Eolas
Is an Pacáiste Sochar Teaghlaigh pacáiste de liúntais a chabhróidh leat
leis na costais a bhaineann le reáchtáil do theaghlach.Tá an pacáiste ar
fáil do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois agus i gcúinsí áirithe do
dhaoine atá faoi bhun 70 bliain d’aois. Ní mór duit a bheith ina gcónaí
sa Stát agus caithfidh tú clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí
nuair iarrann an Roinn Coimirce Sóisialaí ort é a dhéanamh. Ní féidir ach
le duine amháin i dteaghlach cáiliú le haghaidh an phacáiste uair ar bith.
Má ghlacann tú do chóiríocht ar cíos, ní mór do thiarna talún dearbhú
scríofa a sholáthar go tionóntaí thú (lena n-áirítear MPRN nó GPRN an
seoladh ina bhfuil tú i do chónaí) agus go n-íocann tú do chuid billí
fuinnimh.
Is ann do láithreáin ghréasáin tráchtála éagsúla a ligeann duit
praghsanna fuinnimh a chur i gcomparáid. Creidiúnóidh an Coimisiún um Rialáil Fóntas (CRF)
láithreáin ghréasáin a dhéanann comparáid idir costais má chomhlíonann
siad caighdeáin áirithe. Is féidir leat seiceáil a dhéanamh ar láithreáin
Ghréasáin creidiúnaithe ar energycustomers.ie.
Tá
faisnéis foilsithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí maidir le cad ba cheart
duit a dhéanamh má tá deacracht airgeadais agat le do bhillí
fuinnimh.
Liúntais
Is ann do 2 liúntas sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh:
Liúntas 1
- An Liúntas Leictreachais nó
- Liúntas Gáis Nádúrtha nó
- Liúntas Leictreachais Airgid Thirim nó
- Liúntas Gáis Airgid Thirim
Liúntas 2
- An Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce
Scoireadh den Liúntas Teileafóin ón 1 Eanáir 2014.
B’ionann luach an liúntais agus €9.50 sa mhí sa teaghlach.
Liúntais
Liúntas 1: Liúntas Leictreachais/Gáis
Más rud é go bhfuil soláthar leictreachais nó soláthar gáis
nádúrtha, ní mór duit an Liúntas Leictreachais nó an Liúntas Gáis
Nádúrtha a roghnú.
Liúntas Leictreachais
Creidmheas airgid thirim a íoctar leat gach mí is ea an Liúntas
Leictreachais. Déanfar an t-athrú sin a chur i bhfeidhm maidir le do bhille
go huathoibríoch más custaiméir Electric Ireland thú. Léireofar é sin mar
chreidmheas €35 sa mhí (€1.15 gach lá) ar do bhille le Electric
Ireland.
Custaiméirí Electric Ireland
Tar éis d’iarratas ar Liúntas Leictreachais a fhormheas, tugann an Roinn
fógra do Electric Ireland, a chuirfidh an liúntas, lena n-áirítear aon
chreidmheas siardhátaithe, i bhfeidhm maidir le do chéad bhille eile nó le
bille ina dhiaidh sin. Íoctar an liúntas go díreach le Electric Ireland. Ní
mór duit íoc as aon leictreachas a úsáideann tú os cionn an liúntais ar
an ngnáthbhealach.
Soláthraithe eile leictreachais
Mura bhfuil Electric Ireland ar an soláthraí
leictreachais atá agat, íocfar do Liúntas Leictreachais go díreach leat
lena úsáid i leith do bhille leictreachais. Sa chás seo, is féidir an
liúntas a íoc isteach i do chuntas bainc nó ag an oifig phoist atá
áitiúil duit.
Más rud é go bhfuil Liúntas Leictreachais á fháil agat cheana agus go
n-athraíonn tú do sholáthraí leictreachais, ní gá duit iarratas a
dhéanamh arís. Leanfar le do Liúntas Leictreachais a íoc - mar chreidmheas
le do bhille le Electric Ireland nó mar íocaíocht airgid thirim le
soláthraithe eile.
Liúntas Leictreachais Airgid Thirim
Féadfaidh tú cáiliú le haghaidh Liúntas Leictreachais Airgid Thirim
€35 má tá tú i do chónaí i gcóiríocht fhéinchuimsitheach (árasán
nó leithleann), agus más rud é:
- Go bhfuil do mhéadar sliotáin leictreachais féin agat
nó
- Gurb ann do roinnt de mhéadair leictreachais ar leith atá ag oibriú ó
mhéadar amháin ó sholáthraí leictreachais agus is tiarna talún é an
tomhaltóir cláraithe leictreachais
nó
- Nach ann d’aon mhéadair ar leith, ach is tiarna talún é an
tomhaltóir cláraithe leictreachais ag do sheoladh.
