Pinsin
Sa roinn seo gheofar sonraí scéimeanna pinsin a riarann an Roinn.
Íocaíocht árachais shóisialta is ea an Pinsean Stáit (Trasdul) a dhéantar le daoine ar shroicheadh aois 65 dóibh, atá ar scor agus a shásaíonn coinníollacha áirithe leasa shóisialaigh. Níl aon tástáil acmhainne i gceist don phinsean (ráta pearsanta) agus níl tionchar ag ioncam eile atá agat air, mar shampla pinsean ceirde. An Pinsean Scoir a thugtaí ar an Pinsean Stáit (Trasdul) roimhe seo.
Íocaíocht de réir tástála maoine is ea an Pinsean Stáit (Neamhranníocaíoch) do dhaoine d'aois 66 nó os a chionn, nach gcáilíonn le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocaíoch) bunaithe ar a dtaifead leasa shóisialaigh. An Pinsean Neamhranníocaíoch Seanaoise a thugtaí ar an Pinsean Stáit (Neamhranníocaíoch) roimhe seo.
Is éard atá sa leathanach gréasáin seo ná an foilseachán 'Méadú do Chónaí Aonair' a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Éire.
Is do dhaoine dalla agus do dhaoine áirithe ar lagamharc Pinsean na nDall. Chun a chruthú go bhfuil tú ar lagamharc nó go bhfuil tú dall, caithfidh tú a bheith cláraithe le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Ina éagmais sin caithfidh tú tuaraisc radhairc ó shúil-lia nó ó optaiméadraí a sholáthar a shásóidh an Roinn go bhfuil tú dall nó ar lagamharc.
Íocaíocht le haghaidh baintreach agus baintreach fir a shásaíonn coinníollacha áirithe leasa shóisialaigh is ea Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Níl aon tástáil acmhainne i gceist dó agus mar sin níl tionchar ag ioncam eile atá agat air, mar shampla tuilleamh, pinsean ceirde nó pinsean ó fhostaíocht do chéile nach maireann.
Más baintreach nó baintreach fir thú agus muna gcáilíonn tú do Phinsean Ranníocach na mBaintreach nó na mBaintreach Fir bunaithe ar do thaifead árachais féin nó ar thaifead árachais do chéile nach maireann, d'fhéadfadh sé go gcáileofá le haghaidh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach). Íocaíocht de réir tástála maoine í seo agus tógtar i gcuntas aon ioncam agus caipiteal (m.sh. coigilteas, infheistíochtaí, airgead ar láimh agus luach aon mhaoine atá agat seachas do bhaile féin) atá agat chun do mhaoin a oibriú amach.
Íocaíocht is ea an Pinsean Easláine do dhaoine atá éagumasach chun oibre go buan de dheasca breoiteachta nó éagumais agus a shásaíonn na coinníollacha ranníocaíochta Árachais Shóisialach Pá Coimhneasta (ÁSPC).
Cúramaí Baile isea do chúiseanna na Scéime um Chúramaí Baile ná duine a thugann suas obair chun aire a thabhairt do leanbh faoi aois a 12 nó do dhuine fásta/leanbh éagumasach in aois a 12 nó níos mó ar nó i ndiaidh 6 Aibreán 1994. Feidhmíonn an scéim do mhná agus d’fhir araon.