Tacaí atá ar fáil do dhaoine ar Íocaíocht Chuardaitheora Poist - SW126
Inneachar an leathanaigh
- 1 Réamhrá
- 2 Íocaíocht Chuardaitheora Poist
- 3 Tacaí Fostaíochta
- 4 Tacaí do dhaoine atá ag filleadh ar
obair/ag lorg oibre
- 5 Tacaí Fiontraíochta
- 6 Tacaí Oiliúna
- 7 Sochair Eile agus Sochair
Thánaisteacha
Tá roinnt áirithe tacaí ar fáil do dhaoine ar íocaíocht chuardaitheora poist chun cuidiú leo gabháil le deiseanna
fostaíochta, fiontraíochta, oiliúna agus oideachais. Leagtar amach achoimre ghearr anseo thíos. Chun a
thuilleadh eolais a fháil ar na scéimeanna a liostaítear thíos, logáil isteach ar www.welfare.ie nó déan
teagmháil le d’Ionad Faisnéise áitiúil do Shaoránaigh, do Lárionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Chraoibhe áitiúil.
I Lárionaid Intreo, dréachtaíonn Cásoifigigh plean pearsanta ar dhul chun cinn leis an gcustaiméir. Is éard a bhíonn
sa phlean seo ná gníomhartha fostaíochta agus gníomhartha oiliúna a chomhaontaítear idir an custaiméir agus
an Cásoifigeach, a n-aontaíonn an custaiméir go dtabharfaidh sé/sí fúthu chun post a bhaint amach sa todhchaí.
Last modified:03/07/2017