Íoctar an Liúntas Leictreachais Airgid Thirim ar an gcéad Mháirt de gach
mí le cuntas in institiúid airgeadais, mar shampla, banc nó, más rud é go
bhfuil cárta seirbhísí leasa shóisialaigh agat, íocfar é tríd an oifig
phoist atá áitiúil duit. (Tabhair faoi deara go mbeidh 56 lá agat le
d’íocaíocht a bhailiú más rud é go bhfuiltear ag íoc leat trí oifig
phoist ag úsáid cárta seirbhísí leasa shóisialaigh.)
Liúntas Gáis Nádúrtha
Ag brath ar do sholáthraí, is féidir an Liúntas Gáis Nádúrtha
€35.00 ((€1.15 gach lá) a íoc mar chreidmheas airgid thirim ar do bhille
gáis nó ar an gcéad Mháirt de gach mí le cuntas in institiúid airgeadais
nó in oifig phoist.
Ní chlúdaíonn an Liúntas an costas ar sholáthar gáis nádúrtha chuig
do theach a shuiteáil.
Más rud é go n-íoctar an Liúntas mar chreidmheas ar do bhille gáis,
tabharfaidh an Roinn fógra do do sholáthraí gáis, a chuirfidh an liúntas i
bhfeidhm, lena n-áirítear aon chreidmheas siardhátaithe, maidir leis an dara
bille gáis a gheobhaidh tú tar éis an dáta sin.
Liúntas Gáis Airgid Thirim
Mura bhfuil do theach nasctha chuig soláthar leictreachais nó soláthar
gáis nádúrtha ach comhlíonann tú coinníollacha na scéime, is féidir
leat an Liúntas Gáis Airgid Thirim €35 (€1.15 gach lá) a fháil.
Is féidir leat Liúntas Gáis Airgid Thirim a éileamh freisin má
úsáideann tú gás nach soláthraítear tríd an eangach náisiúnta. Mar
shampla, i roinnt limistéar, féadann taisceadán gáis gás a chur ar fáil
do roinnt tithe a bhfuil a méadar aonair féin acu. Íoctar an Liúntas Gáis
Airgid Thirim ar an gcéad Mháirt de gach mí le cuntas in institiúid
airgeadais nó in oifig phoist.
Aonaid gháis nó leictreachais a thabhairt ar aghaidh
Is féidir do liúntas míosúil de €35 (€1.15 gach lá) a thabhairt ar
aghaidh gan srianadh agus is féidir é a tharraingt anuas am ar bith, lena
n-áirítear más mian leat athrú chuig soláthraí eile fuinnimh.
Liúntas 2: Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce
A luaithe is a cháilíonn tú le haghaidh an Phacáiste Sochair Teaghlaigh,
éiríonn tú incháilithe le haghaidh Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce ón
gcéad dáta athnuachana eile de do cheadúnas teilifíse.
Nuair a cháilíonn tú le haghaidh an Phacáiste Sochair Teaghlaigh,
eisíonn an Roinn ceadúnas teilifíse duit, agus tugann sí fógra do An Post
faoi do theidlíocht i leith ceadúnas saor in aisce fad is atá tú i dteideal
an Phacáiste Sochair Teaghlaigh.
Scoireadh den Liúntas Teileafóin ón 1 Eanáir 2014.
