Nuair a thagann tuilte de bharr drochaimsire ar scála forleathan, is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí an Scéim Chúnaimh Dhaonnachtúil a ghníomhachtú. Soláthraíonn an scéim faoi thástáil ioncaim cúnamh airgeadais éigeandála do theaghlaigh nach féidir na costais do bhunriachtanais a shásamh go díreach tar éis na dtuilte. Is í aidhm na scéime chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do dhaoine a d'fhulaing damáiste dá mbaile. Tá sí deartha chun faoiseamh a thabhairt don chruatan seachas cúiteamh iomlán a sholáthar as an damáiste.
Rialacha
Cad atá cumhdaithe leis an scéim?
1. Íocaíochtaí tacaíochta ioncaim éigeandála.
2.Damáiste do do bhaile agus dá inneachar bunriachtanach, ar nós:
- Cairpéid
- Urlárach
- Troscán
- Fearais tí agus cóir leapa.
3. D'fhéadfaí an damáiste struchtúrach a bhreithniú freisin.
Céard nach gcumhdaítear leis an scéim?
- Caillteanais a chumhdaítear le polasaí árachais
- Caillteanas míreanna a mheastar bheith neamhriachtanach nó míreanna só
- Caillteanais tráchtála agus gnó
- Caillteanas nó damáiste do chóiríocht phríobháideach chíosaithe nó cóiríocht an údaráis áitiúil
Tástáil ioncaim
Is leis an tástáil ioncaim a bhreithnítear cumas do theaghlaigh chun na costais a bhaineann le hathchóiriú do bhaile ar ais chun riocht chónaithe a shásamh. Breithneofar gach ioncam teaghlaigh.
Daoine singil:Má tá ollioncam teaghlaigh agat de €30,000 nó níos lú is amhlaidh a gheobhaidh tú 100% den mhéid incheadaithe. Beidh ort ranníocaíocht 1% a dhéanamh leis an méid incheadaithe i leith gach €1,000 iomlán d’ioncam teaghlaigh os cionn €30,000.
Mar shampla, más duine singil thú agus má tá ollioncam teaghlaigh
€35,000 agat, gheobhaidh tú 95% den tsuim atá incheadaithe (€5,000 os
cionn na teorann ioncaim €30,000 = 5% den ranníocaíocht phearsanta i dtreo
an chaillteanais).
Lánúineacha: Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta, nó má tá tú in aontíos, agus ollioncam teaghlaigh iomlán agat de €50,000 nó níos lú is amhlaidh a gheobhaidh tú 100% den mhéid incheadaithe. Beidh ort ranníocaíocht 1% a dhéanamh leis an méid incheadaithe i leith gach €1,000 iomlán d’ioncam teaghlaigh os cionn €50,000. Mar shampla, más duine pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó in aontíos tú agus ollioncam teaghlaigh agat os cionn €65,000 is amhlaidh a gheobhaidh tú 85% den mhéid incheadaithe (€15,000 os cionn na teorann ioncaim de €50,000 = 15% de ranníocaíocht phearsanta i leith an chaillteanais).
Leanaí: Méadaítear na teorainneacha ioncaim faoi €10,000 i leith gach leanbh cáilithe.
Teaghlach aontuismitheora: Baineann na teorainneacha a
chuirtear i bhfeidhm i measc lánúineacha le teaghlaigh aontuismitheora chomh
maith – €50,000 móide €10,000 i dtaobh gach linbh chleithiúnaigh.
Baill teaghlaigh neamhchleithiúnacha is aosaigh: Cuirtear 20% dá n-ollioncam leis an ioncam teaghlaigh i leith gach ball neamhchleithiúnach is aosach den teaghlach.
Mar shampla, is amhlaidh i gcás lánúin le hollioncam de €45,000 le haosach neamhchleithiúnach sa teach le hioncam de €20,000, a gheobhaidh siad 100% den mhéid incheadaithe óir gur lú an t-ioncam teaghlaigh ná €50,000 (€45,000 + €4,000 [€20,000 x 20%] = €49,000).
Daoine a roghnaigh gan an teach a chur faoi árachas: Mura
raibh aon árachas agat agus mura bhfuil bunúis réasúnta agat gan árachas a
bheith agat, beifear ag súil leis go ranníocfaidh tú an chéad €2,000 i
dtreo na suime atá incheadaithe agus is ionann a bheidh do ranníocaíocht
phearsanta agus 2% i dtaobh gach €1,000 iomlán os cionn an leibhéil ioncaim
i gcás do theaghlaigh.
Cé mhéid is féidir a íoc le hiarratastóirí aonair?
Braithfidh na leibhéil íocaíochta ar ghéire choibhneasta an damáiste a chonacthas agus ar do chumas chun na costais sin a shásamh.
Sa chás go meastar costas na ndeisiúchán struchtúrach bheith sa bhreis ar €5,000, gheobhaidh an Roinn comhairle ó choigeartóir caillteanais arna cheapadh ag an Roinn.
Agus measúnú á dhéanamh ar chúnamh daonnachtúil, tabharfar san áireamh Íocaíochtaí Éileamh Eisceachtúil agus
Íocaíochtaí Éileamh Práinneach ara íocadh amach cheana féin