Réamhrá
Is íocaíocht é Sochar Uchtaíoch a fhaigheann máthair a bhfuil leanbh
uchtaithe aici nó fear aonair a uchtaíonn leanbh. Ní mór coinníollacha
áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC a chomhlíonadh ar do chúrsaí árachais
féin.
Íoctar Sochar Uchtaíoch ar feadh tréimhse 24 seachtaine ón dáta ar
tháinig an leanbh chugat. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar
Uchtaíoch 6 seachtaine sula mbeartaíonn tú dul ar shaoire
uchtaíoch.
Má cheapann tú go bhfuil Sochar Uchtaíoch diúltaithe duit go héagórach
nó go raibh cinneadh eile a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí éagórach is
féidir
achomharc a chur faoi bhráid Oifig na nAchomharc.
Sochar Atharthachta
Thug an tAcht um
Shaoire agus Sochar Atharthachta 2016 íocaíocht nua Sochar Atharthachta isteach, chomh maith
le 2 seachtain saoire
atharthachta reachtúil. Is féidir an comhphacáiste saoire atharthachta
agus Sochar Atharthachta a thosú ag tréimhse ar bith taobh istigh den chéad
6 mhí tar éis breithe nó uchtaithe linbh. Baineann na forálacha le
breitheanna agus uchtuithe ar nó ón 1 Mheán Fómhair 2016.
Gearradh cánach ar Shochar Uchtaíoch
Beidh Sochar Uchtaíoch inchánaithe ón 1 Iúil 2013 le haghaidh gach
éilitheoir. Ní bheidh Muirear Sóisialta Uilíoch ní ÁSPC a bheith
iníoctha. Is féidir léigh conas a ghearrtar cáin ar Shochar Uchtaíoch sa
cháipéis, Gearradh
cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Is féidir tuilleadh eolais
faoi
ghearradh cánach ar Shochar Uchtaíoch ó Revenue a fháil.
Rialacha
Le cáiliú le Sochar Uchtaíoch a fháil ní mór duit a bheith fostaithe i
bpost atá clúdaithe faoin Acht um
Shaoire Uchtaíoch 1995 díreach roimh an chéad lá de do shaoire
uchtaíoch agus caithfidh tú:
- Ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat sa tréimhse 12 mí
roimh theacht an linbh
Nó
- Ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC ó thosaigh tú ag obair den chéad uair
agus ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat
nó curtha chun creidmheasa sa bhliain chánach ábhartha nó sa bhliain
chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha. Mar shampla, má
bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2017, is í 2015 an bhliain
chánach ábhartha agus is í 2016 sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na
bliana cánach ábhartha.
nó
- Ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC íoctha sa bhliain cánach ábhartha
agus ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC íoctha sa bhliain cánach roimh an
bhliain cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire
uchtaíoch i 2017, is í 2015 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2014
an bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.
Tá ÁSPC ag comhaireamh Aicmí A, E, agus H.
Má bhíodh tú i bhféinfhostaíocht inárachais sular thosaigh tú i
bfhostaíocht inárachais (mar fhostaí), b’fhéidir go gcabhróidh na
ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme S) a d’íoc tú leat chun cáiliú le
haghaidh Sochair Uchtaíoch mura sásaíonn tú na coinníollacha fostaithe mar
atá luaite thuas.
Má bhíonn tú féinfhostaithe ní mór duit:
- 52 seachtaine ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S
sa bhliain chánach ábhartha
Nó
- 52 seachtaine ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S
sa bhliain cánach roimh an bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má
bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2017, is í 2015 an bhliain
chánach ábhartha agus is í 2014 an bhliain chánach roimh an bhliain
chánach ábhartha.
Nó
- 52 ranníocaíocht ÁSPC cháilitheacha íoctha ag Aicme S sa bhliain
chánach níos deireanaí ná an bhliain chánach ábhartha. Mar shampla,
má bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2017, is í 2015 an bhliain
chánach ábhartha agus is í 2016 sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na
bliana cánach ábhartha.
