Réamhrá
Má fhaigheann duine bás de bharr timpiste ag an obair nó galar ceirde,
d’fheadfaí Sochar Báis (faoin Scéim
um Shochair Dhíobhálacha Ceirde) a íoc lena gcéile nó bpáirtnéir
sibhialta marthanach nó lena gcleithiúnaí linbh. D’fhéadfaí Sochar Báis
a íoc, chomh maith, ag tráth a mbáis, má bhí Pinsean
Míchumais á fháil acu ar a ndéantar measúnú ar ráta 50% nó níos
airde, gan aird ar chúis an bháis.
Áirítear leis an Scéim um Shochar Báis:
- Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh
- Pinsean Dílleachta
- Deontas Sochraide
Rialacha
Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh
Íoctar seo le céile nó le páirtnéir shibhialta marthanach duine a fuair
bás mar thoradh ar thimpiste ag an obair, ar ghalar ceirde nó le duine ag a
raibh Pinsean Míchumais á fháil ar a ndéantar measúnú ar ráta 50% nó
níos airde, ag tráth a mbáis. Ní féidir leat an pinsean a fháil má
phóstar athuair thú, má iontrálann tú páirtnéireacht shibhialta nó má
chomhchónaíonn tú le duine eile. Ní dhéanann aon ioncam a d’fhéadfadh
bheith agat difear don phinsean. Íoctar méaduithe i leith leanaí cáilithe
leis an bpinsean. Gearrtar
cáin ar an bpinsean.
Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh faoin Scéim um Shochar Báis a íoc ag an tráth céanna le Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintreach
Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Pinsean Dílleachta
Íoctar seo ar son linbh má fuair tuismitheoir, leastuismitheoir nó duine
bás a chuir tacaíocht ar fáil don leanbh mar thoradh ar thimpiste ag an
obair, ar ghalar ceirde nó más duine iad a raibh Pinsean Míchumais á fháil
acu ar a ndéantar measúnú ar ráta 50% nó níos airde, ag tráth a mbáis.
Ba cheart do chaomhnóir an dílleachta iarratas a dhéanamh ar an
íocaíocht.
Deontas Sochraide
Má shásaíonn an duine marbh na coinníollacha, féadfar Deontas Sochraide
a íoc leis an duine a íocann as costais na sochraide. Ní ghearrtar cáin ar
Dheontas Sochraide. Ní féidir Deontas Sochraide a íoc mar aon le Deontas Méala.
Rátaí
Íoctar íocaíochtaí faoin Scéim um Shochar Báis ar rátaí níos airde
ná Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh nó Íocaíocht Chaomhnóra.
| Ráta
íocaíochta ó Márta 2017 |
| Baintreach, Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach (faoi
66) |
€223.50 |
| Baintreach, Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach
(níos sine ná 66) |
€242.70 |
| Baintreach, Baintreach Fir nó Páirtnéir Sibhialta Marthanach
(níos sine ná 80) |
€252.70 |
| Méadú i leith Leanbh Cáilithe |
€29.80 |
| Pinsean Dílleachta |
€179.80 |
| Deontas Sochraide (cnapshuim aonuaire) |
€850.00
|
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart éileamh a dhéanamh ar íocaíochtaí faoin Scéim um Shochar
Báis laistigh de 3 mhí tar éis dháta an bháis, nó d’fhéadfá roinnt
sochar a chailleadh.
Comhlánaigh foirm éilimh OB 61(pdf) ar a bhfuil
fáil ó d’oifig áitiúil leasa shóisialaigh. Seol d'fhoirm chomhlánaithe
éilimh chuig an Rannóg um Shochar Báis ag an seoladh thíos.