Eolas
Is íocaíocht é Sochar Breoiteachta a dhéanann an Roinn Coimirce
Sóisialaí leo sin in Éirinn atá faoi 66 bliain d'aois agus nach bhfuil in
ann dul i mbun oibre mar gheall ar thinneas agus a bhfuil a ndóthain
ranníocaíochtaí árachais shóisialta acu.
Níl Sochar Breoiteachta nasctha le polasaí d’fhostóra maidir le pá
saoire bhreoiteachta. (Is féidir le d'fhostóir a pholasaí féin maidir le
pá breoiteachta agus saoire bhreoiteachta a shocrú). Tá tuilleadh eolais ar
fáil inár ndoiciméad faoi shaoire bhreoiteachta agus fostaíocht.
Mura mbíonn tú i dteideal aon phá as saoire bhreoiteachta
Mura mbíonn aon teidlíocht i do chuid téarmaí agus coinníollacha
fostaíochta pá a íoc leat le linn saoire bhreoiteachta, féadfaidh tú
iarratas a dhéanamh ar Sochar Breoiteachta má bhíonn dóthain
ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat - féach 'Rialacha' thíos. Mura
mbíonn dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat, ba chóir duit
dul i dteagmháil le an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí (a tugadh an
tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo)
agus measfaidh sé/sí do chás. Déanfaidh an tIonadaí na Roinne measúnacht
ar do chás agus is féidir go dtabharfaidh sé Liúntas
Leasa Forlíontach duit.
Is faoin bhfostóir a bhíonn sé cinneadh a ghlacadh ar a
pholasaí/polasaí féin maidir le pá breoiteachta agus saoire bhreoiteachta,
faoi réir ag do chonradh nó ag téarmaí fostaíochta. Léigh tuillleadh faoi
saoire
bhreoiteachta agus fostaíocht anseo
Má bhíonn tú i dteideal aon phá as saoire bhreoiteachta
Sa chás go mbíonn teidlíocht i do chonradh fostaíochta chun pá
breoiteachta a fháil, is dóigh go n-iarrfaidh d'fhostóir ort aon íocaíocht
Sochair Breoiteachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí a thabhairt ar láimh don
fhostóir chomh fada agus a leanann an phá bhreoiteachta ar aghaidh.
Nuair a bhíonn deireadh le do phá breoiteacha, ba chóir nach bhfaigheadh
d’fhostóir do Shochar Breoiteachta ina dhiaidh.
Rialacha
Caithfidh tú cur isteach ar Shochar Breoiteachta i gceann 7 lá ón uair a
d’éirigh tú tinn. Ní dhéantar aon íocaíocht don chéad 6 lá den
bhreoiteacht agus ní dhéantar aon íocaíocht d’aon Domhnach le linn do
bhreoiteachta. Nóta: ó 6 Eanáir 2014 síníodh é seo ó 3 lá go dtí 6
lá.
Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)
Chun Sochar Breoiteachta a fháil ní mór duit:
- Ar a laghad 104 seachtain ÁSPC (ag aicmí A, E, H nó P) íoctha ó
thosaigh tú an obair den chéad uair
Agus
- 39 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha nó curtha chun sochair agat sa
Bhliain Chánach Ábhartha (ní mór go ranníocaíochtaí íoctha iad ar a
laghad 13 seachtaine acu*)
Nó
- 26 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha sa Bhliain Cánach Ábhartha agus 26
seachtaine ÁSPC íoctha sa bhliain cánach díreach roimh an mBliain
Cánach Ábhartha
*Mura mbíonn na 13 ranníocaíochtaí íoctha agat sa Bhliain Chánach
Ábhartha, is féidir na blianta ina dhiaidh sin a úsáid chun an coinníoll
sin a chomhlíonadh:
- An dara bhliain chánach agus an triú bliain chánach is iomláine
roimhe
- An bhliain chánach iomlán is deireanaí,
Nó
- An bhliain chánach reatha.
