Anseo atá tú: Baile > Scéimeanna agus Seirbhísí > Pinsin > Creat Náisiúnta Pinsean – Athruithe ar Phinsin Stáit (Ranníocaíoch)

Creat Náisiúnta Pinsean – Athruithe ar Phinsin Stáit (Ranníocaíoch)

Sa Chreat Náisiúnta Pinsean leagtar amach sraith athruithe ar Phinsin Stáit a thiocfaidh i bhfeidhm idir 2012 agus 2028 mar a thaispeántar thíos:

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 1 Eanáir 2012

Tabharfar córas bunaithe ar chreidiúintí isteach do Theaghlachóirí a thugann aire do leanaí faoi 12 bhliain d’aois, nó d’aosach faoi mhíchumas. Clúdóidh na creidiúintí sin tréimhsí cúraim ó 1994 i leith (suas go 20 bliain ar a mhéad).

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1946 nó ina dhiaidh deonófar creidiúintí duit ar son tréimhsí a chaith tú ag tabhairt aire do leanbh nó do dhuine breoite nó do dhuine faoi mhíchumas (suas go 20 bliain ar a mhéad). Bainfear úsáid as na creidiúintí sin chun meán bliantúil na ranníocaíochtaí íoctha agus/nó creidiúnaithe a ríomh ón uair a chuaigh tú isteach i bpost inárachaithe go dtí deireadh na bliana cánach sular bhain tú aois 66 amach.

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 6 Aibreán 2012

Tá athrú ar an líon ranníocaíochtaí a bheidh ag teastáil chun cáiliú don Phinsean Stáit.

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 6 Aibreán 1946 nó ina dhiaidh ní mór duit 520 ranníocaíocht lánráta a bheith íoctha agat.

Féadfaidh tú an 520 ranníocaíocht riachtanach a shroicheadh le Ranníocaíochtaí Deonacha má tá ar a laghad 260 ranníocaíocht fostaíochta lánráta íoctha agat.

Nóta: ní féidir creidiúintí a úsáid chun an 520 ranníocaíocht lánráta atá de dhíth a shroicheadh.

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 1 Eanáir 2014

Tá athrú ar an aois cháilitheach don Phinsean Stáit.  

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1948 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú don Phinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 66 bliain ar a laghad.

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 1 Eanáir 2020

Beidh roinnt athruithe ar na coinníollacha cáilitheach don Phinsean Stáit.  

Tabharfar isteach cur chuige ‘iomlán na ranníocaíochtaí’ in ionad an chórais reatha lena ríomhtar meán bliantúil.  Beidh an leibhéal pinsin a íocfar ar aon dul le líon na ranníocaíochtaí agus/nó na gcreidiúintí árachais shóisialaigh a d’íoc an duine le linn a s(h)aoil oibre. Ní cheadófar breis is 520 creidiúint a chur san áireamh chun críocha pinsin (.i. 10 mbliana).

Dóibh siúd a bhfuil gannchion ina ranníocaíochtaí ag aois pinsin, déanfar socruithe le gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochtaí i leith a bpinsean fad atá siad ag fostaithe nó féinfhostaithe. (Beidh na sonraí ar fáil ar ball)

Daoine ar mian leo íoc an Phinsin Stáit a chur siar, íocfar ardú achtúireach ó dháta an éilimh. (Beidh na sonraí ar fáil ar ball)

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1954 nó ina dhiaidh bainfidh na hathruithe seo a leanas leat:

A luaithe a bheidh 520 ranníocaíocht lánráta (10 mbliana) íoctha agat, beidh an t-íosráta den Phinsean Stáit iníoctha leat (.i. 10/30ú nó aon trian – den uasráta).  I gcás gach bliain iomlán bhreise ranníocaíochta, gheobhaidh tú 1/30ú de phinsean suas go huasmhéid de 30/30ú. Beidh ranníocaíochtaí agus/nó creidiúintí 30 bliain de dhíth chun an Pinsean Stáit iomlán a fháil.  Ní féidir níos mó ná 520 creidiúint a úsáid chun do theidlíocht ar Phinsean Stáit a ríomh (.i. 10 mbliana).

Má bhíonn ranníocaíochtaí breise de dhíth ort chun cáiliú don Phinsean Stáit, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag íoc ranníocaíochtaí lánráta tar éis duit aois pinsin a shroicheadh.

(Note; Ní bheidh an Pinsean Stáit iníoctha go dtí go mbeidh ar a laghad 520 ranníocaíocht lánráta íoctha agat.)

Más mian leat éileamh do phinsin a chur siar, beidh sé indéanta dáta íoca an phinsin a chur siar go dtí do rogha dáta.  Má roghnaíonn tú é sin a dhéanamh, íocfar méadú achtúireach ón dáta ar a roghnaíonn tú do phinsean a ghlacadh.

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 1 Eanáir 2021

Tá athrú ar an aois cháilitheach don Phinsean Stáit.

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1955 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 67 bliain ar a laghad.

Athruithe ar an bPinsean Stáit ón 1 Eanáir 2028

Tá athrú ar an aois cháilitheach don Phinsean Stáit.

An difear a dhéanfaidh sé sin duitse:

Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1961 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 68 bliain ar a laghad.

An Nuashonrú Deiridh: 15/06/2011 18:16
Léadh go cúramach, le do thoil an fógra cóipchirt agus Séanta agus an fógra Príobháide. Teacht ar eolas faoin earnáil phoiblí.