Má bhí ilbhreith agat beidh tú i dteideal deontais speisialta tráth na
breithe agus nuair a bhíonn siad 4 bliana d'aois agus arís nuair a bhíonn
siad 12 bhliain d'aois. Tá Sochar Linbh iníoctha ag ceann go leith an ráta
iomchuí do chúpla agus ag dúbailt an ráta iomchuí as triúr leanaí in aon
bhreith agus ilbhreitheanna eile.
Rialacha
Ní mór duit cur isteach ar íocaíocht laistigh de 12
mhí:
- De bhreith do linbh nó
- Den mhí gur déanadh ball de do chlann den leanbh nó
- Den mhí ar tháinig an teaghlach le cónaí in Éirinn.
Breith do linbh
Má rugadh do leanbh in Éirinn, tar éis duit breith
do linbh a chlárú, cuirfidh an Roinn Coimirce Sóisialaí éileamh ar
Shochar Linbh ar bun don leanbh:
- Mura bhfuil éileamh agat cheana ar Shochar Linbh , cruthóidh an Roinn
ceann nua agus cuirfear foirm éilimh chugat a mbeidh cuid áirithe di
líonta amach cheana, chun do shíniú agus faisnéis i gcomhair na
híocaíochta a fháil uait. Áirítear san fhoirm faisnéis maidir le hiarratas ar bun
do leanbh nua ar line a dhéanamh. (Tabhair aire nach féidir leat
iarratas ar líne a dhéanamh ach amháin má iarrann an Roinn duit é a
dhéanamh.) Tabharfar Uimhir
Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) don leanbh freisin.
- Má tá ceart agat cheana ar Shochar Linbh do leanbh eile, cuirfear do
leanbh nua leis an éileamh seo agus íocfar an sochar go huathoibríoch ó
mhí na breithe. Cuirfidh an Roinn litir chugat chun an íocaíocht a
deimhniú. Tabharfar Uimhir
Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) don leanbh freisin.
Leanái atá 16 agus 17 mbliana d’aois
Má tá tú ar cur isteach ar shíneadh le do Shochar Linbh do leanbh atá
faoi mhíchumas nó do leanbh atá faoi 18 mbliana agus ag freastal ar
oideachas lánaimseartha nó ar chúrsa lánaimseartha Youthreach, beidh ort
foirm CB2 (féach 'Conas iarratas a dhéanamh thíos) a chomhlánú. Ní mór
don fhoirm sin a bheith deimhnithe ag:
- An scoil/coláiste más ag freastal ar an oideachas lánaimseartha atá
do leanbh
- Youthreach má tá do leanbh ag freastal ar chúrsa Youthreach nó
- Dochtúir má tá do leanbh faoi mhíchumas.
Ní mór duit scéal a chur ar an bpointe chuig an Roinn Coimirce
Sóisialaí i dtaobh do linbh atá 16 nó 17 bliana d'aois agus ag freastal ar
an oideachas lánaimseartha má:
- Fhágann do leanbh an scoil/coláiste/cúrsa YOUTHREACH nó FET
roimh an dáta deimhnithe nó
- Bhíonn do leanbh in ann é/í féin a chothú roimh dó/dí 9 mbliana
déag a bhaint amach nó an dáta atá deimhnithe ag an
dochtúir
Oideachas lánaimseartha (16 agus 17 bliana d'aois)
Má tá do pháiste os cionn 16 bliana d'aois agus in oideachas
lánaimseartha gheobhaidh tú Sochar Linbh go dtí mí an Mheithimh. Ní
bhfaighidh tú íocaíocht eile go dtí go bhfilleann do pháiste ar an
oideachas lánaimseartha. Seolfaidh an rannóg Sochair Linbh foirm CB2 chugat i
mí Lúnasa. Má fhilleann do pháiste ar an oideachas lánaimseartha i Meán
Fómhair, comhlánaigh foirm CB2 agus seol ar ais í. Nuair a gheobhaidh tú
d'íocaíocht, beidh aon riaráistí atá ag dul duit san áireamh, lena
n-áirítear Sochar Linbh le haghaidh mí Iúil agus mí Lúnasa. Má bhaineann
do leanbh 18 bhliain d’aois amach i rith an tsamhraidh, gheobhaidh tú aon
riaráistí atá dlite suas go dtí an mhí a bhaineann siad 18 amach, ar
choinníoll go bhfillfidh siad ar oideachas i Meán Fómhair.
