Réamhhrá
Is an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) de réir tástála acmhainne é
íocaíocht do dhaoine níos sine ná 66 bliain d'aois nach bhfuil incháilithe
Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil nó nach bhfuil incháilithe ach amháin
le haghaidh pinsin ranníocach laghdaithe bunaithe ar a dtaifead árachais a
fháil.
Athruithe ar an aois cháilitheach do na pinsin Stáit
Rinne an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 roinnt athruithe ar an
aois cháilitheach do na pinsin Stáit. Beidh an aois cháilitheach ardaithe go
dtí 67 bliain i 2021 agus 68 bliain i 2028 mar a leanas:
- Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1955 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú
don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 67 bliain ar a laghad.
- Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1961 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú
don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 68 bliain ar a laghad.
De réir an Chreata
Náisiúnta Pinsean tá roinnt athruithe ar na coinníollacha cáilitheacha
don Phinsean Stáit (Ranníocach) beartaithe ó 2020. Ní théann na hathruithe
seo i bhfeidhm ar an bPinsean Stáit (Ranníocach).
Rialacha
Seans go bhfuil tú i dteideal an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
An tástáil acmhainne
Meastar acmhainní de réir rialacha sonracha faoi na cinnteidil a leanas:
- ioncam (airgead tirim)
- luach caipitil agus maoine nach bhfuil úsáid phearsanta á baint as
- luach maoine a bhfuil úsáid phearsanta á baint as (m.sh., do theach
cónaithe)
Tioncam (airgead tirim)
Déantar measúnú ar gach ioncam i bhfoirm airgid a d’fheadfá a bheith
ag súil leis go réasúnta i rith na bliana sin i ndiaidh an dáta ina
ndéantar an t-áireamh. Is éard a tharlaíonn de ghnáth ná go ndéantar é
seo a mheasúnú i bhfianaise an ioncaim a fuair tú an bhliain roimhe sin. Tá
míreanna áirithe den ioncam airgid nach gcuirtear san áireamh, áfach. Ní
chuirtear san áireamh, mar shampla, airgead suas go €200 in aghaidh na
seachtaine a thuilltear de thoradh fostaíochta (ach ní de thoradh
féinfhostaíochta). Baineann an tarscaoileadh leat agus le do chéile, do
pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir. Is mar mhaoin a áirítear
gach ioncaim os a chionn sin. Má tá talamh faoi d’úinéireacht nó á
ligean agat, déantar measúnú gan aon neamhaird ar do ghlanioncam ón
bhfeirmeoireacht nó ón léasú. Ríomhtar an glanioncam trí na costais a
tabhaíodh a asbhaint ón ollioncam. Má tá talamh faoi d’úinéireacht nach
mbaintear úsáid as go táirgiúil nó á ligean, déantar measúnú ar a
luach caipitiúil.
Ní chuirtear íocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Scoir Feirmeoireachta
san áireamh.
I measc na míreanna d’ioncam airgid a dhéantar a mheasúnú tá aon
ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile.
Tá tuilleadh faoi conas
measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó airgead tirim.
Caipiteal agus maoin nach bhfuil úsáid phearsanta á baint as
Má tá maoin agat nach bhfuil úsáid phearsanta á baint aisti nó má tá
infheistíochtaí nó aon chineál eile caipitil agat, measfar a luach
bliantúil, de réir foirmle speisialta. Is cuma tú bheith ag fáil ioncaim
ón maoin nó infheistíocht seo nó gan a bheith.
I measc na maoine agus na n-infheistithe ar féidir measúnú a dhéanamh
orthu faoin gceannteideal seo tá coigilteas i gcuntas bainc (nó aon áit
eile), teach a ligeann tú ar cíos agus stoic agus scaireanna. Má dhéanann
do chéile nó do pháirtí cuid de do Phinsean Stáit (Neamhranníocach) a
choigilt gach seachtain, cuirfear an coigilteas sin agus coigilteas ó
bheagnach gach foinse eile san áireamh mar chuid de do mhaoin.
Tá
tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó
chaipiteal.
Tá na rialacha a bhaineann le measúnú ar chaipiteal difriúil sna
tástálacha acmhainne maidir le Liúntas Míchumais (LM) agus Pinsean Stáit
(Neamh-Ranníocach). Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh daoine atá ag aistriú
ó LM go dtí Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ag 66 bliana d’aois a fháil
amach go bhfuil a bpinsean níos lú ná an LM. Déanann an tAcht um Leasa
Shóisialaigh agus Pinsean 2008 foráil do dhuine atá ag aistriú ó Liúntas
Míchumais (LM) chuig Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ag 66 bliana d’aois:
ní bhfaighidh tú ráta pinsin níos ísle toisc measúnú ar chaipiteal nach
bhfuil chomh fabhrach.
