Rialacha
Céard is cónaí rialta ann?
Níl an téarma “cónaí rialta” sainithe i ndlí na hÉireann. I
gcleachtas, is éard is brí leis ná go bhfuil garnasc profa agat le hÉirinn.
Léiríonn an téarma marthanaí freisin – go bhfuil duine anseo ar feadh
tréimhse fada agus go bhfuil sé i gceist acu fanacht anseo ar feadh tréimhse
amach anseo. Le cruthú go bhfuil cónaí rialta anseo, teastaíonn fianaise
uait. Má tá cónaí ort in Éirinn do do shaol uile, an-seans nach mbeidh
mórán deacrachta agat a léiriú go sásaíonn na fachtóir a thugann cónaí
rialta le fios - féach ar an liosta thíos.
Cé a dhéanann an cinneadh más cónaitheoir rialta é/í an
t-iarratasóir nó nach bhfuil?
Cinneann Oifigí Cinnte atá ceaptha go reachtúil (nó Oifigí Cinnte sa
chás go bhfuil Liúntas Leasa Shóisialaigh Bhreise i gceist) má
chomhlíonann tú an díth le bheith i do chónaitheoir rialta sa Stát.
Braithfidh an tOifigeach ar fhianaise a sholáthraíonn tú agus beidh
sé/sí treoraithe ag dlí agus treoirlínte náisiúnta agus AE agus an
cinneadh á dhéanamh acu. Nuair a dhéanann Oifigeach cinneadh má tá duine
ina c(h)ónaitheoir rialta nó nach bhfuil ní mór dóibh sraith céimeanna a
leanúint:
1. Seiceáil más duine nach bhfuil ceaptha mar chónaitheoir rialta
sa Stát thú
Mar shampla, ní mheastar go bhfuil iarratasóirí ar thearmann ina
gcónaitheoirí rialta. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach maidir le cé
nach gcaitear leo mar chónaitheoirí rialta in Aguisín 3 de na Treoirlínte
Oibríocha.
2. Seiceáil má tá tú díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe
rialta
Tá daoine áirithe, go háirithe daoine atá ina saoránaigh EEA agus a
chaitear leo mar oibrí imirceach, díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe
rialta (féach freisin Díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta do
shaoránaigh EEA thíos). Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil
maidir le cé
atá díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta i Roinn 3 de na Treoirlínte
Oibríocha.
3. Seiceáil ar rinneadh cinneadh cónaithe rialta cheana nó an
bhfuil na cás faoi achomharc
Ba cheart go leanfaidh cinneadh
a rinneadh cheana ar chónaí rialta ar aghaidh go héilimh iartheachtacha
ach amháin más rud é go raibh athrú ollmhór i gcúinsí an iarratasóra
ón uair a rinneadh iarratas nua.
4. Breithnigh má tá an ceart ag duine cur fúthu sa
Stát
Mura bhfuil ceart
dlí agat cónaí a bheith agat sa Stát seo, ní chaithfear leat mar
dhuine a bhfuil cónaí rialta acu. Tá an ceart ag na grúpaí daoine seo a
leanas maireachtáil in Éirinn:
- Saoránaigh na hÉireann
- Saoránaigh an RA ón Limistéar Taistil Chomónta (CTA)
- Saoránaigh an EEA atá fostaithe nó féinfhostaithe in Éirinn
- Saoránaigh an EEA atá tar éis a bheith fostaithe anseo ar feadh níos
mó ná bliain agus atá dífhostaithe anois, chomh fada agus atá siad
cláraithe mar chuardaitheoirí poist leis an Roinn Coimirce
Sóisialaí,
- Saoránaigh an EEA atá tar éis a bheith fostaithe anseo ar feadh níos
lú ná bliain agus atá dífhostaithe anois, is féidir leo fanacht anseo
ar feadh 6 mhí chomh fada agus atá siad cláraithe mar chuardaitheoirí
poist leis an Roinn Coimirce Sóisialaí
- Saoránaigh EEA atá in ann tacú leo féin, lena c(h)éile/p(h)áirtí
sibhialta agus le haon duine eile atá ag brath orthu agus le hárachas
breoiteachta cuimsithí
- Is féidir le saoránaigh an EEA atá ina gcuairteoirí nó ina
gcuardaitheoirí poist fanacht ar feadh suas go 3 mhí chomh fada agus nach
dtarlaíonn sé go bhfuil siad ina n-ualach ar chóras leasa shóisialaigh
an Stáit taobh istigh den tréimhse sin
- Náisiúnaigh Neamh-LEE a bhfuil cónaithaitheacht nó ceadfostaíochta
acu a ligeann dóibh cónaí agus oibriú go dleathach sa Stát. Beidh ag
duine a bhfuil cead cónaithe acu an stampa oiriúnach
inimirce ina bpas agus Deimhniú Cláraithe arna eisiúint Biúró
Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) (cárta GNIB).
