Réamhrá
Tá chuile dhuine aois 66 agus os a chionn i dteideal na scéime
saorthaistil. Tá daoine áirithe faoi an aois sin i dteideal na scéime
freisin. I gcásanna áirithe, tá fáil ar Phas Saorthaistil Chompánaigh a
cheadaíonn duine bheith in éineacht leis an sealbhóir (mura féidir leo
taisteal leo féin). Má tá tú i dteideal saorthaistil, eiseofar pas duit a
bheidh ort a iompar agus tú ag baint úsáide as córas iompair phoiblí. Tá
pasanna taistil neamh-inaistrithe agus is é an duine ainmnithe amháin ar
féidir leis úsáid a bhaint astu.
Tá saorthaisteal le fáil ar na seirbhísí iompair phoiblí Stáit go
léir (bus, iarnród Éireann, DART agus Luas). Tá saorthaisteal le fáil ar
líon teoranta sheirbhísí bhus príobháideach áirithe freisin. Na
hoibritheoirí iompair bhus príobháideacha a roghnaigh páirt a ghlacadh sa
scéim Saorthaistil, glacann siad le pasanna saorthaistil. Ba chóir duit dul i
dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun a fháil amach an nglacann
d’oibritheoir bus príobháideach le pasanna saorthaistil - féach 'Cá háit
a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.
Saorthaisteal agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
Tá Cárta
Seirbhísí Poiblí a chuirfidh ar chumas daoine rochtain ar raon
seirbhísí rialtais agus íocaíochtaí rialtais á thabhairt isteach ag an
Rialtas. Tiocfaidh
an Cárta Seirbhísí Poiblí isteach in ionad an Phas Saorthaistil sa
deireadh. Chun do theidlíocht Saor Thaisteal a choinnigh, caithfidh tú
clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí nuair iarrann an Roinn Coimirce
Sóisialaí ort é a dhéanamh. Mura gcláraíonn tú, beidh do theidlíocht
Saor Thaisteal dícheadaithe nó aistarraingthe.
Má tá tú i dteideal saorthaistil, b’ionann do Chárta Saorthaistil agus
do Chárta Seirbhísí Poiblí nua tar éis duit do Chárta Seirbhísí Poiblí
nua a fháil. Beidh F-T priontáilte in ochtagán buí sa chúinne ag an mbarr
ar chlé den chárta aige. Is féidir cárta
samplach a fheiceáil ar welfare.ie (pdf).
Caithfidh tú do Chárta Seirbhísí Poiblí a thaispeáint don oibreoir
taistil agus tú ag taisteal ar iompar poiblí.(I gcásanna áirithe, iarrtar
ort do Chárta Seirbhísí Poiblí a scanadh, áfach níl an áis seo ag gach
oibreoir um iompar.) Nuair a gheobhaidh tú do Chárta Seirbhísí Poiblí nua,
caithfidh tú do sheanphas saorthaistil a chur ar ais chuig an Roinn Coimirce
Sóisialaí (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos).
Is ann do 3 chatagóir de Phas Saorthaistil:
- Má tá FT-P scríofa ar do Chárta Seirbhísí Poiblí,
beidh tú i dteideal saorthaistil go pearsanta.
- Má tá FT+S scríofa ar do Chárta Seirbhísí Poiblí,
féadfaidh do chéile nó do pháirtnéir nó do chomháitritheoir dul leat
saor in aisce agus tú ag taistealní fhéadfaidh sé/sí taisteal saor in
aisce ina (h)aonar). Ní bheidh ainm do chéile, do pháirtnéara nó do
chomháitritheora ar an gcárta.
- Má tá FT+C scríofa ar do Chárta Seirbhísí Poiblí,
féadfaidh compánach (os cionn 16 bliana d’aois) taisteal leat saor in
aisce (mar nach bhfuil tú ábalta taisteal i d’aonar ar chúiseanna
míochaine).
Léigh
CCanna maidir leis an gCárta Seirbhísí Poiblí agus le saorthaisteal
(pdf).
Céile, páirtnéirí sibhialta, comhchónaitheoraí agus compánaigh
Má tá pas saorthaistil agat tú pósta, i bpáirtnéireacht nó ag cónaí
le duine, tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a cheadaíonn do do pháirtí tú
a thionlacan saor in aisce nuair a bhíonn sibh ag taisteal. (Ní bhaineann sé
seo le daoine faoi aois 66 atá ag fáil Liúntais Cúramóra nó atá ina
gcúramóirí ainmnithe do dhaoine atá ag fáil Liúntais Fhreastail Bhuain
nó Liúntas don Ghaol Ceaptha ón Roinn Coimirce Sóisialaí).