Mura bhfaigheann tú foirm leis an bpost ón Rannóg an tSochair Linbh, ba
chóir duit an fhoirm CB2 a líonadh i Meán Fómhair - féach 'Conas iarratas
a dhéanamh' thíos.
Sochar Linbh agus Rialacháin an AE
Sásaíonn saoránaigh an AE/an LEE agus náisiúnaigh na
hEilvéise atá ag obair in Éirinn, an
coinníoll gnáthchónaithe do Shochar Linbh. Is ionann an cás freisin má tá
an t-oibrí a bheith dífhostaithe agus faigheann sé/sí Sochar Cuardaitheora
Poist.
Más saoránach den AE/LEE nó náisiúnach den Eilvéis tú, agus tú ag
obair i dtír atá clúdaithe ag Rialacha an AE, is iondúil go n-íocann an
tír ina bhfuil tú ag obair inti Sochar Linbh fiú amháin má tá do
theaghlach ina gcónaí i dtír eile. Má tá do leanaí ina gcónaí i dtír
eile den AE/LEE ba chóir duit cur isteach ar aon Sochair Theaghlaigh dá
bhfuil tú i dteideal sa tír sin freisin, áfach.
Má tá an Sochar Teaghlaigh a fhaigheann tú sa tír ina bhfuil cónaí ar
do leanaí níos lú ná an íocaíocht Sochair Linbh anseo, íocfar an
difríocht tríd an íocaíocht Sochair Linbh. Le tuilleadh eolais a fháil ar
thionchar Rialúcháin an AE ar Shochar Linbh, téigh i dteagmháil leis an
Rannóg Sochair Linbh (féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé
iarratas' thíos).
Is iad seo a leanas na tíortha atá clúdaithe ag Rialúcháin an AE: an
Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an
Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig,
an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an
Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an
Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis,
an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe (lasmuigh d'Oileáin Mhuir nIocht).
Saoránaigh neamh-AE/LEE
Caithfidh daoine nach bhfuil ina saoránaigh den AE/den LEE a bheith ina
ngnáthchónaí in Éirinn le bheith incháilithe ar Shochar Linbh.
Mura bhfuil tú i do shaoránach den AE/den LEE agus má tá tú ag obair go
dlíthiúil sa Stát seo, d'fhéadfadh sé go mbeifeá
incháilithe ar Shochar Linbh dá mbeadh do leanbh ina chónaí anseo. Tá
tuilleadh eolais ar ghnáthchónaí le fáil anseo.
Seiceálacha frith-chalaoise
I láthair na huaire, éilítear ar shaoránaigh an AE/an LEE agus ar
náisiúnaigh na hEilvéise atá clúdaithe ag Rialúcháin an AE dearbhú a
thabhairt gach 3 mhí go bhfuil siad fós ag obair sa Stát.
I láthair na huaire, éilítear ar dhaoine nach bhfuil ina saoránaigh den
AE/den LEE dearbhú a thabhairt gach 4 mhí go bhfuil siad agus a leanaí fós
ina gcónaí sa Stát.
Éileamh mí-ionraic ar Shochar Linbh
Féadtar pionós airgid nó téarma príosúnachta suas le trí
bliana a ghearradh ar éinne a dhéanann ráiteas bréagach nó míthreorach
d’fhonn Sochar Linbh a fháil dó féin nó d’éinne eile.
