Sochar Mháithreachais
Íocaíocht le haghaidh ban fostaithe agus féinfhostaithe atá ag iompar agus a shásaíonn coinníollacha áirithe ranníocaíochta ÁSPC ar a dtaifead árachais féin.
Sochar Atharthachta
Is é is Sochar Atharthachta ann ná íocaíocht a dhéantar le daoine fostaithe agus daoine féinfhostaithe atá ar Shaoire Atharthachta ón obair i dtaca le breith linbh nó i dtaca le huchtáil linbh.
Sochar Sláinte & Sábháilteachta
Íocaíocht sheachtainiúl is ea Sochar Sláinte agus Sábháilteachta do mhná a gceadaítear saoire sláinte agus sábháilteachta dóibh faoin Acht um Chosaint Máithreachais, 1994. Ceadaítear saoire sláinte agus sábháiílteachta d'fhostaí nuair nach féidir leis an bhfostóir riosca dá sláinte nó dá sábháilteacht a thabhairt ar shiúl le linn di bheith ag iompar nó nuair atá leanbh cíche aici, nó dualgais eile saor ó riosca a thabhairt di.
Sochar Uchtála
Íocaíocht is ea Sochar Uchtála le haghaidh tuismitheoirí a uchtaíonn leanbh. D'fhéadfá é a fháil más fostaí nó duine féinfhostaithe thú agus má shásaíonn tú coinníollacha áirithe ÁSPC ar do thaifead féin.