- Iarrthóirí tearmainn ar tugadh cead dóibh chun fanacht sa tír
Is gnách go mbíonn an stádas céanna cónaitheachta ag céile nó
páirtnéir sibhialta cónaithe agus/nó cleithiúnaithe de dhuine ag a
bhfuil stádas dídeanaí nó náisiúnaigh Neamh-LEE ag a bhfuil cead
fostaíochta agus an stádas sin a bhíonn ag an urraitheoir. Ba cheart
caitheamh leis na daoine muinteartha seo amhail gnáthchónaí bheith orthu a
fhad agus a choimeádann siad féin agus an t-urraitehoir cead chun bheith sa
Stát.
5. Scrúdaigh na 5 fhachtóir chun cónaí rialta a
chinneadh
Nuair atá do cheart cónaithe bunaithe, scrúdaítear na 5 fhachtóir seo a
leanas (atá tar éis a bheith leagtha síos i ndlí na hÉireann agus na
hEorpa) d’fhonn a fháil amach má tá cónaí rialta ort in Éirinn nó mura
bhfuil:
- Fad agus leanúnachas an chónaithe in Éirinn
- Fad agus cuspóir aon easpa ó Éire
- Nádúr agus patrún fostaíochta
- Do phríomhspéis
- Do bharaí amach anseo chun cónaithe in Éirinn de réir mar atá le
feiceáil ón bhfianaise
Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoin 5
fhachtóir sna Treoirlínte Oibríocha ar shuíomh gréasáin an Roinne
Coimirce Sóisialaí. Tá forlíonadh
do na Treoirlínte, le cásanna a léiríonn an chaoi ina gcuirtear an
coinníoll cónaithe rialta i bhfeidhm i gcleachtas, foilsithe ag an Roinn
Coimirce Sóisialaí.
Díolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta do shaoránaigh EEA
Faoi dhlí an AE, i gcásanna áirithe, ní gá do shaoránaigh
an EEA nó na hEilvéise an coinníoll cónaithe rialta a shásamh.
Baineann na cúinsí seo leis na rudaí seo a leanas:
- Sochair Theaghlaigh agus
- Liúntas Leasa Bhreise
Glactar leis go Sochair Theaghlaigh faoi
Rialacháin an AE (pdf) iad na híocaíochtaí leasa shóisialaigh
Éireannacha seo a leanas:
Ciallaíonn sé seo go bhfuil siad iníoctha do dhuine a cháilíonn do
stádas oibrí imircigh an AE do chleithiúnaí atá ina gcónaí in Éirinn
nó i stát EEA eile. Ach, tá saoránaigh an EEA agus na hEilvéise a bhogann
go hÉirinn ag cuardach fostaíochta faoi réir an choinníll chónaithe rialta
sa ghnáthchaoi agus iad ag cuardach oibre.
Más saoránaigh an EEA thú agus más féidir caitheamh leat mar oibrí
imircigh AE, seans go bhfuil tú i dteideal Liúntais Leasa Shóisialaigh
Bhreise (SWA). Chun a bheith caite le mar oibrí imircigh AE ní mór go raibh
tú i bhfíor obair (ní obair fhánach) ón uair a dtáinig tú go hÉirinn.
Ciallaíonn sé seo go d’fheadfadh daoine a bhí fostaithe ón uair a
dtáinig siad go hÉirinn a bheith i dteideal SWA fiú mura gcomhlíonann siad
an coinníoll cónaithe rialta do Liúntas Cuardaitheora Poist.
