An tAire Doherty tar éis Rialacháin um eagrú am oibre i dtionscal na rásaíochta chapall a shíniú


Print page

An tAire Doherty tar éis Rialacháin um eagrú am oibre i dtionscal na rásaíochta chapall a shíniú
Leis na Rialacháin nua, táthar tar éis solúbthacht maidir leis na rialacha um eagrú am oibre a thabhairt isteach ar shlí ina bhfuiltear fós in ann a dheimhniú go dtugtar cosaint d’oibrithe

Déardaoin, an 20 Nollaig 2018 Inniu, d’fhógair an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty, T.D., go raibh sí tar éis Rialacháin nua a shíniú lena soláthraítear an fhéideartle cuidolú a chur le cuid de na rialacha um am oibre le haghaidh cuid de na gníomhartha i dtionscal na rásaíochta capall.

Tagann na Rialacháin nua - RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (EAGRÚ AMA OIBRE) (DÍOLÚINTÍ GINEARÁLTA) (LEASÚ) 2018 - i bhfeidhm láithreach bonn.  Leis na Rialacháin seo, soiléirítear go gcuirtear na bearta a bhaineann le tionscal na rásaíochta chapall san áireamh sa téarma ‘an talmhaíocht’ chun críocha na Rialachán um Eagrú Ama Oibre (Díolúintí Ginearálta) 1993 (I.R. Uimh. 21 de 1998) a rinneadh iad faoin Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997. Leis an Acht de 1997, rinneadh Treoir Ama Oibre an AE a thrasuí.

Déanfar foráil leis na Rialacháin d’fhostóirí píosa beag solúbthachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha ama oibre don fhoireann san earnáil, faoi réir coinníollacha áirithe agus cosaintí atá deartha chun áirithiú go dtugtar cosaint d’oibrithe. Is é an toradh a bheidh leis ná go bhféadfar sosanna áirithe a mhaolú go huair níos déanaí nuair a shásófar na coinníollacha seo, ach gur cheart don fhostaí na sosanna reachtúla sin a fháil chomh luath is gur féidir ina dhiaidh. Rud atá tábhachtach ná nach ndéanfaidh na Rialacháin na rialacha reatha a leasú maidir leis an uasmhéid d’uaireanta oibre sa tseachtain.

 
Dúirt an tAire Doherty;
“Tuigimse go rímhaith na dualgais atá agam chun deimhniú go dtugtar lánchosaint do na fostaithe sa tionscal seo maidir lena gcearta fostaíochta. Ionas go ndéanfar cinnte de go mbeidh cothromaíocht ann idir riachtanais fostaithe agus riachtanais na bhfostóirí, táim tar éis dul i mbun comhairle le hionadaithe thar ceann fostaithe agus fostóirí araon sa tionscal seo le bliain anuas chun teacht ar réiteach cothromasach - réiteach a mheasaim féin go bhfuil le brath sna Rialacháin seo.”    

    
Tá sé tábhachtach aird a tharraingt ar an fhíric nach ndéantar foráil ar mhaolú iomlán d’fhostaithe atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta, leis an Treoir ná leis an Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997, ach oiread. Seachas sin, tugtar ceadú leo, le maolú ó chuid de na ceangaltais faoin Treoir d’oibrithe talmhaíochta ach amháin sa chás ina sásófar na coinníollacha seo a leanas:

  • tá na hoibrithe gafa le gníomhaíochtaí lena bhfuil gá ann don leanúnachas de sheirbhís nó de tháirgeadh’ nó ina bhfuil ‘borradh intuartha ann sa ghníomhaíocht’
  • b’éigean do na hoibrithe a bheith gafa go hiomlán nó go príomha sna gníomhaíochtaí sin, agus
  • sa chás go n-úsáideann fostóir maolú, caithfidh siad sos cúiteach a thabhairt do na hoibrithe i gceist. Caithfidh an sos cúiteach seo a thabhairt dóibh chomh luath is gur féidir tar éis an am gur cheart don sos a tharlú.