Mura féidir leat taisteal leat féin, d’fhéadfá Pas
Saorthaistil Chompánaigh a fháil. Tugann sé seo deis duit taisteal in
éineacht le aon duine os cionn 16 bliana d’aois saor in aisce. Chun cáiliú
le haghaidh Pas Saorthaistil Chompánaigh, caithfidh tú coinníollacha
áirithe a shásamh. D’fhéadfadh go mbeidh teidlíocht Saorthaistil
Chompánaigh faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil. Léigh tuilleadh faoi na
coinníollacha seo sa bhileog Saorthaisteal (SW40).
SmartPass Sinsearach le taisteal i dTuaisceart Éireann
Ceadaíonn an Scéim Saorthaistil Uile-Éireann do shealbhóir an Phas
Saorthaistil (daoine atá in aois 66 agus níos sine) taisteal saor in aisce ar
na seirbhísí bus agus iarnróid uile i dTuaisceart Éireann ag baint leasa as
cárta
Smartpass. Ar an mbealach céanna, tá sealbhóirí SmartPass Sinsearach i
dTuaisceart Éireann i dteideal taisteal saor in aisce ar sheirbhísí i
bPoblacht na hÉireann ag baint leasa as an SmartPass Sinsearach reatha atá
acu. Má cheadaíonn do Phas Saorthaistil duit a bheith tionlactha ag
céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nó cara, is féidir leo
leanúint ag taisteal saor in aisce ar thurais trasteorann ach ní féidir leo
tú a thionlacan saor in aisce ar iompar poiblí i dTuaisceart Éireann.
Más mian le sealbhóirí an Phas Saorthaistil leas a bhaint as an scéim
Saorthaistil Uile-Éireann i dTuaisceart Éireann, caithfidh siad cárta
SmartPass Sinsearach a fháil i dtús báire. Caithfear foirm iarratais (FTNI1)
a chomhlánú chun cárta SmartPass Sinsearach a fháil. (Ní féidir
an fhoirm a fháil ar líne, agus chun foirm a fháil caithfear
teagmháil a dhéanamh an Líne Bileoige Lóghlao an Leasa Shóisialaigh ar
1890 20 23 25).
Caithfear an fhoirm iarratais a líonadh le dúch dubh
amháin agus a thabhairt ar ais go pearsanta (ní tríd an
bpost) go dtí an oifig leasa shóisialaigh áitiúil atá agat. Caithfidh tú
na míreanna a leanas a thabhairt leat leis an bhfoirm iarratais chuig an oifig
leasa shóisialaigh áitiúil:
- Do Phas Saorthaistil reatha agus
- Fianaise de do sheoladh, (mar shampla, bille gáis, leictreachais,
teileafóin nó ráiteas bainc) agus
- Fianaise aitheantais, (mar shampla, do cheadúnas tiomána, pas nó foirm
eile d’aitheantas fótagrafach) agus
- Grianghraf daite nua caighdeánach pas.
D’fhéadfadh sé suas le sé seachtainí a thógáil chun d’iarratas a
phróiseáil. Tá tuilleadh eolais ar shíneadh
na Scéime Saorthaistil ar fáil.
Ba chóir duit leanúint ag úsáid do Phas Saorthaistil reatha chun
taisteal sa Stát seo.
Do SmartPass Sinsearach a athnuachan
Rachaidh do SmartPass Sinsearach as feidhm i ndiaidh 5 bliana.
- Má bhaineann tú úsáid as do chárta go leictreonach sna 2 bhliain seo
caite, seolfaidh Translink cárta
nua duit go huathoibríoch nuair bíonn do chárta imithe as feidhm
- Mura mbaineann tú úsáid as do chárta sna 2 bhliain seo caite, seolfar
foirm athnuachan chugat chun é a chomhlánú. (Ní hionann an fhoirm
athnuachan agus an chéad iarratas agus ní gá duit grianghraf a
sholáthar.)