Maoin a mbaintear úsáid phearsanta as
Ní mheastar do theach cónaithe mura bhfuil ioncam á thuilleamh agat as.
Má tá seomra tí ligthe ar cíos agat, measfar an t-ioncam as sin. Ach, más
i d'aonar a bheifeá ag cónaí murach an seomra sin a bheith ligthe, ní
mheasfar an t-ioncam ar chor ar bith.
Do bhaile a dhíol
Má dhíolann tú do bhaile, de ghnáth beidh fáltais an díolacháin
curtha san áireamh mar acmhainní. Má chónaíonn tú i lóistín nach
n-oireann duit a thuilleadh nó ar ródheacair duit é a chothabháil,
féadfaidh tú do bhaile a dhíol chun bogadh go cóiríocht níos oiriúnaí
agus d’fhéadfadh suas go €190,500 d’fháltais an díolacháin bheith
díolmhaithe ón tástáil acmhainne. Cuirtear an díolúine seo €190,500 i
bhfeidhm má dhíolann tú do bhaile chun:
- Cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach nó a fháil ar cíos
- Bogadh go teach altranais príobháideach atá cláraithe faoin Acht um
Shláinte (Tithe Banaltrais) 1990
- Bogadh isteach le duine a fhaigheann íocaíocht cúramóra thar do
cheann
- Bogadh go tithíocht speisialta nó sciath-thithíocht sna hearnálacha
deonacha, comhoibríocha, reachtúla nó príobháideacha
De ghnáth, ní chuirtear an chéad €190,500 d’fháltais an díolacháin
san áireamh. Áfach, má bhaineann tú úsáid as fáltais an díolacháin
chun cóiríocht níos oiriúnaí a cheannach, tabharfar díolúine ar
iarmhéid na bhfáltas ó do sheanbhaile cónaithe a dhíol suas go teorainn
€190,500.
Ioncam infheistíochta ó dhíolachán do bhaile
Déantar aon sochar a fhaigheann tú ó infheistíocht fáltais an
díolacháin do bhaile a mheasúnú. Déantar ús atá coinnithe mar chaipiteal
a mheasúnú sa chaoi chéanna mar déantar caipiteal a mheasúnú de
ghnáth.
Áfach, leagann an Roinn Coimirce Sóisialaí sa Threoirlínte Oibriucháin maidir le Measúnú Acmhainne go
dhéanfaí lámháil má tá costais shuntasacha cothabhála ag duine, mar
shampla costais tithe altranais, agus caithfidh siad as íocaíochtaí úis
bheith glanta. Sna cásanna seo, ní dhéanfar neamhshuim ar thástáil mhaoine
ach amháin an t-ús ar an chaipiteal díolmhaithe (suas go teorainn
€190.500).
Ag fágáil do bhaile gan é a dhíol
Má fhágann tú do bhaile, de dheasca seanaoise nó éiglíochta, ar feadh
gearrthréimhse nó ar feadh tréimhse éiginnte, ní mheasúnófar luach do
bhaile chónaithe mar acmhainn. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do bhaile
cónaithe, áfach, mar shampla má ligtear ar cíos é, ansin measúnófar
luach caipitil do thí mar acmhainn.
Acmhainní iomlána
Suimítear d'acmhainní faoi na cinnteidil éagsúla chun méid aon phinsin
ar féidir leat a fháil a mheas. Más cuid de lánúin tú (.i. lánúin
phósta, páirtnéirí sibhialta nó lánúin comhchonaithe) glacfar leis gurb
iad d'acmhainní leath acmhainní uilig na lánúine.
Ní bhíonn aon tionchar ar ráta an phinsin ag an gcéad €30 de mhaoin in
aghaidh na seachtaine faoi mar a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí
measúnú uirthi. Ina dhiaidh sin déantar laghdú €2.50 in aghaidh na
seachtaine ar an bpinsean in aghaidh gach €2.50 maoine.
Má tá tú ag fáil Cúnamh Feirme, agus laghdaítear d'íocaíocht mar
thoradh ar thástáil acmhainne an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), beidh
tú fós i dteideal na híocaíochta níos airde.
Lánúineacha pósta, páirtnéirí sibhialta agus lánúineacha
comhchónaithe
Nuair a bhaineann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir aois
66 bliain amach, ní bhfaighidh tú an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe. Is
féidir leis/léi iarratas a dhéanamh ar Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
dó/di féin.