Is ionann Bliain Chánach Ábhartha agus an dara bliain chánach iomlán is
déanaí roimh an mbliain a ndéantar d'éileamh, m.sh., i gcás éilimh a
rinneadh i 2017, is é 2015 an Bhliain Chánach Ábhartha. Má bhí Liúntas
Cuardaitheora Poist fadtéarma á fháil agat (15 mhí), Liúntas Réamhscoir,
Pinsean Easláinte, Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra láithreach sula
ndearna tú iarratas ar Shochar Breoiteachta, ní gá duit 13 ranníocaíocht
íoctha a bheith agat. Má tá LCP ar ráta laghdaithe á fháil agat nó má
tá níos lú ná 260 ranníocaíocht ÁSPC agat, féadtar d’íocaíocht
Sochar Breoiteachta a laghdú.
Féadfaidh tú do ranníocaíochtaí ÁPSC Éireannacha a chur le rannaíocaíochtaí
árachais shóisialta ó thír atá faoi chuimsiú Rialacháin an AE chun
cáiliú do Shochar Breoiteachta.
Cén fhad a íoctar Sochar Breoiteachta?
Má d’íoc tú 260 seachtain ÁSPC ó thosaigh tú den
obair, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a éileamh ar feadh 2 bhliain ar a
mhéid (624 lá íocaíochta).
Má d’íoc tú idir 104 agus 259 seachtain ÁSPC,
féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a éileamh ar feadh 52 seachtain (312 lá
íocaíochta).
Nuair a chríochnaíonn tú d’éileamh ar Shochar Breoiteachta, féadfaidh
tú athcháiliú le haghaidh Sochar Breoiteachta trí 13 ranníocaíocht
bhreise ÁSPC a íoc (nó líon níos lú má mhéadaíonn sé iomlán do
ranníocaíochtaí ÁSPC go dtí 260).
Roimh Eanáir 2009, bhí daoine a d’íoc ÁSPC 260 seachtain ó thosaigh
siad den obair, i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil a fhad a bhí siad
neamhábalta chun oibriú agus faoi 66 bliain.
Nuair a thagann deireadh le do theidlíocht i leith íocaíocht Sochar
Breoiteachta, d’fhéadfadh go mbeifeá i dteideal íocaíochtaí eile a
fháil:
- Má tá tú breoite, agus más dóigh nach mbeidh tú in ann obair a
dhéanamh feasta agus má chomhlíonann tú na coinníollacha ÁSPC,
d’fhéadfadh go gcáileofaí thú don Phinsean Easláinte
- Mura gcáilítear thú don Phinsean Easláinte agus má tá tú faoi
éagumas a mheastar a mhairfidh ar feadh bliana, d’fhéadfadh go
gcáileofaí thú do Liúntas
Míchumais a ndéanfar tástáil mhaoine ina leith.
- Mura gcáilítear thú d’aon íocaíochtaí eile agus má tá
d’ioncam ró-íseal chun do chuid riachtanas a chomhlíonadh,
d’fhéadfadh go gcáileofaí thú le haghaidh Liúntas
bunúsach Leasa Fhorlíontaigh
- Má bheidh deireadh ag teacht le do Shochar Breoiteachta mar gheall go
mbeidh tú 66 bliain d’aois, d’fhéadfá bheith i dteideal Pinsean
Stáit a fháil. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh 3 mhí roimh do
bhreithlá 66 bliain d’aois.
Aistriú ó Shochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra
Má d’aistrigh tú ó Shochar Breoiteacha go Shochar Cúramóra nó
Liúntas Cúramóra agus ansin ar ais go Sochar Breoiteachta, gheobhaidh tú
Sochar Breoiteachta ar ráta nach ísle ná mar a bhí agat mar íocaíocht.
