Is féidir leat saoire tuismitheora a ghlacadh mar thuismitheoir, mar thréimhse leanúnach 14 seachtaine nó, i sealanna éagsúla i rith tréimhse áirithe, le toiliú d'fhostóra.
Má ghlacann tú saoire tuismitheora, gheobhaidh tú creidmheas do gach seachtain a ghlacann tú mar shaoire. Cinnteoidh sé seo go leanfar leis an gcuimsiú atá agat cheana féin le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Ba cheart do d'fhostóir scríobh chuig na Seirbhísí Cáilitheachta Cliant chun an fad, líon na seachtainí agus dátaí cruinne do shaoire tuismitheora a dheimhniú.
Má tá eolas breise uait, déan teagmháil leis na:
Seirbhísí Cáilitheachta Cliant
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Cranncha
Co. Dhún na nGall
Íosghlao: 1890 690 690 (ó Phoblacht na hÉireann amháin)
+353 1 4715898 (ó Thuaisceart Éireann nó ón iasacht)
Má tá níos mó eolais uait faoi shaoire tuismitheora, téigh i dteagmháil le(is):
An tÚdarás Comhionannais
Teach Birchgrove
Ros Cré
Co. Thiobraid Árann
Íosghlao: 1890 245 545 (ó Phoblacht na hÉireann amháin)
+353 505 24126 (ó Thuaisceart Éireann nó ón iasacht)
Suíomh gréasáin: www.equality.ie