Imircí ag filleadh ar Éire
Coisceann rialacha an AE idirdhealú ar bhonn náisiúntachta maidir le
tacaíocht shóisialta, mar sin níl an fhéidearthacht ann catagóir áitithe
de shaoránaigh na hÉireann (imircí ag filleadh ar Éire, mar shampla) a
rangú mar dhíolmhaithe ón gcoinníoll cónaithe rialta (go ginearálta nó
do Liúntas Cúramóra) gan caitheamh le gach saoránach de chuid an AE mar a
chéile. Ach, pléann na treoirlínte maidir le cinneadh a dhéanamh ar
chónaí rialta an cheist i leith imircí ag filleadh go han-chuimsitheach. Tá
an mhéid seo a leanas ráite sna treoirlínte: “D’fhéadfadh sé go
gcaithfear le duine a raibh cónaí rialta aige/aici sa Stát cheana agus a
bhog chun dul ag obair i dtír eile agus ansin a thógann suas a c(h)ónaí
fadtéarmach sa Stát arís mar dhuine lena bhfuil cónaí rialta aige/aici
díreach tar éis dó/di filleadh ar an Stát."
Agus cinneadh á dhéanamh ar an bpríomhshuim atá ag imircí ag filleadh,
tógann Oifigigh Cinnte na rudaí seo a leanas san áireamh:
- An fáth a bhfuil tú ag filleadh, mar shampla, mar gur éag do chead
cónaithe eachtartha
- Do bharaí ráite
- Socruithe fíoraithe atá déanta agat maidir le filleadh ar bhonn
fadtéarmaigh, mar shampla, aistriú cuntas airgeadais agus aon mhaoin
eile, deireadh a chur le teidlíochtaí atá ag daoine atá ina gcónaí
thar lear sa tír eile, nó cúnamh ó Safe-Home nó clár cosúil leis
chun cuidiú le himircí na hÉireann filleadh go buan
- Fad agus leanúnachas do chónaí sa Stát cheana
- Do thaifead fostaíochta nó féinfhostaíocht i stát eile agus
- Más rud é gur choinnigh tú do naisc leis an gcónaí a bhí agat
cheana agus más féidir caitheamh leat mar dhuine atá ag athchromadh an
chónaithe a bhí agat cheana ina ionad tús a chur le ceann nua.
Cáipéisíocht
Má theastaíonn níos mó faisnéise ón RCS chun cinneadh a dhéanamh ar
cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gnáthchónaí ort i bPoblacht na
hÉireann, d’fhéadfadh go n-iarrfar ort foirm HRC1 (pdf) a
chomhlánú.
Is ainneoin an tír as a bhfuil tú ag filleadh ó d’fhéadfadh sé go
mbeidh ort fianaise cáipéisíochta a sholáthar a léiríonn céard é do
'spéis' anois in Éirinn. Ba cheart go léireodh an fhianaise seo gur bhog tú
go hÉirinn, go bhfuil sé i gceist agat fanacht in Éirinn go buan agus nach
bhfuil sé i gceist agat filleadh chun cónaithe sa tír as a dtáinig tú.
Nuair atá an fhéidearthacht ann, ba cheart duit an fhianaise
cáipéisíochta seo a leanas a sholáthar:
- Fianaise a thaispeánann gur thug tú suas aon lóistín a bhí agat thar
leat
- Fianaise a thaispeánann gur cheallaigh tú nó go ndearna tú iarratas
aon shochar neamh-aistrithe a chur ar ceal
- Fianaise gur aistrigh tú nó go ndearna tú iarratas aon ioncam
inaistrithe a aistriú
- Fianaise de na miosúir atá curtha i ngníomh agat chun cuntas bainc a
oscailt anseo
- Fianaise chun a léiriú go bhfuil tionóntacht agat i d’ainm féin (in
Éirinn)
- Fianaise na gcáipéisí taistil agat lena n-áirítear, más ann dóibh,
bagáiste breise agus admhálacha seoladóireachta.
Déanfaidh an tOifigeach cuí an fhianaise a chuirtear os a c(h)omhair a
fhordheimhniú, chomh fada agus is féidir. I gcásanna áirithe,
d’fhéadfadh sé go gcuirfear ceist ort fianaise cáipéisíochta breise a
chur isteach. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh Cigire Leasa Shóisialaigh
imscrúdú a dhéanamh ar d’iarratas.
Ag cur isteach achomharc ar chinneadh maidir le cónaí rialta
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh Oifigeach Cinntí nó tá sé de cheart
agat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú agus/nó ceart achomhairc. Má
dhéantar athbhreithniú ar do chás, is féidir leat fianaise bhreise a chur
isteach agus iarradh ar athbhreithniú ar an gcinneadh. Is féidir leat
achomharc a thógáil i gcoinne an chinnidh chuig an Oifig Achomhairc Leasa
Shóisialaigh neamhspleách. Más fearr leat, féadfaidh tú achomharc a
dhéanamh go díreach chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh
neamhspleách gan athbhreithniú a lorg i dtosach.