Ionadú socruithe díolúine
Ón 13 Feabhra 2012, cuirtear an Sochar Cumais Pháirtigh in ionad
na socruithe díolúine a bhí ann roimhe seo, sa chás go bhféadfadh daoine
ag a raibh Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte á fháil cead a fháil
chun oibrithe go páirtaimseartha (ar a dtugtar díolúine) ar mhaithe le
cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha agus a n-íocaíocht iomlán leasa
shóisialaigh a choimeád.
Ní dhéanfar difear dóibh siúd ag a bhfuil an cead seo faoi láthair go
dtí go mbeidh athbhreithniú le déanamh ar a gcead. Ag an tráth sin, ní
bheidh fáil acu a thuilleadh ar an díolúine ach beidh sé de rogha acu
iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. Ní gá go mbeidh an obair a
dhéanann duine fad a bhíonn an Sochar Cumais Pháirtigh á fháil acu ar
mhaithe le cuspóirí athshlánaithe nó teiripeacha.
Sochar Breoiteachta agus íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh
| Pinsean na nDall |
Má tá Pinsean na nDall á fháil agat, d’fhéadfá Sochar
Breoiteachta a fháil chomh maith, má bhíonn tú breoite agus
neamhábalta chun oibriú agus má shásaíonn tú na coinníollacha
ÁSPC. |
| Liúntas Cúramóra |
Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat agus má shásaíonn tú
na coinníollacha le haghaidh Liúntas Cúramóra, féadfaidh tú
Liúntas Cúramóra ar leath an ráta phearsanta a fháil mar aon le
híocaíocht do Shochair Bhreoiteachta.
Ina theannta sin, d’fhéadfá bheith in ann Méadú i leith Duine
Fásta Cáilithe a fháil do dhuine ar d’éileamh ar Shochar
Breoiteachta fad a fhaigheann siad Liúntas Cúramóra ar leathráta
mar gheall ar chúram a thabhairt do dhuine eile.
|
| Sochar Míchumais |
Má tá Sochar Míchumais á fháil agat, d’fhéadfá Sochar
Breoiteachta a fháil chomh maith, má bhíonn tú neamhábalta chun
oibriú agus má shásaíonn tú na coinníollacha ÁSPC. |
| Liúntas Cúram Baile/Deontas Cúram Faoiseamh |
Tá Sochar Breoiteachta iníoctha má bhíonn Liúntas Cúram Baile
agus/nó an Deontas Cúram Faoisimh á fháil agat. |
| Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIS) agus Back to Work Family
Dividend (BTWFD) |
Má tá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) á fháil agat agus má
éiríonn tú breoite, d’fhéadfaí FIT a íoc leat leis an Sochar
Breoiteachta ar feadh 36 lá (6 seachtaine) ar a mhéid. Mar an
gcéanna, má fhaigheann tú an Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar
Obair (DTFAO) agus má éiríonn tú breoite, d’fhéadfaí DTFAO a
íoc leat leis an Sochar Breoiteachta ar feadh 36 lá (6 seachtaine) ar
a mhéid. |
| Pinsean Baintrí, Bainteach Fir nó Páirtnéara Shibhialta
Mharthanaigh (lena n-áirítear pinsin ghairme baintrí/baintreach fir)
agus Íocaíocht Teaghlach Tuismitheora Aonair, Liúntas Bean Chéile
Thréigthe nó Liúntas Bean Chéile Phríosúnaigh |
Má tá aon cheann de na híocaíochtaí seo á fháil agat ar an
ráta iomlán, ní féidir leat Sochar Breoiteachta a fháil ag an am
céanna. Má tá ráta laghdaithe de cheann amháin de na
híocaíochtaí seo á fháil agat, áfach, agus má éiríonn tú
breoite, féadfaidh tú cáiliú chun ráta laghdaithe Sochar
Breoiteachta a fháil a mhéadóidh d’íocaíocht iomlán chuig an
ráta uasta pearsanta SB atá tú i dteideal a fháil.