Má tá tú féinfhostaithe anois ach má bhí tú i bhfostaíocht faoi
árachas sula raibh tú féinfhostaithe, d'fhéadfadh na ranníocaíochtaí
ÁSPC (Aicme A, E agus H) a rinne tú nuair a bhí tú fostaithe cuidiú leat
chun Sochar Uchtaíoch a bhaint amach mura gcomhlíonann tú na coinníolla
féinfhostaíochta thuasluaite.
Is éard atá i gceist le bliain chánach ábhartha ná an bhliain dara
chánach iomlán roimh an mbliain shocair sula dtosaíonn do shaoire
uchtaíoch. Tosaíonn an Bhliain Shochair ar an gcéad Luan de mhí Eanáir
gach bliain fhéilire agus críochnaíonn ar an Domhnach díreach roimh an
gcéad Luan sa bhliain fhéilire dár gcionn. Mar shampla, i gcás éilimh a
rinneadh i 2017, is é 2015 an Bhliain Chánach Ábhartha.
Árachas ó fhostaíocht i dtír eile
Má bhí tú fostaithe cheana i dtír ar bhain rialacháin an AE léi nó
tír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éirinn léi,
d'fhéadfá do thuairisc árachais ón tír sin a chur le do ranníocaíochtaí
ÁSPC in Éirinn ar an gcoinníoll go bhfuil ar a laghad ranníocaíocht
amháin ÁSPC ag an ráta iomlán íoctha agat ó tháinig tú ar ais go
hÉirinn chun cabhrú leat cáiliú don Sochar Uchtaíoch. I gcás sin, ba
chóír duit d'iarratas ar Shocar Uchtaíoch a chur isteach 12 seachtaine roimh
bhreith do linbh.
Tá tuilleadh eolais in ár doiciméad maidir le ranníocaíochtaí
árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal.
Doiciméid tabhachtacha
Caithfidh tú teastas áirthinte a chur ar fáil, mar chruthúnas ar
áirthint do linbh. Caithfidh tú an fhoirm sin a fháil ón nGníomhaireacht
Uchtaithe Chláraithe nó ón an
Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach a bheidh ag réiteach na
háirthinte.
Sa chás gur uchtú ó thar lear a bheidh i gceist, ní mór cóip den
Dearbhú Oiriúnachta arna eisiúint ag an Údarás Uchtála na hÉireann. Ní féidir
aon íocaíocht Sochar Uchtaíoch a dhéanamh go bhfaightear an Teastas
Áirithinte nó an Dearbhú Oiriúnachta.
Rátaí
Rátaí íocaíochta ó 13 Márta 2017
| Sochar Uchtaíoch |
Ráta seachtainiúil |
| Íocaíocht chaighdeánach |
€235 |
Rátaí Laghdaithe
Bionn tú i dteideal Sochar Uchtaíoch leath ráta a fháil má
bhíonn tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Conas a íoctar Sochar Uctaíoch
Is féidir Sochar Uchtaíoch a íoc isteach díreach chuig do chuntas bainc
nó do chuntas cumann foirgníochta (tugtar Íocaíocht Dhíreach air sin).
Conas iarratas a dhéanamh
Comhlíon Foirm AB1 le haghaidh Sochair
Uctaíoch (pdf) agus seol ar ais í i dteannta na dteastas ábhartha ar fad
chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ag an seoladh a liostaítear thíos. Tá
cóip den fhoirm seo ar fáil chomh maith ó d’oifig
leasa shóisialaigh áitiúil nó trí theagmháil a dhéanamh leis an
Rannóg Sochair Uchtaithe ag an seoladh nó ag an uimhir theileafóin thíos.
Tabharfaidh d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil cúnamh duit agus tú ag
comhlíonadh na foirme agus is féidir leat dul i dteagmháil leis an Rannóg
an tSochair Uchtaíoch freisin ach úsáid a bhaint as an eolas teagmhála
thíos má bhíonn fiosrú ar bith agat.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Rannóg an tSochair Uchtaíoch
Bóthar Mhic Artúir
Bun Crannacha
Buncrana
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898 (If calling from outside the Republic of Ireland please call +353 1 471 5898)
Lóghlao:1890 690 690 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie