Scéim leasa shóisialaigh atá sa Sochar Cumais Pháirtigh a ligeann duit
filleadh ar an obair (má tá agat cumas laghdaithe le hoibriú) agus le
leanúint agus íocaíocht a fháil ón Rannóg seo.
Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat (ar feadh 6 mhí ar a laghad) nó
Pinsean Easláinte á fháil agat, agus más mian leat filleadh ar an obair,
d’fhéadfá cáiliú don Sochar Cumais Pháirtigh má tá do chumas chun
oibrithe laghdaithe ag do riocht míochaine.
Cáileofar thú don Sochar Cumais Pháirtigh má mheastar go bhfuil srian
measartha, dian nó trom an srian ar do chumas oibre. Má mheastar go bhfuil
srian éadrom ar do chumas, ní cháileoidh tú agus déanfar athbhreithniú ar
do theidlíocht i leith an tSochair Bhreoiteachta agus an Phinsin Easláinte
freisin.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais
Pháirtigh agus tá cead agat Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláine a
fháil arís, mar shampla, sa chás go dtagann deireadh le d'fhostaíocht nó
má fhaigheann tú amach nach féidir leat leanúint de do chuid oibre.
Ionadú socruithe díolúine
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad na
socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine ag a
raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil chun
oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le cuspóirí
athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa shóisialaigh
a choimeád. Ní gá go mbeidh an obair a dhéanann duine fad a bhíonn an
Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar mhaithe le cuspóirí athshlánaithe
nó teiripeacha.
Is ar bhonn deonach atá an rannpháirtíocht ar scéim an tSochair Cumais
Pháirtigh.
Ní gá duit a aistriú isteach ar an Shochar Cumais Pháirtigh mian leat obair
dheonach a dhéanamh.
Oiliúint
Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte agus más mian
leat cúrsa
oiliúna FET a dhéanamh, ní chuireann tú ar Shochar Cumais Pháirtigh.
Cuir iarratas isteach chuig an Rannóg Sochar Breoiteachta nó chuig an Rannóg
Pinsean Easláinte, amhail is cuí. D’fhéadfá an liúntas oiliúna a fháil
anuas ar do ghnáthíocaíocht leasa shóisialaigh. Ó 1 Éanair 2014 ní
fhaigheann rannpháirtithe nua liúntas oiliúna SOLAS.
Ní féidir leat Sochar Cumais Pháirtigh agus Scéim Fhostaíochta Pobail a
fháil.
Rialacha
Chun cáiliú don Sochar Cumais Pháirtigh, is gá duit ceann den dá rud
seo a leanas a bheith á fháil agat:
nó
Ní féidir leat oibriú go dtí go bhfaigheann tú cead i scríbhinn chun
amhlaidh a dhéanamh ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Ba cheart duit cead a
fháil ó do dhochtúir sula nglacann tú le fostaíocht.
Ní ann d’aon srianta ar thuillimh ná ar an líon uaireanta is féidir
leat oibriú. Má fhaigheann tú Sochar Cumais Pháirtigh, is féidir leat
obair mar dhuine féinfhostaithe.
Ní féidir leat Sochar Cumais Pháirtigh agus Forlíonadh
Ioncaim Teaghlaigh a fháil. Tabhair faoi deara nach íocaíochtaí
cáilithe don Sochar Cumais Pháirtigh iad Liúntas Míchumais agus Pinsean na
nDall.
Cá fhad a mhaireann an íocaíocht?
Mairfidh an íocaíocht fad is a bheidh teidlíocht bhunúsach agat ar
íocaíocht an tSochair Bhreoiteachta nó an Phinsin Easláine. Tá do
theidlíocht leantach ar
an Sochar Cumais Pháirtigh faoi réir athbhreithnithe agus is féidir go
mbeidh ort freastal ar mheasúnú leighis ó Mheasúnóir Leighis.
Rátaí
Ráta pearsanta duit féin agus méaduithe i leith duine fásta agus
leanbh/leanaí cáilithe a bheadh sa Sochar Cumais Pháirtigh. Bunaítear an
ráta pearsanta ar mheasúnú ar an srianadh ar do chumas oibre cibé acu an
raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil agat agus ar ráta
reatha d’íocaíochta.
| Measúnú ó thaobh Míochaine |
% de do ráta pearsanta íocaíochta den Sochar Breoiteachta
nó den Phinsean Easláinte |
| Measartha |
50 |
| Dian |
75 |
| Trom |
100 |
Leanfar méadaithe do leanaí cáilithe agus do dhaoine fásta cáilithe a
bheith íoctha ag an ráta céanna. Is mar an gcéanna iad na coinníollacha
d’íocaíocht mhéadaithe do leanbh cáilithe agus/nó do leanaí cáilithe
agus iad siúd a bhí i gceist le d'éileamh ar Shochar Breoiteachta nó ar
Phinsean Easláinte.
Uasrátaí an tSochair Cumais Pháirtigh 2015
| Measúnú Leighis |
Duine ag a raibh Sochar Breoiteachta á fháil ag an uasráta
pearsanta €188.00 |
Duine faoi bhun 66 bliain d’aois agus ag a raibh Pinsean
Easláinte á fháil ag an uasráta pearsanta €193.50 |
| Measartha |
€94.00 |
€96.75 |
| Dian |
€141 |
€145.13 |
| Trom |
€188 |
€193.50 |
Íocfar an Sochar Cumais Pháirtigh go díreach isteach i do chuntas bainc
Éireannach nó isteach i do chuntas cumann foirgníochta (ní íocfar é
isteach i gcuntas mórgáiste). Tá sé incháinithe.
Sochair thánaisteacha
Má bhí Pinsean Easláinte á fháil agat agus má bhí tú i dteideal Saorthaistil
nó Liúntas
Oileáin, is féidir leat iad a choimeád má cháilítear thú don Sochar
Cumais Pháirtigh. Má bhí an
Pacáiste Sochar Teaghlaigh á fháil agat is féidir leat é a choimeád
freisin, faoi réir tástáil mhaoine tar éis 2 bhliain.
Má ghlacann tú páirt sa Scéim Cumais Pháirtigh ba chóir duit seiceáil
leis ionadaí
na Roinne Coimirce Sóisialaí (tugadh Oifigeach Leasa Pobal) i d’ionad
sláinte áitiúil chun fáil amach an mbeidh tionchar ar d’ Fhorlíonadh
Cíos nó d’ Fhorlíonadh
Ús Morgáiste.
Conas iarratas a dhéanamh
Déan teagmháil le Rannóg
Sochar Cumais Pháirtigh den Roinn Coimirce Sóisialaí. Seolfaidh siad
foirm iarratais chugat.
Déanfaidh Lia-Mheasúnóir measúnú ar an srian ar do chumas oibre.
D’fhéadfadh go mbeadh gá ort measúnú leighis a fhreastal. Ba cheart duit
an uile fhianaise chuí leighis a áireamh le d’iarratas. Má cháilítear
thú don Sochar Cumais Pháirtigh, ní bheidh ort deimhnithe leighis a sheoladh
isteach.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Rannóg an tSochar Cumais Pháirtigh
Roinn Coimirce Sóisialaí
Urlár 5
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Storáis
Baile Áthe Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3950/3039/3735/3991
Lóghlao:1890 928 400 (from the Republic of Ireland only) or +353 1 7043000 (Northern Ireland or overseas)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie