Is gnách go mbíonn cinneadh an Oifigigh Achomhairc
críochnaitheach agus dochloíte. Ach d'fhéadfaí é a
athrú sna cúinsí seo a leanas:
- mar gheall ar fhianaise nua atá tagtha chun solais ó
rinneadh an cinneadh.
- d'fhéadfaí é a achomharc chuig an Ard-Chúirt, ach ar
phointe dlí amháin.
- d'fhéadfadh an Príomh-Oifigeach Achomhairc
athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh ar bith nuair
a fheictear dó go ndearnadh botún maidir leis an dlí
nó na fíricí. Agus iarratas á dhéanamh ar a leithéid
d'athbhreithniú, is gá don achomharcóir na fáthanna
a gcreideann sé/sí go ndearnadh botún maidir leis an
dlí nó na fíricí a lua.