Rialacha
D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal na scéime seo má:
Tá tú 70 nó ós a chionn
NÓ
Má tá tú ag fáil Liúntas Cúramóra
NÓ
Tá tú ag tabhairt aire do dhuine atá ag fáil Liúntais Gaoil Forordaithe
nó Liúntais Freastail Leanúnaigh
NÓ
Má tá tú idir 66 agus 70 agus ag fáil aon cheann acu seo a leanas:
agus má chónaíonn tú i d'aonar nó le daoine faoi leith cáilithe -
féach 'Daoine cáilithe' thíos
NÓ
Má tá tú faoi 66 agus ceann de na híocaíochtaí seo a leanas dhá
fháil agat:
- Pinsean Easláinte
- Pinsean na nDall
- Forlíonadh Éagumais nó Cúiteamh do Fhir Oibre le Sochar Míthreorach
(ar feadh 12 mí ar a laghad)
- Liúntas
Míchumais
- Pinsean/sochar slandála sóisialta den chinéal céanna ó thír eile
atá clúdaithe ag Rialacha an AE nó ó thír eile a bhfuil Comhaontú
Slandála Sóisialta Déthaobhach ag Éire léi
agus má chónaíonn tú i d'aonar nó le daoine faoi leith cáilithe
I measc an ndaoine cáilithe tá:
- Aosach cáilithe (is aosach cáilithe do chéile/pairtnéir
sibhialta/comhchónaitheoir má tá Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe
á fháil agat le d’íocaíocht féin, nó dá mba rud é go mbeadh
méadú mar sin á fháil agat, ach nach bhfuil, toisc go bhfuil a
íocaíocht féin á fáil ag an duine eile)
- Páist(í) cleithiúnach(a) faoi 18 nó faoi 22 ach ag freastal ar
oideachas lán-aimseartha (ní mór teastas a chur ar fáil ón
scoil/coláiste dóibh siúd atá 18 nó ós a chionn)
- Duine a bhfuil míchumas air/uirthi agus a theastaíonn cúram buan
uaidh/uaithi ar feadh 12 mí ar a laghad (d'fhéadfadh sé go mbeadh
teastas leighis ag teastáil)
- Duine/daoine a bheadh i dteideal an liúntais é/í féin (mar shampla,
duine a bhfuil Pinsean Stáit dhá íoc leis/léi)
- Duine a chuireann cúram buan ar fáil duitse nó do dhuine i do líon
tí má tá tusa nó an duine eile sin sa líon tí faoi mhíchumas mór
agus go dteastaíonn cúram buan uait ar feadh ar a laghad 12 mí
(d'fhéadfadh sé go mbeadh teastas leighis ag teastáil). Ní féidir
glacadh le daoine atá fostaithe ar feadh níos mó ná 15 uair sa
tseachtain nó le daoine atá ag fáil Sochar/Liúntas Cuardaitheora Poist
mar dhaoine a chuireann cúram buan ar fáil do dhuine eile.
NÓ
Má tá tú idir 66 agus 70, má chomhlíonann tú riachtanais scrúdú
maoine agus má tá cónaí ort i d'aonar no le aon cheann de na daoine
cáilithe thuasluaite.
Coinníollacha cháilithe eile
- Ní mór buanchónaí a bheith ort (ar feadh na bliana ar fad) ag an
seoladh lena dteastaíonn uait na liúntais a bheith i bhfeidhm. Ní
íoctar na liúntais má tá cónaí ort i dteach altranais áit nach
bhfuil lóistín glanscartha agat duit féin. D’fhéadfá a bheith i
dteideal Liúntas Teileafóin a fháil má tá tú os cionn 70, agus má
tá cónaí ort ina leithéid de theach altranais nó teach scoir, agus má
tá do chuntas teileafóin féin agat.
- Ní féidir le duine ar bith eile i do líon tí a bheith ag fáil na
liúntas
- Ní mór gur tusa an custaiméir cláraithe leis an soláthar
leictreachais/gáis nádúrtha má tá éileamh dhá dhéanamh agat ar
Liúntas Leictreachais/Gáis Nádúrtha agus an té atá cláraithe leis an
soláthraí seirbhíse teileafóin más Liúntas Teileafóin atá dhá
éileamh agat
- Caithfidh tú clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí nuair
iarrtar ort é a dhéanamh
Baintreacha (fir nó mná) nó páirtnéirí sibhialta marthanacha atá
idir 60 agus 65
Más baintreach (fir nó mná) nó páirtnéir sibhialta marthanach thú
atá idir 60 agus 65 agus má bhí do chéile nó páirtnéir sibhialta marbh
ag fáil Liúntas Teileafóin agus/nó Liúntas Leictreachais/Gáis
Nádúrtha/Buidéal Gáis a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in
Aisce ón Roinn Coimirce Sóisialaí roimh a b(h)ás, agus má bhí
buanchónaí oraibh lena chéile, d'fhéadfadh sé go mbeadh tusa i dteideal na
liúntas faoin Pacáiste Sochar Teaglaigh. Má bhí tú níos lú ná 60 bliain
d’aois nuair fuair do chéile nó do pháirtnéir sibhialta bás, baineann an
lamháltas leat nuair a bhainfeá 60 bliain amach.
