Ligeann ranníocaíochtaí saorálacha duit a bheith
árachaithe nuair a fhágann tú an córas éigeantach
ÁSPC. Féadfaidh tú ranníocaíochtaí saorálacha a íoc,
ar chuntar go gcomhlíonfaidh tú coinníollacha áirithe:
- mura bhfuil tú faoi chumhdach scéime ÁSPC ar
bhonn éigeantach in Éirinn a thuilleadh,
- mura bhfuil tú faoi chumhdach scéime ÁSPC ar
bhonn éigeantach nó saorálach in aon tír eile den
Aontas Eorpach a thuilleadh,
- má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois,
- má chomhlíonann tú coinníollacha cáiliúcháin.
Tabhair faoi deara
Níl ranníocaíochtaí saorálacha éigeantach, tá
sé de rogha ag duine iad a íoc nó gan iad a
íoc. Ní féidir iad a aisíoc ach amháin mar a
n-íoctar i ndiaidh an dáta dhlite iad nó mar ar
íocadh ÁSPC éigeantach sa bhliain chéanna
freisin. Ní foláir aisíocaí a éileamh laistigh de
theorainn cheithre bliana.