Más baintreach (fir) nó páirtnéir sibhialta marthanach thú agus mura gcáilíonn tú le haghaidh Pinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (logáil isteach ar www.welfare.ie chun tuilleadh eolais a fháil) agus é bunaithe ar do thaifead árachais féin ná ar thaifead árachais do chéile/pháirtnéara shibhialta nach maireann, d'fhéadfá cáiliú le haghaidh Pinsean Neamh-ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh.
Is íocaíocht de réir tástáil acmhainne é seo agus cuirtear aon ioncam atá agat san áireamh chun do cheart i leith na híocaíochta a mheas.
Má tá leanaí cáilithe agat, d'fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Má tá tuilleadh eolais uait, logáil isteach ar www.welfare.ie.
Tabhair faoi deara
Ó Mheán Fómhair 2006, tá Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh ar fáil dóibh siúd amháin atá faoi bhun 66 bliain d'aois. Nuair a bheidh 66 bliain d'aois slánaithe agat, tabharfar cuireadh duit iarratas a chur isteach ar Phinsean Stáit (Neamh-ranníocach).