Tádhá liúntas sa Phacáiste Sochair Teaghlaigh.
Liúntas 1
- Liúntas Leictreachais nó
- Liúntas Gáis Nádúrtha nó
- Liúntas Leictreachais Airgid Thirim nó
- Liúntas Gáis Airgid Thirim
Liúntas 2
- Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce
Tabhair do d'aire
Tabhair do d'aire, le do thoil, go bhfuil deireadh curtha leis an Liúntas Teileafóin ó 1 Eanáir 2014.
Liúntas 1
Is éard atá sa liúntas seo ná Liúntas Leictreachais nó Gáis Nádúrtha agus baineann 4 rogha dhifriúla leis. Má tá soláthar leictreachais agus gáis nádúrtha agat, agus é de réir do sholáthraí, is féidir leat do liúntas a fháil mar chreidmheas ar do bhille, nó mar chreidmheas airgid thirim isteach i do chuntas airgeadais nó Oifig Phoist ainmnithe.
A. Liúntas Leictreachais
Is creidmheas airgid thirim €35 in aghaidh na míosa é an Liúntas Leictreachais, (féach alt 5).
B. Liúntas Gáis Nádúrtha
Mar mhalairt ar an Liúntas Leictreachais, tá an Liúntas Gáis Nádúrtha ar fáil más rud é go bhfuil d'áit chónaithe nasctha le soláthar gáis nádúrtha. Is creidmheas airgid thirim €35 in aghaidh na míosa é, (féach alt 5).
C. Liúntas Leictreachais Airgid Thirim
Má tá cónaí ort i gcóiríocht fhéinchuimsitheach (árasán) agus má tá méadar sliotáin agat, nó más tiarna talún é an tomhaltóir cláraithe leictreachais ag do sheoladh, d'fhéadfaí go gcáileofá le haghaidh Liúntas Leictreachais Airgid Thirim. Íoctar é seo mar íocaíocht mhíosúil le do chuntas airgeadais nó oifig phoist ainmnithe, (féach alt 5). Anuas air sin, má úsáideann tú soláthraí eile seachas Electric Ireland, d'fhéadfá a bheith cáilithe chomh maith le haghaidh an liúntais leictreachais airgid thirim.
D. Liúntas Gáis Airgid Thirim Mura bhfuil d'áit chónaithe ceangailte de sholáthar gáis nádúrtha ach má chomhlíonann tú coinníollacha na scéime ar gach bealach eile, d'fhéadfá an Liúntas Gáis Airgid Thirim. Íoctar é seo mar íocaíocht mhíosúil le do chuntas airgeadais nó oifig phoist ainmnithe, (féach alt 5). Anuas air sin, má úsáideann tú soláthraí eile seachas Bord Gáis nó Flogas, d'fhéadfá a bheith cáilithe chomh maith le haghaidh an liúntais gáis airgid thirim.
Liúntas 2
Ceadúnas Teilifíse Saor in Aisce
Nuair a cháilíonn tú le haghaidh Pacáiste Sochair Teaghlaigh, d'fhéadfá Ceadúnas Teilifíse Saor In Aisce a fháil ón gcéad dáta athnuachana eile le haghaidh do cheadúnas teilifíse.