Untitled Document
Cuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil na
Roinne Coimirce Sóisialaí i gcomhair na bliana 2016.
Ó ceapadh i m’Aire Coimirce Sóisialaí mé in 2016,
is maith mar is eol don an ról éagsúil, tábhachtach
atá ag mo Roinn. Is í an Roinn is mó de chuid an
Rialtais í, ina bhfuil 6,000 státseirbhíseach, agus
tá buiséad beagnach €20bn aici. Tá sí freagrach>
as na híocaíochtaí seachtainiúla agus míosúla
le breis is 1.5 milliún duine, idir dhaoine aonairCuirim fáilte roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil na
Roinne Coimirce Sóisialaí i gcomhair na bliana 2016.
Ó ceapadh i m’Aire Coimirce Sóisialaí mé in 2016,
is maith mar is eol don an ról éagsúil, tábhachtach
atá ag mo Roinn. Is í an Roinn is mó de chuid an
Rialtais í, ina bhfuil 6,000 státseirbhíseach, agus
tá buiséad beagnach €20bn aici. Tá sí freagrach
as na híocaíochtaí seachtainiúla agus míosúla
le breis is 1.5 milliún duine, idir dhaoine aonair
agus teaghlaigh, agus is le pinsinéirí agus leanaí
a dhéantar breis is leath na n-íocaíochtaí uainn.
Ina theannta sin, soláthraíonn an Roinn tacaíocht
ioncaim do 800,000 duine eile, lena gcuimsítear
daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, teaghlaigh
aontuismitheora agus cuardaitheoirí poist.
Chun na críche sin, tríd an raon leathan seirbhísí
a sholáthraíonn sí, bíonn tionchar ag an Roinn
ar shaol beagnach gach saoránach sa Stát i rith
a shaoil nó a saoil – ón sochar linbh go dtí an
pinsean stáit agus gach rud a d’fhéadfadh tarlú
eatarthu – máithreachas, atharthacht, breoiteacht,
dífhostaíocht agus iomarcaíocht.
Sa dul chun cinn atá leagtha amach sa tuarascáil seo,
léirítear an raon leathan athchóirithe seirbhíse agus
athchóirithe beartais a chuir an Roinn chun feidhme
in 2016, chun cabhrú le daoine dífhostaithe post
a aimsiú, chun freastal ar na hathruithe atá ag teacht
ar na riachtanais agus na mianta atá ag teaghlaigh
agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhíse.
Ba chúis áthais dom é go háirithe in 2016 saoire
atharthachta íoctha a thabhairt isteach ó mhí
Mheán Fómhair, ionas go mbeidh tuilleadh
deiseanna ag aithreacha chun ról gníomhach
a ghlacadh sna céimeanna luatha de shaol a linbh,
agus an tús is fearr is féidir a thabhairt don leanbh
sin. I measc na mbuaicphointí eile in 2016 bhí
laghdú na dífhostaíochta go dtí 7.3%, lenar sáraíodh
an sprioc a bhí againn post a bheith ag 20,000 duine
a bhí dífhostaithe go fadtéarmach. D’éirigh liom
pacáiste Buiséid €330 milliún a fháil, a d’fhág gur
fhéadamar €5 in aghaidh na seachtaine a chur leis
an bpinsean stáit, mar aon leis na chéad mhéaduithe
ó 2009 ar na híocaíochtaí seachtainiúla a dhéantar
le daoine faoi mhíchumas, cúramóirí, daoine dalla,
baintreacha, teaghlaigh aontuismitheora agus
cuardaitheoirí poist, i measc eile. Ina theannta sin,
bhain mé amach comhaontú go n-íocfaí bónas na
Nollag ar an ráta méadaithe 85 faoin gcéad.
In 2016, foilsíodh Ráiteas Straitéise nua na Roinne
Coimirce Sóisialaí le haghaidh 2016 – 2019. Sa
straitéis sin, cuirfear chun feidhme na tosaíochtaí atá
leagtha amach sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta.
Is é an tosaíocht is mó dár gcuid do na blianta beaga
atá romhainn ná coinneáil leis an gcur chuige stuama
i leith an gheilleagair agus an chaiteachais phoiblí agus
a chinntiú nach ndéanfaimid arís na botúin a rinneadh
cheana, ach go ndéanfaimid soláthar le haghaidh
méaduithe beaga, inbhuanaithe ar ioncam agus seirbhísí
poiblí agus bonneagar feabhsaithe. Táimid ag iarraidh
a chinntiú go rachaidh an téarnamh chun tairbhe gach
duine, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.
Táim ag díriú go tréan ar fhostaíocht, ar athchóiriú
pinsin, agus ar Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
a fhorbairt chun an bhochtaineacht i measc leanaí
a laghdú agus a chinntiú nach mbeidh teaghlach
ar bith níos fearr as agus iad ag maireachtáil ar
íocaíochtaí coimirce sóisialaí ná mar a bheidís de
bharr fostaíochta. Tá sé ina sprioc agam a chinntiú
go mbeidh luach saothair ag daoine as an obair trí
athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras ÁSPC agus trí
phrionsabal na ranníocaíochta a threisiú.
Chomh maith leis sin, táim ag cur chun feidhme
Beart Nua do Dhaoine Féinfhostaithe, ar féidir
leo leas a bhaint as Sochar Súl agus Sochar
Fiaclóireachta anois. Anonn sa bhliain, beidh fáil
acu ar líontán sábhála na tacaíochta ioncaim ón
Stát más rud é go bhfágfaidh drochbhreoiteacht
nó drochghortú nach féidir leo a bheith ag obair,
gan iad a bheith faoi réir tástáil acmhainne.
Ó ceapadh i m’Aire Coimirce Sóisialaí mé, is mór
a chuaigh ardchaighdeán na foirne i bhfeidhm orainn
i gcónaí. Táim féin agus mo chomhghleacaí, an tUasal
Finian McGrath, T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht
ar leith air i ndáil le Daoine faoi Mhíchumas, ag tnúth
le leanúint leis an dlúthchomhar maidir le cur chun
feidhme na dtosaíochtaí atá leagtha amach sa Chlár
don Rialtas Comhpháirtíochta.
Leo Varadkar T.D
An tAire Coimirce Sóisialaí