Réamhrá
Íoctar an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta go seachtainiúil do mhná
fostaithe atá ag iompar clainne nó ag tabhairt na cíche do leanbh agus a
bhfuil saoire shábháilteachta agus sláinte tugtha dóibh ag a bhfostóir
siúd.
Tá soláthar Saoire Shláinte agus Sábháilteachta ó obair in Éirinn
curtha ar fáil faoi Alt
18 den Acht um Chosaint Máithreachais 1994. Tugtar saoire shláinte agus
sábháilteachta óna cuid oibre do bhean mura féidir lena fostóir contúirt
ar bith dá sláinte a dhíothú agus í ag iompair clainne nó ag tabhairt na
cíche do leanbh, nó mura bhféadtar obair shábháilte a sholáthar di.
Chun bheith i dteideal Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil,
caithfear roinnt critéir ar leith agus coinníollacha ranníocaíochta
árachas shóisialaigh (ÁSPC) a shásamh. Íocfaidh d’fhostóir leat
ghnáthphá den an chéad 21 lá (3 sheachtain) den saoire shláinte agus
sábháilteachta agus íocfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an fuílleach.
Má mheasann tú gur diúltaíodh go héagórach do d’iarratas ar shochar,
is féidir leat achomharc a dhéanamh i
leith an chinnidh seo.
Le linn do thréimhse Shaoire Sláinte agus Sábháilteachta measfar go
bhfuil tú fós fostaithe. Breathnaítear ar am atá caite ar shaoire sláinte
agus sábháilteachta mar thréimhse fostaíochta don fhostaí, agus is féidir
an t-am seo a úsáid chun teidlíocht saoire bhliantúil a charnadh. Níl an
fostaí i dteideal saoire maidir le saoirí poiblí ar bith a tharlaíonn nuair
atá sí ar saoire sláinte agus sábháilteachta.
Gearradh cánach ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta
Beidh Sochar Sláinte agus Sábháilteachta inchánaithe le haghaidh gach
éilitheoir. Gearrtar cáin ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta ar an
mbealach céanna le Sochar Máithreachais. Ní bheidh Muirear Sóisialta
Uilíoch ní ÁSPC a bheith iníoctha. Is féidir léigh conas a ghearrtar
cáin ar Shochar Máithreachais sa cháipéis, Gearradh
cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Is féidir tuilleadh eolais
faoi
ghearradh cánach ar Shochar Máithreachais ó Revenue a fháil.
Rialacha
Chun Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil:
- Ní foláir nó gur bean atá fostaithe tú atá ag iompar clainne agus
go mbaineann contúirt áirithe le do chuid oibre nó go bhfuil tú ag
déanamh obair oíche, ( gur idir 11ir agus 6rn a dhéanann tú trí uair a
chloig/25% de do chuid oibre, ar a laghad) nó
- Ní foláir nó gur saolaíodh leanbh duit sna 14 seachtain roimhe sin
agus go bhfuil tú ag déanamh obair oíche nó
- Ní foláir duit bheith ag tabhairt na cíche do leanbh ar feadh suas ar
feadh suas le 26 seachtain tar éis a bhreithe agus go mbaineann contúirt
áirithe le do chuid oibre. Tá cur síos iomlán ar fáil ón Údarás
Sláinte agus Sábháilteachta ar na rioscaí seo (pdf).
Caithfidh tú na coinníollacha ÁSPC seo leanas a shásamh:
- Gur íoc tú árachas
sóisialach (ÁSPC) ar feadh 13 seachtain ar a laghad sna 12 mhí roimh
an dáta ina rabhthas ag súil leis an mbreith, nó
- Gur íoc tú 104 seachtain ón am ar chéadthosaigh tú ag obair agus go
bhfuil 39 seachtain ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe sa bhliain chánach
ábhartha (beidh íosmhéíd 13 ranníocaíochtaí sa bhliain chánach
ábhartha íoctha uait) nó
- Gur íoc tú 26 seachtain ÁSPC sa bhliain chánach chuí agus 26
seachtain ÁSPC sa bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.
Ciallaíonn bliain chánach ábhartha an bhliain chánach iomlán
leathdheireanach roimh an bhliain ar a n-éilítear Sochar Sláinte agus
Sábháilteachta. I gcás éileamh don bhliain 2017 is í 2015 an bhliain
chánach ábhartha.
Cé chomh fada a íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta?
Leantar le híocaíocht an tSochair Sláinte agus Sábháilteachta go
dtí:
- An lá a mbíonn tú i dteideal Sochar Máithreachais a fháil, má tá
tú ag iompar clainne;
- 16 seachtain tar éis dáta bhreithe an linbh, más duine fostaithe ar
saolaíodh páiste duit le déanaí tú agus má tá tú ag déanamh obair
oíche;
- 26 seachtain ón dáta ar saolaíodh an leanbh duit, má tá tú ag
tabhairt na cíche.
Stoptar an Sochar Sláinte agus Sábháilteachta má chuirtear deireadh le
do shaoire shláinte agus sábháilteachta ar cheann de na cúiseanna seo:
- Ní bhaineann aon chontúirt le d’ionad oibre a thuilleadh,
- Chuir d’fhostóir deireadh leis an gcontúirt nó tugadh obair
dhifriúil duit, nó
- Tá tú ag obair ar chonradh ar théarma seasta agus tagann sé chun
críche.
Rátaí
Céimnítear na rátaí i gcomhair an tSochair Sláinte agus
Sábháilteachta de réir do mheántuillimh seachtainíúil sa
bhliain chánach a bhaineann le hábhar.
Rátaí seachtainiúil maidir le éileamh nua ó 13 Márta
2017
| Tuilleamh seachtainiúil |
Ráta Pearsanta |
Duine Fásta Cáilithe |
| Níos lú ná €150 |
€86.70 |
€83.00 |
| €150-219.99 |
€124.60 |
€83.00 |
| €220-299.99 |
€151.20 |
€83.00 |
| €300 nó níos mó |
€193.00 |
€128.10 |
Íocaíocht Sochair Sláinte agus Sábháilteachta
Is féidir Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a íoc isteach díreach i
do chuntas bainc nó, is féidir an íocaíocht a dhéanamh le seic. Geobhaidh
tú ráta pearsanta agus is féidir go bhfaighidh tú íocaíocht do dhuine
fásta cáilithe agus do leanbh
cáilithe. Ní dhéanann do mheánioncaim seachtainiúil
difear don ráta íocaíochta do leanbh cáilithe.
Conas iarratas a dhéanamh
Comhlánaigh an
fhoirm HSB1 agus seol ar ais í chuig Rannnóg an tSochair Shláinte agus
Sábháilteachta (seoladh thíos).
Caithfidh tú cuid 1,2 agus 4-8 a chomhlánú.
Ba chóir do d’fhostóir cuid 3 a chomhlánú.
Ba chóir do do dhochtúir teaghlaigh cuid 9 a chomhlánú.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Rannóg an tSochair Shláinte agus Sábháilteachta
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie