Eolas
Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean Daill a íoctar leis na daill agus
le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn
orthu. An Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann an íocaíocht. Le bheith i
dteideal an phinsin ní mór scrúdú súl a fháil déanta ag lia oftailmeach
(íocfaidh an Roinn as) ar mhaithe le míchumas na súl a chinntiú.
D'fhéadfadh sé go mbeadh daoine áirid a bhfuil lagú amhairc orthu i
dteideal an phinsin freisin.
Tá an íocaíocht a gheobhaidh tú déanta suas de ráta pearsanta duit
féin agus suimeanna eile do dhuine fásta cáilithe agus aon pháistí
cleithiúnacha (breathnaigh na rátaí thíos). Má fhaigheann tú Pinsean
Daill d’fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas
Leasa na nDall a fháil freisin. Gheobhaidh tú Pas Saor Thaistil
agus Pas Saor Thaistil Chompánaigh. (Pas Saor Thaistil a thugann deis duit
taisteal ar sheirbhísí iompair phoiblí an Stáit saor in aisce. Tugann Pas
Saor Thaistil Chompánaigh deis do chompánach atá 16 bliana nó ós a chionn
taisteal in éineacht leat in aisce). D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i
dteideal liúntas eile, Liúntas
Cónaithe i d'Aonair agus an Scéim
Liúntas don Líon Tí.
Má cheapann tú go raibh cinneadh a tógadh gan Pinsean Daill a thabhairt
duit mícheart, nó má tá tú míshásta maidir le cinneadh a thóg Oifigeach
Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a
lorg ar an gcinneadh seo.
É Pinsean na nDall foinse inchánach ioncaim.
Rialacha
Más duine dall thú nó má tá tú faoi mhíchumas dona amhairc roimh duit
ocht mbliana déag a bhaint amach ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar an
bPinsean seo 4 mhí roimh d'ochtú breithlá déag. (Má tá tú idir 16-18,
d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas
Míchumais) a fháil.) Féadfaidh tú Pinsean na nDall a fháil go dtí go
sroichfidh tú 66 bliana d’aois.
Más i ndiaidh duit ocht mbliana déag a bhaint amach a thagann daille nó
míchumas amhairc ort, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus a
tharlaíonn sé. Tá sé seo tábhachtach mar ní féidir íocaíocht a
thabhairt ach ón lá a thagann an t-iarratas isteach. Má theastaíonn
cúram lánaimseartha uait d'fhéadfadh sé go mbeadh an cúramaí i dteideal
ceann de na híocaíochtaí seo a leanas - Liúntas Cúramaí nó Sochar Cúramaí.
An Scrúdú maoine
I measc na bpríomhnithe a chuirtear san áireamh mar mhaoin tá:
- Aon ioncam airgid thirim atá agat nó ag do chéile/pháirtnéir
sibhialta/chomhchónaitheoir
- Luach aon choigiltis, infheistíochtaí, scaireanna, talún, & rl
- Aon áitreabh atá agat
- Íocaíocht chothabhála a fhaigheann tú má tá tú tréigthe, scartha
nó páirtnéir sibhialta nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an bpáirtnéir
sibhialta eile
Ní chuirtear na nithe seo san áireamh mar mhaoin:
- Do theach cónaithe féin
- Íocaíocht ón Roinn seo atá dhá fháil ag ball eile den líon tí
- Luach an chéad €20,000 de shócmhainní caipitiúla (mar shampla
coigiltis)
- Airgead a fuair tú ó eagraíocht aitheanta carthanachta (gan údarás
poiblí nó áitiúil a bheith san áireamh)
- An chuid chothabhála de dheontas ard aoideachais a íoctar ar do shon,
ar son duine fhásta cháilithe nó ar son leanaí cleithiúnacha i leith
cúrsaí faoi leith
- Ioncam go huasteorainn faoi leith ón bhfostaíocht athshlánaithe
- Ioncam ó thraenáil athshlánaithe
- Liúntas Cúraim
Bhaile a íoctar ar son leanaí cleithiúnacha
- Sochar
Leanaí, Liúntas
Breise Leasa ná liúntais i dtaobh leanaí atá faoi chúram altrama
nó gaolta
- Liúntas
Soghluaisteachta ón Roinn Sláinte.
- Liúntas Leasa na nDall
Obair agus Pinsean Daill
Is féidir leat €120 sa tseachtain a shaothrú ón bhfostaíocht
athshlánaithe roimh don ioncam sin a bheith curtha san áireamh don scrúdú
maoine.
Má bhíonn tú i bhfostaíocht athshlánaithe le tuarastal idir €120 agus
€350 in aghaidh na seachtaine. Má tá do thuillimh ó obair athshlánaithe
os cionn €120 sa tseachtain, ní thógfar 50% ded' thuillimh idir €120 agus
€350 san áireamh sa tástáil acmhainne don Pinsean na nDall. Má tá
Pinsean na nDall agat measúnófar aon thuillimh os cionn €350 agus
laghdófar do theidlíocht do Phinsean na nDall ar aon dul leis na
rátaí laghdaithe íocaíochta cuí do Phinsean na nDall.
Rátaí
Rátaí seachtainiúla uasta Pinsean na nDall ón 17 Márta 2017
| Pinsean na nDall |
Rátaí i 2016 agus roimh 17 Márta 2017, € |
Rátaí ó 17 Márta 2017, € |
|---|
| Ráta pearsanta |
188.00 |
193.00 |
| Duine Fásta Cáilithe |
124.80 |
128.10 |
| Cleithiúnach is leanbh |
29.80 |
29.80 |
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir foirm iarratais
(BP1) do Phinsean na nDall a íoschóipeáil anseo (pdf). Tá leagan i
gcló braille agus ar chaiséad fuaime den fhoirm iarratais seo ar fáil
freisin ó Chomhairle Náisiúnta do
na Daill in Éirinn. Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ón oifig
áitiúil leasa shóisialaigh. Beidh cúnamh ar fáil duit ón bhfoireann san
oifig áitiúil leasa shóisialaigh leis an bhfoirm seo a chomhlánú agus is
féidir leo aon cheisteanna atá agat a fhreagairt.
Agus iarratas á dhéanamh agat ar Phinsean na nDall, is féidir go
gcaithfidh tú teastais mar iad seo a leanas a chur chugainn má tharla an
bhreith (na breitheanna), an pósadh, an pháirtnéireacht shibhialta nó an
t-aontas sibhialta lasmuigh de Phoblacht na hÉireann.
Achomharc a dhéanamh maidir le d'éileamh
Má tá tú míshásta le cinneadh a bhaineann le d'éileamh ar Phinsean na
nDall is féidir leat achomharc a dhéanamh. Léigh tuilleadh maidir le córas
achomhairc leasa shóisialaigh anseo.
Cá háit a dheánfaidh mé
iarratas?
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Uaireanta Oscailte:Ní thairgeann an oifig seo seirbhís do chuairteoirí pearsanta. Caithfidh gach ceist a bheith cur isteach tríd an fhoirm fiosraithe ar líne a úsáid, tríd an teileafón nó i scríbhinn.
Teil: (071) 915 7100 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 71 915 7100)
Lóghlao: 1890 500 000 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean na nDall a sheoladh tríd an
fhoirm fhiosraithe
daingnithe a úsáid.