Réamhrá
Is íocaíocht sheachtainiúil í Pinsean Easláinte do dhaoine nach bhfuil
i riocht oibre mar gheall ar bhreoiteacht fhadtéarmach nó mhíchumas agus
atá clúdaithe ag árachas sóisialta (ÁSPC). Nuair beidh tú 66 bliana
d'aois aistrífear é go Pinsean Stáit (Rannaíocach) ag an ráta iomlán.
Tá Pinsean Easláinte inchánach. Tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a
bheith agat má tá Pinsean Easláinte á fháil agat. D’fheadfá a bheith i
dteideal an Pacáiste
Sochair Teaghlaigh a bheith agat freisin.
Rialacha
Ranníocaíochtaí árachais shóisialta
Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat ar a laghad chun Pinsean
Easláinte a fháil:
- 260 (5 bliana) ranníocaíocht íoctha (stampa) ó thosaigh tú ag íoc
árachais shóisialta
- 48 ranníocaíocht íoctha (stampa) nó creidmheas tugtha ina n-aghaidh
sa bhliain cánach iomlán is déanaí roimh dháta an éilimh
Ní áirítear ach aicmí ÁSPC A, E agus H. An bhliain cánach is déanaí
is ea an bhliain roimh an éilimh. Mar shampla, má dhéantar éileamh ar
Phinsean Easláinte in 2017, an bhliain cánach iomlán is déanaí ná 2016.
Critéir leighis
Íocaíocht is ea an Pinsean Easláine do dhaoine árachaithe atá
buan-éagumasach chun oibre de dheasca breoiteachta nó de dheasca éagumais.
Le cáiliú caithfidh tú a bheith:
- Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12 mhí ar a laghad agus
gur dócha go mbeidh tú neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12
mhí eile ar a laghad (is dócha go mbeidh Sochar Breoiteachta nó Liúntas
Míchumais á fháil agat ar feadh an ama)
Nó
- Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta go buan (i gcásanna áirithe de
bhreoiteacht nó míchumas atá fíor-thromchúiseach, féadfaidh tú
aistriú go díreach ó íocaíocht leasa shóisialaigh eile nó ón bpost
atá agat chuig Pinsean Easláinte).
Déanfaidh oifigeach breithiúnachta na Roinne Coimirce Sóisialaí scrúdú
ar d’éileamh agus deimhneoidh sé/sí do theidlíocht bunaithe ar na
coinníollacha cáilitheacha a dtugtar cuntas orthu thuas.
Pinsean Easláinte agus obair
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad
na socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine
ag a raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil
chun oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le
cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa
shóisialaigh a choimeád. Ní gá go mbeidh an obair a dhéanann duine fad a
bhíonn an Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar mhaithe le cuspóirí
athshlánaithe nó teiripeacha.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais
Pháirtigh.
Oiliúint
Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte agus más mian
leat cúrsa
oiliúna a dhéanamh, ní chuireann tú ar Shochar Cumais Pháirtigh. Cuir
iarratas isteach chuig an Rannóg Sochar Breoiteachta nó chuig an Rannóg
Pinsean Easláinte, amhail is cuí.
Más mian leat páirt i scéim Fostaíochta Pobail a ghlacadh, déanann tú
iarratas ar an ngnáthbhealach.
Rataí
Rataí ó 16 Márta 2017
| Ráta pearsanta |
Ráta seachtainiúil,
€ |
| Aois faoi 66 |
198.50 |
| Duine Fásta Cáilithe |
141.70 |
| Leanbh Cáilithe |
29.80
(ráta iomlán)
14.90 (leath-ráta)
|
Féadfaidh tú méadú a fháil ar d’íocaíocht do dhuine
fásta cleithiúnach agus do leanaí
cleithiúnacha ar bith atá agat. Ní féidir leat Méadú i leith Leanbh
Cáilithe (IQC) a éileamh a thuilleadh le do Phinsean Easláinte má tá
ioncam de bhreis ar €400 á thuilleamh ag do chéile, páirtnéir sibhialta
nó do chomháititheoir sa tseachtain. Íoctar IQC leathráta leat má
thuilleann do chéile, páirtnéir sibhialta nó do chomháititheoir idir
€310 agus €400 sa tseachtain. Ní bhíonn seo i gceist ach amháin le
héilimh nua i ndiaidh an 5 Iúil 2012.
Impleachtaí cánacha
Foinse ioncaim inchánaithe atá anseo agus ba cheart a chur in iúl don
oifig chánach chomh luath agus a thosaíonn tú ag fáil na n-íocaíochtaí.
Is féidir
teagmháil a dhéanamh le ÍMAT ar teileafón anseo. Tá na sonraí teagmhála de d’oifig
cánach dúiche ar fáil anseo.
Conas iarratas a dhéanamh
Déan foirm iarratais don
Phinsean Easláinte (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh. Is
féidir leat foirm a fháil ón Oifig
Leasa Shóisialaigh Áitiúil.
Má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh tréimhse 468 lá,
déanfar measúnú leighis ort lena dheimhniú an bhfuil tú i dteideal Sochar
Breoiteachta a fháil ar bhonn leanúnach agus lena dheimhniú an mbeifeá i
dteideal Pinsean Easláinte a fháil. Má mheastar, mar thoradh ar an measúnú
seo, go bhféadfá bheith i dteideal Pinsean Easláinte a fháil, seolfar foirm
iarratais (INV2) chugat. Nuair a fhaigheann siad an fhoirm chomhlánaithe,
scrúdóidh oifigeach breithiúnachta an t-éileamh agus deimhneoidh siad
incháilitheacht do Phinsean Easláinte.
Ní chuireann seo cosc ort ó iarratas a dhéanamh ar Phinsean Easláinte ar
an ngnáthbhealach trí fhoirm iarratais (INV1) a úsáid.
Is féidir leat cúnamh a fháil chun an fhoirm a chomhlánú san Ionad
Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil nó san Oifig Leasa Shóisialaigh
Áitiúil.
Má mheasann tú nár cheart gur diúltaíodh Pinsean Easláinte duit, nó
mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa
Shóisialaigh faoi do theidlíochtaí tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in
aghaidh an chinnidh seo.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Rannóg Pinsean Easláinte
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Bhéal Átha na Laoi
An Longfort
Éire
Teil: (043) 334 0000 (If calling from outside the Republic of Ireland please call +353 43 334 0000)
Lóghlao: 1890 92 77 70 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)