Ní mór ceann acu seo a leanas a bheith dhá íoc leat:
- Pinsean Stáit (Idirthréimhse)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
(Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
(Neamh-Ranníocach)
- Íocaíocht Teaglaigh Aontuismitheora (Baintrí Fir/Mná)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
faoin Scéim
um Shochair Dhíobhálacha Ceirde
- Pinsean/Sochar Slandála Sóisialta den chinéal céanna ó thír eile
atá clúdaithe ag Rialacha an AE nó ó thír eile a bhfuil Comhaontú
Slandála Sóisialta Déthaobhach ag Éire léi
- Gnáthphinsean Baintrí Gharda ón Roinn Dlí agus Cirt, agus
Comhionannais.
D'fhéadfadh sé go mbeadh ort cáipéisí a chur ar fáil mar fhianaise go
raibh do chéile nó pháirtnéir sibhialta atá básaithe ag fáil Liúntas
Teileafóin agus/nó Liúntas Leictreachais/Gáis Nádúrtha/ar Bhuidéal Gáis
a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce.
Deontas do dhaoine atá ag athrú ó Phinsean Éasláinte, ó Liúntas
Míchumais nó ó Phinsean na nDall
Má tá Pinsean Éasláinte , Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall dhá
íoc leat agus Liúntas Teileafóin agus/nó Liúntas Gáis Nádúrtha/ar
Bhuidéal Gáis a Athlíonadh agus/nó Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce, is
féidir an Liúntas a choinneáil má athraíonn tú go dtí íocaíocht eile
ón Roinn Coimirce Sóisialaí (gan Sochar/Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar
Breoiteachta agus Liúntas Réamh-Scoir, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
agus Sochar Cúramóra a bheith san áireamh).
An scrúdú maoine
Má tá tú idir 66 agus 70 agus mura bhfuil tú ag fáil íocaíocht
cáilithe ní mór duit tástáil mhaoine a shásamh.
Is éard atá i gceist lena leithéid de thástáil mhaoine ná do theorainn
acmhainne seachtainiúil a mheas. Tá an teorainn seo bunaithe ar ráta uasta
reatha an Phinsin Stáit (Ranníocach) mar aon le méaduithe de bharr aoise,
cónaí i d'aonair, agus celeithiúnaithe fásta nó leanaí cleithiúnacha.
Is é ráta uasta an Phinsin Stáit (Ranníocach) mar aon le €100 do
theorainn ioncaim sheachtainiúil.
Cuirtear do theorainn ioncaim sheachtainiúil i gcomparáid le do mhaoin
seachtainiúil faoi mar a mheastar é nuair a dhéantar an tástáil
mhaoine.
Sásaíonn tú an tástáil mhaoine má tá do mhaoin sheachainiúil cothrom
le do theorainn ioncaim sheachtainiúil nó faoina bhun agus bíonn tú
incháilithe don Phacáiste Sochair Teaghlaigh.
Seolfar ceistneoir tástála maoine faoi leith chugat sa phost má tá tú
ag cur isteach ar Phacáiste Sochair Teaghlaigh ar bhunús tástála maoine.
Má athraíonn tú d'áit chónaithe
Má athraíonn tú d'áit chónaithe agus má chomhlíonann tú fós na
coinníollacha don Pacáiste Sochar Teaghlaigh ní mór duit iarratas a
dhéanamh in athuair.
Rátaí
Rátaí í 2017
| Allowance |
|
| Liúntas Leictreachais |
€35.00 gach mí (€1.15 gach lá) |
| Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) |
€35.00 gach mí (€1.15 gach lá) |
| Liúntas Gáis Nádúrtha |
€35.00 gach mí (€1.15 gach lá) |
| Liúntas le Buidéal Gáis a Athlíonadh |
€35.00 gach mí (€1.15 gach lá) |
| Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce |
Nuair a bhíonn tú i dteideal na Pacáiste Sochar Teaghlaigh bíonn
tú in ann Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce a fháil ó dháta
athnuachana do cheadúnas teilifíse. |
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Íoslódáil
agus comhlánaigh Form HB1 (pdf). Tá
tuilleadh eolais faoi Phacáiste Sochair Teaghlaigh ar fáil.
Ba chóir duit d’fhoirm iarratais a sheoladh ar ais chuig Rannóg an
Phacáiste Sochair Teaghlaigh:
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Uaireanta Oscailte:Ní thairgeann an oifig seo seirbhís do chuairteoirí pearsanta. Caithfidh gach ceist a bheith cur isteach tríd an fhoirm fiosraithe ar líne a úsáid, tríd an teileafón nó i scríbhinn.
Teil: (071) 915 7100 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 71 915 7100)
Lóghlao: 1890 500 000 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg an Phacáiste Sochair Teaghlaigh a
sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe
daingnithe a úsáid. Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do
theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'ionad Faisnéise do
Shaoránaigh áitiúil, oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ionad
Intreo.