Féadfaidh daoine a raibh aon cheann de na híocaíochtaí seo á
bhfáil acu i dteannta an tSochair Bhreoiteachta roimh an 1
Feabhra 2012 leanúint agus an dá íocaíocht a fháil ag am
céanna. Má bhí Sochar Breoiteachta á fháil agat roimh an 1 Feabhra
2012 agus má cháilítear thú le haghaidh ceann amháin de na
híocaíochtaí seo ina dhiaidh sin, féadfaidh tú an dá íocaíocht
a fháil le chéile ar feadh fhad d'éilimh ar Shochar Breoiteachta.
|
Íocaíocht Sochar Breoiteachta thar lear
Féadfaidh tú leanúint agus Sochar Breoiteachta a fháil má fhágann tú
Éire chun cónaí thar lear i dtír eile atá faoi chuimsiú Rialacháin an
AE. Ní mór duit an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas roimh ré
(nó seans go gcaillfidh tú d’íocaíocht nó go gcuirfear moill uirthi).
Má fhágann tú Éire chun cónaí i dtír eile atá faoi chuimsiú
Rialacháin an AE, agus má éiríonn tú breoite, féadfaidh tú iarratas a
dhéanamh ar Shochar Breoiteachta ó Éirinn má d’íoc tú do
ranníocaíocht árachais dheireanach in Éirinn nó má bhí Sochar
Cuardaitheora Poist á fháil agat in Éirinn sula ndeachaigh tú thar lear.
Ní íoctar Sochar Breoiteachta i dtíortha nach bhfuil faoi chuimsiú
Rialacháin an AE. Má théann tú chuig tír nach bhfuil faoi chuimsiú
Rialacháin an AE chun cóireáil fhaofa a fháil, féadtar leanúint le
d’íocaíocht nuair a fhilleann tú.
Athbhreithniú ar Shochar Breoiteachta
Déanfar athbhreithniú ar do Shochar Breoiteachta ó am go chéile agus
d’fhéadfaí iarraidh ort freastal ar mheasúnacht
leighis. Tabharfaidh Measúnóir Leighis faoin measúnacht seo. Is
dochtúir an measúnóir leighis atá fostaithe ag an Roinn Coimirce
Sóisialaí. Luafaidh an Measúnóir Leighis a t(h)uairim faoi cibé acu an
bhfuil nó nach bhfuil tú neamhábalta chun oibriú. Ní mór duit freastal le
haghaidh measúnacht leighis nuair a iarrtar ort, nó cuirfear do shochar ar
fionraí.
Má stoptar do Shochar Breoiteachta, tá sé de cheart agat an cinneadh a
achomharc – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos. Mura bhfuil
ach ranníocaíochtaí curtha chun sochair á bhfáil agat agus má chuirtear
stop leo seo, féadfaidh tú athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg ach níl sé
de cheart agat an cinneadh a achomharc.
Rátaí
Ní dhéantar aon íocaíocht don chéad 6 lá den bhreoiteacht agus ní
dhéantar aon íocaíocht d’aon Domhnach le linn do bhreoiteachta. Nóta: ó
6 Eanáir 2014 síníodh é seo ó 3 lá go dtí 6 lá.
Céimnítear na rátaí i gcomhair an tSochair Bhreoiteachta de réir do
mheántuillimh seachtainíúil sa
bhliain chánach a bhaineann le hábhar.
