Is é is Sochar Cúramóra ann ná íocaíocht do dhaoine árachaithe a d’fhág an lucht oibre le déanaí agus a thugann aire do dhaoine áirithe ag a bhfuil gá le cúram agus aire lánaimseartha.
Is féidir leat an Sochar Cúramóra a fháil ar feadh suas le 2 bhliain go hiomlán do gach duine dá dtugann tú aire. Is féidir leat é a éileamh ar feadh tréimhse leanúnaí 2 bhliain nó i dtréimhsí éagsúla arb ionann iad agus 2 bhliain nuair a chuirtear le chéile iad. Má chuireann tú cúram ar fáil do bhreis agus duine amháin, is féidir go mbeidh tú i dteideal 50% breise de d’íocaíocht phearsanta a fháil.
Má fhágann tú an lucht oibre chun aire a thabhairt do dhuine ag a bhfuil gá le cúram agus aire lánaimseartha, is féidir go mbeidh tú i dteideal saoire shealadach gan phá a fháil ó do phost. Féach lch. 14 chun a thuilleadh eolais a fháil.
Is é is Liúntas Cúramóra ann ná íocaíocht de réir tástála acmhainne do dhaoine a thugann aire do dhaoine áirithe. Ó 27 Meán Fómhair 2007, is féidir go bhfaighidh tú an Liúntas Cúramóra ar leathráta in éineacht le d'íocaíochtaí eile, má fhaigheann tú íocaíochtaí áirithe ón Roinn seo agus má chomhlíonann tú na coinníollacha maidir leis an Liúntas Cúramóra. B’fhéidir freisin go bhféadfá an Liúntas Cúramóra ar leathráta a fháil in éineacht le méadú a bheith á fháil duit mar dhuine fásta cáilithe ag duine éigin eile ar a (h)íocaíocht leasa shóisialaigh féin. Chun a thuilleadh eolais a fháil, logáil isteach ar www.welfare.ie.