Is é príomhchuspóir an Chomhaontaithe ná cearta pinsin oibrithe imirceacha a ghluaiseann idir Éire agus an Ostair a chosaint. Déanann sé é seo trína cheadú go gcuirfear ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a íoctar i dtír amháin sa chomhaireamh i leith sochar áirithe sa tír eile. Pléann an Comhaontú freisin le stádas árachais shóisialaigh na n-oibrithe a sheoltar ó thír amháin go dtí an tír eile ar feadh tréimhse sealadaí.