Rátaí seachtainiúil ó 13 Márta 2017 le haghaidh éilimh a
thosaigh i 2009 nó i ndiaidh sin
| Tuilleamh |
Ráta
Pearsanta |
Ráta do
Dhaoine Fásta Incháilithe |
| €300 nó níos
mó |
€193.00 |
€128.10 |
| €220-€299.99 |
€151.20 |
€83.00 |
| €150-€219.99 |
€124.60 |
€83.00 |
| níos lú ná €150 |
€86.70 |
€83.00 |
Rátaí seachtainiúil ó 13 Márta 2017 le haghaidh éilimh a
thosaigh i 2008 nó roimhe sin
| Tuilleamh |
Ráta
Pearsanta |
Ráta do
Dhaoine Fásta Incháilithe |
| €150 nó níos
mó |
€193.00 |
€128.10 |
| €125-€149.99 |
€151.20 |
€83.00 |
| €80-€124.99 |
€124.60 |
€83.00 |
| níos lú ná
€80 |
€86.70 |
€83.00 |
Is féidir Sochar Breoiteachta a íoc isteach díreach i do chuntas bainc
nó cumann foirgníochta.
Duine fásta incháilithe
Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht do dhuine
fásta cleithiúnach a fháil.
Leanbh incháilithe
Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht do chleithiúnaí
linbh a fháil freisin. Ní bhíonn aon tionchar ar mhéadú do leanbh
cleithiúnach ag do mheántuilleamh seachtainiúil.
Sochar Breoiteachta agus cáin
Glactar le Sochar Breoiteachta (seachas aon mhéadú do leanaí
cleithiúnacha) mar ioncam chun críche cánach agus tá sé inchánaithe ón
chéad lá a íoctar é.
Íocfar Sochar Breoiteachta go díreach leat gan aon cáin ioncaim a
asbhaint as. Má tá tú fostaithe, glacfaidh d'fhostóir do Sochar
Breoiteachta san áireamh chun críche ÍMAT.
Má tá tú dífhostaithe,glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim san
áireamh an méid Sochar Breoiteachta atá íoctha leat, más cuí, nuair a
bhítear ag coigeartú do chuid creidmheasanna cánach nó ag athbhreithniú
cúrsaí cánach do chéile. Déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh eolais
a fháil.
Conas iarratas a dhéanamh
Caithfidh tú iarratas ar Shochar Breoiteachta a dhéanamh laistigh de 7 lá
ó fhaigheann tú tinn. Is féidir go gcaillfidh tú cuid de d'íocaíocht i
gcás moill níos faide ná 7 lá. Má tá cúis mhaith le moill i gcur isteach
an iarratais, is féidir go siardhátófar d’íocaíocht.
Tá an fhoirm iarratais do Sochar Breoiteachta ar fáil ó do dhochtúir
teaghlaigh (LG) nó ó dhochtúir ospidéil. Tá sé amhlaidh toisc nach
féidir leat an fhoirm seo a fháil ach amháin ó dhochtúir mar nach mór do
dhochtúir cuid den fhoirm a chomhlánú. Ní sé ar fáil ar líne.
Ní mór duit teastas dochtúra a sheoladh isteach (ar a dtugtar MC 2) gach
seachtain ar feadh fad do thinnis, mura n-iarrtar ort a mhalairt a dhéanamh.
Ní mór duit teastas dochtúra deireanach a fháil ó do dhochtúir sula
bhfilleann tú ar obair. Níl ort íoc as teastas leighis leasa shóisialaigh
de bharr go n-íocann an Roinn táille lenar comhaontaíodh leis an
dochtúir.
Má bhíonn aon deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú, beidh an
fhoireann i d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil sásta cabhrú leat. Ba
chóir aon cheisteanna atá agat maidir le Sochar Breoiteachta a
chur díreach chuig d'oifig
leasa shóisialaigh áitiúil nó chuig Teileafón Fiosraithe faoi
Sochar Breoiteachta (feach síos).
Achomhairc
Má shíleann tú gur diúltaíodh go héagórach duit Sochar Breoiteachta a
fháil, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh.
Ina theannta sin, féadfaidh tú achomharc
a dhéanamh ar an gcinneadh leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh,
cibé acu láithreach nó i ndiaidh an athbhreithnithe. Ní mór duit
athbhreithniú a iarraidh nó cinneadh a achomharc laistigh de 21 lá tar éis
duit bheith ar an eolas faoin gcinneadh.