Má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach) á fháil agat íocfar an méadú
i leith Duine Fásta Incháilithe go díreach le do chleithiúnach fásta ó 27
Meán Fómhair 2007 ar aghaidh. Ní bhaineann sé seo ach le hiarratais
ar phinsin stáit a fhaigheann an Roinn i ndiaidh 27 Meán Fómhair
2007.
Rátaí
Is iad uasrátaí an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ón 10 Márta
2017
| Cáilíocht |
Uasráta in aghaidh na seachtaine |
| Ráta Pearsanta, 66 bliain d'aois agus níos
óige ná 80 |
€227.00 |
| Ráta Pearsanta, 80 bliain d'aois agus níos
sine |
€237.00 |
| Duine Fásta Cáilithe |
€150.00 |
| Páiste Cáilithe |
€29.80 |
Conas iarratas a dhéanamh
Íoslódáil agus
comhlánaigh an fhoirm iarratais anseo (pdf) nó faigh ceann ó d'Ionad
Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. Ba chóir an fhoirm iarratais
comhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil sna oifigí poist. Ba chóir iarratas a
dhéanamh trí mhí roimh duit aois 66 bliain a bhaint amach. Tabharfaidh
oifigeach leasa sóisialaigh cuairt ort d'fhonn tástáil acmhainne a chur ort.
Inseofar duit cén chaoi ar measadh d'acmhainní. Mura mbíonn tú sásta, is
féidir achomharc a dhéanamh don Oifig Achomhairc Leasa
Shóisialaigh.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Uaireanta Oscailte:Ní thairgeann an oifig seo seirbhís do chuairteoirí pearsanta. Caithfidh gach ceist a bheith cur isteach tríd an fhoirm fiosraithe ar líne a úsáid, tríd an teileafón nó i scríbhinn.
Teil: (071) 915 7100 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 71 915 7100)
Lóghlao: 1890 500 000 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a
sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe
daingnithe a úsáid. Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do
theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'Ionad Faisnéise do
Shaoránaigh áitiúil, Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa
Shóisialaigh.
Sochair bhreise le Pinsean Stáit
(Neamh-Ranníocach)
Má tá tú ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), d'fhéadfá a
bheith i dteideal:
Scéim Liúntas Leasa
Forlíontach Tá líon íocaíochtaí breise faoin scéim seo, mar shampla,
Forlíonadh Cíosa agus Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain
Nua.
Is íocaíocht ón Oifigeach Leasa Pobail ag d'ionad sláinte áitiúil a
chuidíonn le costas do chíosa í Forlíonadh
Cíosa.
Is íocaíocht fhorlíontach do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa
shóisialaigh áirithe atá ina gcónaí leo féin í Méadú
um Chónaí Aonair.
Is pacáiste sochar é Pacáiste
Sochar Teaghlaigh a sholáthraíonn cúnamh airgeadais le costas roinnt
fóntais tí. Cuimsíonn sé Liúntas Leictreachais nó Gáis, Liúntas
Teileafóin agus Saorcheadúnas Teilifíse.
Ligeann Pas
Saorthaistil do dhaoine ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe
úsáid a bhaint as seirbhísí iompair phoiblí saor in aisce. Má tá tú i
do chónaí ar oileán sainithe amuigh ó chósta na hÉireann is féidir leat
seirbhísí iompair phríobháideacha áirithe a rochtain.
Is liúntas é Liúntas
Breosla a sholáthraíonn cabhair le costas breosla do dhaoine atá ag
brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh fhadtéarmacha.
Is íocaíocht í Forlíontach
Oileán do dhaoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh
áirithe agus atá ina gcónaí ar na hoileáin sainithe amuigh ó chósta na
hÉireann.
Is íocaíocht a thugtar do shaoránaigh uile na hÉireann agus do dhaoine a
mheastar mar dhaoine atá ina gcónaí, de ghnáth, sa Stát ar 100 bliain
d'aois a bhaint amach í Íocaíocht do
Dhaoine in Aois a gCéid. Eisítear an íocaíocht seo go huathoibríoch
dóibh siúd atá ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach).
Is íocaíocht bhliantúil í Deontas Chúram Faoisimh a
thugtar do chúramóirí, 16 bliana d'aois nó níos sine, a sholáthraíonn
cúram lánaimseartha ar feadh sé mhí ar a laghad in aghaidh na bliana.
Má fhaigheann duine ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) bás, ba
chóir duit leabhar pinsin an duine a sheoladh ar ais. Coinnigh nóta den
Uimhir Pinsean. I mórán cásanna, gheobhaidh an chéile/páirtnéir
sibhialta/comhchónaitheoir nó cúramóir íocaíocht
ar feadh sé seachtaine tar éis an bháis.