó thaobh sochair nó seirbhísí leasa shóisialta de. I ngníomh,
ciallaíonn sé sin go bhfuil tú agus do theaghlach i dteideal iarratas a
dhéanamh ar shochair nó ar chúnamh ar bith atá ar fáil sa tír ina bhfuil
tú i do chónaí. Má tá tú ag déanamh iarratais ar íocaíochtaí bunaithe
ar árachas, ba cheart go gcuirfear san áireamh ranníocaíochtaí ar bith
atá déanta agat i mballstáit AE nó i dtíortha LEE eile.
Do thaifead árachais shóisialta
Má tá tú i do chónaí thar lear agus más gá duit sochair a éilimh,
iarrfar ort faisnéis maidir le do thaifead árachas sóisialaigh Éireannach a
sholáthar.
Is féidir foirmeacha E104 agus U1 (E301 roimhe seo) a úsáid chun sochair
thinnis, máithreachais nó dífhostaíochta a éileamh thar lear - féach
'Conas iarratas a dhéanamh' thios. Tugtar doiciméad iniompartha mar
ainm ar an U1 agus tugann sé sonraí maidir le do thaifead
árachais shóisialta in Éirinn.
Mura dtugann tú d’fhoirmeacha E104 nó U1 leat, déanfaidh an tír ar
bhog tú chuici teagmháil le h-údaráis na hÉireann chun taifead de do
stampaí árachais a fháil nuair a dhéanfaidh tú iarratas chucu ar shochair
dhífhostaíochta, bhreoiteachta nó mháithreachais. Tabharfaidh an Roinn
Coimirce Sóisialaí tús áite d’iarratas ó bhallstát eile de chuid an AE
ar thaifead árachais shóisialta ionas nach gcaillfidh tú aon sochair atá ag
dul duit nuair atá tú thar lear.
Nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn as tír san AE/LEE, ba cheart duit na
foirmeacha U1 agus E104 seo a thabhairt leat mar go mbeidh sonraí na
ranníocaíochtaí a rinne tú sa tír sin orthu. Tugtar na foirmeacha don
ghníomhaireacht leasa shóisialta chuí sa tír ina bhfuil tú i do chónaí
agus tú ag déanamh éilimh.
Conas iarratas a dhéanamh
Tugann an Roinn Coimirce Sóisialaí tús áite i gcónaí d’iarratas ar
E104 nó U1 ó bhallstát eile de chuid an AE. Déantar é seo toisc go bhfuil
éileamh ar shochar déanta ag duine atá dífhostaithe nó tinn thar lear agus
caithfear déileáil leis a luaithe agus is féidir.
Más mian leat do U1 nó E104 a thabhairt leat, féadfaidh tú do
thaifead árachais shóisialta Éireannach do E104 agus U1/E301 a iarraidh
(pdf) roimh fágála. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil d’iarratas
a phróiseáil mar beidh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil a
dhéanamh le d’iarfhostóir sula bhféadfar na foirmeacha E104 agus U1 a
eisiúint.
Ba chóir duit an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig Rannóg
na dTaifead Idirnáisiúnta de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí - féach
'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas. Ní mór duit cóip de do P45 agus de do
P60 a chur le d’iarratas agus ná déan dearmad do sheoladh thar lear.
Cá hait a ndéanfaidh mé
iarratas
Taifid Idirnáisiúnta
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/