Athruithe ar chúinsí
Ní mór duit an Roinn Coimirce Sóisialaí (DSP) i scríbhinn a chur ar an
eolas faoi aon athruithe a thagann ar do chúinsí a d’fhéadfadh difear a
dhéanamh do d’éileamh ar Shochar Linbh. I measc na n-athruithe a
d’fhéadfadh difear a dhéanamh do d’éileamh tá an méid a leanas:
- Athrú seolta
- Níl an leanbh i do theannta nó faoi do chúram a thuilleadh
- Athrú Oifig an Phoist nó institiúid eile airgeadais
- Fágann leanbh 16 nó 17 mbliana d’aois oideachas lánaimseartha
- Fágann tusa nó do leanbh/leanaí an Stát
- Tosaíonn tú féin‚ do chéile nó do pháirtnéir sibhialta nó do
chomháititheoir ag oibriú i dtír eile
Féadfaidh tú Foirm CB56 (pdf) a
úsáid chun an DSP a chur ar an eolas faoi aon athruithe ar do chúinsí.
Conas iarratas a dhéanamh
Leanbh atá faoi 16 bliana d'aois
Má rugadh do leanbh in Éirinn agus mura bhfuil éileamh agat ar bun
leanaí eile, cuirfidh Rannóg an tSochair Linbh foirm iarratais chugat.
Áirítear san fhoirm faisnéis maidir le hiarratas ar bun do
leanbh nua ar line a dhéanamh. (Tabhair aire nach féidir leat
iarratas ar líne a dhéanamh ach amháin má iarrann an Roinn duit é a
dhéanamh.)
Má tá éileamh agat ar Shochar Linbh do leanbh eile, cuirfear do leanbh
nua leis an éileamh ar Shochar Linbh seo agus íocfar an sochar go
huathoibríoch ó mhí na breithe. Cuirfidh an Roinn litir chugat chun an
íocaíocht a dheimhniú.
Murar rugadh do leanbh in Éirinn nó mura bhfuil a breith cláraithe
laistigh den tréimhse riachtanach (3 mhí) caithfidh tú Sochar Linbh (foirm
CB1) (pdf) a líon isteach. Ní mór duit é a sheoladh le cóip de
theastas breithe do linbh (murar rugadh do leanbh in Éirinn) i SAORPHOST chuig
Rannóg an tSochair Linbh - Féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’
thíos. Is féidir leat teastas breithe a fháil dod' leanbh ó Oifig
an Ard-Chláraitheora. Tabharfar cóip speisialta duit i gcomhair Sochar
Linbh, nach seolfaidh an Roinn ar ais chugat. Ní éilítear teastais bhreithe
ar leanaí a rugadh sa Stát.
Íocaíocht uilíoch is ea Sochar Linbh. Áfach, is fútsa atá sé ag aon
tráth chun éileamh maidir le leanbh nua a dhiúltú nó chun leanúint leis
nó gan glacadh le híocaíochtaí le haghaidh leanaí atá agat cheana féin.
Chun é seo a dhéanamh‚ cuireann tú seo i scríbhinn trí SHAORPHOST chuig
an Rannóg Sochar Linbh – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas’
thíos.
Leanaí atá 16 agus 17 mbliana d’aois
Chun Sochar Linbh a fháil do leanbh atá 16 nó 17 bhliain d’aois, líon
isteach Sochar Linbh foirm
CB2 (pdf). Má tá tú ag fáil Sochar Linbh do do leanbh, cuirfidh an
Rannóg an tSochair Linbh foirm iarratais chugat. Seol do fhoirm trí
SAORPHOIST chuig an Rannóg an tSochair Linbh - féach 'Cá háit a dhéanfaidh
mé iarratas' thíos. Má tá aon deacracht agat ag líonadh isteach na foirme
seo , tabharfaidh an fhoireann i d'oifig
leasa shóisialaigh áitiúil cúnamh duit.