Is éard atá sa Sochar Linbh ná íocaíocht mhíosúil do gach leanbh cáilithe atá ag cónaí leat, agus á chothabháil agat, de ghnáth. Leanbh cáilithe is ea:
- leanbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois,
ná
- leanbh atá 16 nó 17 de bhlianta d'aois:
- atá in oideachas lánaimseartha, nó
- a fhreastalaíonn ar chúrsa Ógtheagmhála (Youthreach), SOLAS (ar a dtúgtaí FÁS tráth), nó
- atá faoi mhíchumas coirp nó meabhrach, agus
- a bhraitheann ort.
Stadfaidh an Sochar Linbh nuair a bheidh do leanbh 18 mbliana d'aois.