Áis Taighde Oifig an Ard-Chláraitheora (GRO)
Tá áis taighde theaghlaigh ag Oifig an Ard-Chláraitheora ar an Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2.
Féadfaidh an pobal táille a íoc ag an oifig seo chun na hinnéacsanna leis na clárleabhair a chuardach agus fótachóipeanna de thaifid a aithnítear ó na hinnéacsanna a cheannach. Gheofar sonraí na dtáillí in Cuardaigh agus Táillí thíos.
Tá innéacsanna i dtaca leis na taifid seo a leanas d'imeachtaí saoil ar fáil lena gcuardach ag an áis taighde:
- Breitheanna a cláraíodh ar oileán na hÉireann idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921, agus an dá dháta sin san áireamh, agus in Éirinn (seachas sé chontae an oirthuaiscirt – Doire, Aontroim, An Dún, Ard Mhacha, Fear Manach agus Tír Eoghain) ó 1922 ar aghaidh.
- Básanna a cláraíodh ar oileán na hÉireann idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921 agus an dá dháta sin san áireamh (seachas Tuaisceart Éireann) ó 1922 ar aghaidh.
- Póstaí nach póstaí Caitliceacha Rómhánacha iad a cláraíodh ar oileán na hÉireann idir 1 Aibreán 1845 agus 31 Nollaig 1863 agus an dá dháta sin san áireamh.
- Póstaí a cláraíodh ar oileán na hÉireann idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921 agus an dá dháta sin san áireamh agus in Éirinn (seachas Tuaisceart Éireann) ó 1922 ar aghaidh.
- Uchtuithe intíre a cláraíodh in Éirinn ón 10 Iúil 1953 ar aghaidh.
Uaireanta oifige
Luan go hAoine (ach amháin laethanta saoire phoiblí) ó 9.15 am go 4.45 pm.
Cuardaigh agus Táillí
Is féidir dhá chineál cuardaigh a dhéánamh ag an áis taighde theaghlaigh:
- Cuardach ar leith a chlúdaíonn 5 bliana ar a mhéad ar €2.00
- Cuardach ginearálta a chlúdaíonn aon mhéid blianta ar €20.00 sa lá
Is féidir fótachóip d'iontráil sna taifid a cheannach ar €4.00.
Na taifid in Oifig an Ard-Chláraitheora, Ros Comáin
Tá Oifig an Ard-Chláraitheora suite in Oifigí an Rialtais, Bóthar an Chlochair, Ros Comáin, Co. Ros Comáin. Le cois na dtaifead a choimeádtar ag an áis taighde theaghlaigh in Sráid San Werburgh, Baile Átha Cliath 2, coimeádtar innéacsanna leis na clárleabhair seo a leanas d'imeachtaí saoil i Ros Comáin amháín.
Orthu sin tá:
- Breitheanna ar Muir i gcás leanaí ar rugadh duine amháin ar a laghad dá dtuismitheoirí ar oileán na hÉireann idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921. Breitheanna ar Muir i gcás leanaí ar rugadh duine amháin ar a laghad dá dtuismitheoirí ar oileán na hÉireann tar éis 1921.
- Básanna ar Muir i gcás daoine a rugadh ar oileán na hÉireann idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921 agus i gcás daoine a rugadh in Éirinn tar éis 1921.
- Breitheanna leanaí do thuismitheoirí Éireannacha, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921.
- Básanna daoine a rugadh in Éirinn, arna ndeimhniú ag Consail na Breataine thar lear, idir 1 Eanáir 1864 agus 31 Nollaig 1921.
- Póstaí a cheiliúir an tUrr. J F G Schulze nach maireann, Ministéir d'Eaglais Phrotastúnach na Gearmáine, Sráid an Phoill Bhig, Baile Átha Cliath, idir 1806 agus 1837 agus an dá bhliain sin san áireamh.
- Breitheanna, básanna agus póstaí a cláraíodh de bhun fhorálacha an Births, Deaths and Marriages (Army) Act, 1879,
- Breitheanna agus básanna a cláraíodh de bhun fhorálacha an Achta Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1960.
- Breitheanna agus básanna áirithe a tharla lasmuigh den Stát (De bhun fhorálacha an Achta um Chlárú Breitheanna, Básanna agus Póstaí, 1972, Alt 4).
- Póstaí áirithe Lourdes (De bhun fhorálacha Acht na bPóstaí, 1972, alt 2).
- Marbh-bhreitheanna a cláraíodh in Éirinn ón 1 Eanáir 1995 (cóipeanna deimhnithe ar fáil do thuismitheoirí amháin).
- Básanna oifigeach Éireannach agus fir liostáilte a maraíodh i mbun troda nó fad a bhí siad ar seirbhís thar lear sa Chogadh Mór 1914-1919.
- Tuairisceáin de bhásanna a tharla le linn Chogadh na hAfraice Theas (1899-1902) i gcás Éireannach.
Chun deimhniú a iarraidh ó na taifid seo téigh chuig an leathanach 'Iarr Deimhniú'.