- Mura mbaineann tú úsáid as do chárta riamh, ní chloisfidh tú ó
Translink . Más mian leat é a athnuachan, caithfidh tú dul i dteagmháil
le Translink agus seolfaidh siad iarratas athnuachana chugat
Rialacha
D'fhéadfá a bheith i dteideal saorthaisteal má:
- Tá tú aois 66 nó ós a chionn agus ag maireachtáil sa tír
- Tá tú ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean na
nDall, Liúntas
Cúramóra nó Pinsean
Easláinte, ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
- Tá tú i gcúram aire cónaithe ceadaithe ag an Fheidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte agus tá tú ag fáil an Liúntas
Míchumais
- Bhí tú ag fáil Forlíonadh Dífhostaíochta nó Cúitimh an Oibrí le
Sochar Míthreorach le bliain ar a laghad
- Tá tú dall agus sásaíonn tú na coinníollacha leighis don Phinsean
na nDall
- Is cúramóir sainithe tú do dhuine a fhaigheann Liúntas Cúraim Bhuain
nó Liúntas Gaoil Forordaithe ón Roinn
- Tá tú ag fáil an Pinsean Easláinte nó sochair le bliain ar a laghad
ó Bhallstát AE eile nó ó thír éigin ina bhfuil comhaontú leasa
shóisialta déthaobhach ag Éirinn léi
- Tá tú i do bhaintreach nó is páirtnéir sibhialta marthanach thú
aois 60 nó os a chionn a raibh pas saorthaistil ag a céile/páirtnéir
sibhialta nó nach maireann agus ag fáil ceann de na liúntais seo a
leanas: Pinsean Stáit (Idirthréimhse), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), Pinsean Baintrí,
Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach),
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh faoin Scéim Sochar um Ghortuithe
Ceirde, nó íocaíocht/sochar slándála sóisialaí chosúil ó thír
atá clúdaithe ag Rialacháin an CE, nó ó thír a bhfuil Comhaontú
Déthaobhach Slándála Soisialaí aici le hÉirinn nó liúntas/pinsean
cosúil leo seo ó Bhallstát AE eile nó ó thír éigin ina bhfuil
comhaontú leasa shóisialta ag Éirinn leo nó pinsean baintreach Garda.
- Chláraigh tú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí nuair iarradh
ort.
Úsáid Pas Saorthaistil
Tá saorthaisteal le fáil ar sheirbhísí Iarnród Éireann, Bus Éireann,
Bus Átha Cliath, DART agus Luas agus ar seirbhísí bhus agus farantóireachta
príobháideach áirithe. Ní chlúdaítear roinnt seirbhísí speisialta, ina
measc seirbhís Airlink Bhus Átha Cliath. Is féidir taisteal in aisce ar
sheirbhísí trasteorann áirithe idir Éirinn agus an Tuaisceart.
Ó 21 Aibreán 2017 amach, tá saorthaisteal ar fáil freisin ar sheirbhís
Nitelink Bhus Átha Cliath.
Má tá cónaí ort ar cheann ar bith d'Oileáin Árann, d'fhéadfá 12
turas singil (nó suas le 6 turas fillte) aeir a fháil gach bliain idir na
hoileáin agus an mórthír. Tá daoine a mhaireann ar Oileán Thoraí (Co.
Dhún na nGall) i dteideal 8 turas singil (nó 4 thuras fillte) saor a fháil
ar an ingearán seasúrach atá ag freastal idir an oileán agus an mórthír.
Níl aon srian ar na hamanna gur féidir leat usáid a bhaint as do Phas
Saorthaistil.
Conas iarratas a dhéanamh
Má tá tú aois 66 nó os a chionn agus ag fáil pinsean leasa shóisialta
tugtar an pas saorthaistil go huathoibritheach duit. Má tá tú faoi bhun 66
bliain d’aois, eiseofar Pas Saorthaistil duit go huathoibríoch nuair a
ghlacfar leis go bhfuil tú i dteideal ceann ar bith de na híocaíochtaí seo
a leanas a fháil: Pinsean Easláinte, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais
nó Liúntas Cúramóra. Sna cásanna eile go léir, bíonn ort iarratas a chur
isteach ar Phas Saorthaistil,
trí fhoirm iarratais FT1 (pdf) a chomhlánú.
Is féidir an fhoirm seo agus tuilleadh eolais a fháil ón Roinn Coimirce
Sóisialaí - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Tá an
fhoirm ar fáil ó d'oifig an phoist áitiúil freisin.
Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht sibhialta agus go ndéanann
ceachtar agaibh iarratas ar Phas Saorthaistil nó go n-eisítear ceann ar
dhuine agaibh go huathoibríoch (chun cur ar chumas do chéile/páirtnéir
sibhialta taisteal leat saor in aisce), eiseofar an pas oiriúnach. Má tá tú
ag cónaí le duine , ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an gcineál sin pas
trí PÁIRT2 den fhoirm iarratais thuas a chomhlánú. Má tá Pas Saorthaistil
agat cheana féin (stádas singil), ní mór duit é a sheoladh ar ais leis an
bhfoirm iarratais.
Pas Saorthaistil caillte nó damáistithe
Tá 2 cineál Pas Saorthaistil láithreach Pas Saorthaistil páipéar agus
Cárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil (le F-T scríofa sa chúinne uachtarach
ar chlé)
Ní eisítear pasanna páipéar a thuilleadh. Más gá duit pas páipéar
caillte nó damáiste a athsholáthar, ní mór duit clárú do Chárta
Seirbhísí Poiblí.
Má tá do Chárta Seirbhísí Poiblí Saorthaistil caillte, goidte nó
damáistithe, caithfidh tú glao teileafóin a chur ar 1890 837000 chun cárta
athsholáthar a iarraidh.
'Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Rannóg Saorthaistil
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100 (If calling from outside the Republic of Ireland please call +353 71 915 7100)
Lóghlao:1890 500 000 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/