Chuir an tAire leis:
“Ba mhian liom aitheantas a thabhairt don ról atá ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre maoirseacht a dhéanamh go gcomhlíontar leis an reachtaíocht fostaíochta i dtionscal na rásaíochta chapall agus leis an ngníomhaíocht cigireachta reatha a bhfuil an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ag gabháil de láimh faoi láthair. I dtaca leis sin, tá obair déanta ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i gcomhar le Rásaíocht Capall na hÉireann chun treoracha a dhréachtú do na fostaithe san earnáil chun feabhas a chur ar an bhfeasacht atá ann ar na cearta agus dualgais faoi seach faoin dlí fostaíochta. Tuigimse go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar an gcomhthionscnaíocht um threoracha agus, i dtaca leis an rialachán seo, táim tar éis scríobh chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, agus iarraidh a dhéanamh orthu an obair sin a thabhairt chun críche chomh luath is gur féidir. Beidh tábhacht ag baint leis an treoir seo chun deimhniú go mbeidh leibhéil ardaithe comhlíonta leis an reachtaíocht fostaíochta san earnáil go ginearálta agus go mbeidh sé ar aon dul leis na Rialacháin atá faoi chaibidil sa chomhthéacs seo.”

CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Cúlra

  • Rinneadh roinnt mhaith aighneachtaí, go luath in 2018, aighneachtaí a rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, don Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí lenar nochtadh deacrachtaí atá ann i dtionscal na rásaíochta chapall a bhaineann le cur i bhfeidhm an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997 san earnáil. D’iarr siad ar an Aire leasú a dhéanamh ar an Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 ionas go mbeifear in ann tairbhe a bhaint amach as na maoluithe atá foráilte faoi Threoir Ama Oibre an AE i dtionscal na rásaíochta chapall.
  • Táthar tar éis na maoluithe uile a bhfuil foráil déanta leo sa Treoir Ama Oibre (an Treoir) a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta, cé is moite d’Airteagal 22 clásal ‘Rogha an Diúltaithe’, a bhaineann go sonrach le huasmhéid uaireanta oibre seachtainiúla . Tá teorannacha leis na maoluithe maidir leis an scóip atá acu, agus baineann siad le cuid de na ceangaltais a thagann faoin Treoir, i gcásanna ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach sa Treoir. Coinníoll príomhúil is ea ‘Sos Cúiteach’, a thugann le fios gur gá don fhostaí tréimhse sosa comhionann a fháil chomh luath agus is féidir tar éis dó sos reachtúil a chailliúint.
  • Fuair an tAire Doherty comhairle an Ard-Aighne maidir le ceisteanna a bhaineann leis sin agus is i bhfianaise na comhairle sin a dhréachtaíodh na Rialacháin.

Cad is cuspóir leis na Rialacháin?

  • Déantar foráil leis na Rialacháin (a bhfuil feidhm acu ón 19 Nollaig 2018) go n-áirítear leis an téarma “talmhaíocht” sa Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Eagrú Ama Oibre (Díolúintí Ginearálta) 1998 (I.R. Uimh 21 de 1998), inter alia, “síolrú, tógáil agus traenáil capall rása, agus cúram a thabhairt dóibh” chun críocha na Rialachán sin. 
  • Go bunúsach, déantar foráil leis na Rialacháin gur cheart go gcuirfear na maoluithe teoranta atá ar fáil d’earnáil na talmhaíochta faoin Treoir Ama Oibre agus faoin Acht/faoi na Rialacháin um Eagrú Ama Oibre ar fáil don earnáil rásaíochta chapall, faoi réir na coinníollacha atá leagtha síos sa Treoir agus sa reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar forálacha an Treoir sin a thrasuí.

Cad é an tionchar a bheidh ag na Rialacháin?

  • Ní dhéantar foráil ar mhaolú iomlán d’fhostaithe atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta leis an Treoir ná leis an Acht um Eagrú Ama Oibre ach oiread. Seachas sin, tugtar ceadú leo, le maolú ó chuid de na ceangaltais faoin Treoir d’oibrithe talmhaíochta ach amháin sa chás ina sásófar na coinníollacha seo a leanas:
  • tá na hoibrithe gafa le gníomhaíochtaí lena bhfuil ‘gá ann don leanúnachas de sheirbhís nó de tháirgeadh’ nó ina bhfuil ‘borradh intuartha ann sa ghníomhaíocht’
  • b’éigean do na hoibrithe a bheith gafa go hiomlán nó go príomha sna gníomhaíochtaí sin, agus
  • sa chás go n-úsáideann fostóir maolú, caithfidh siad sos cúiteach a thabhairt do na hoibrithe i gceist. Caithfidh an sos cúiteach seo a thabhairt dóibh chomh luath is gur féidir tar éis don sos a bheith maolaithe.
  • Bíonn feidhm ag na maoluithe a cheadaítear d’fhostóirí leis na Rialacháin nua le sosanna laethúla, le sosanna agus bearnaí san obair, le sosanna seachtainiúla agus le huaireanta oibre san oíche (ailt 11, 12, 13 agus 16 den Acht um Eagrú Ama Oibre faoi seach), de réir na coinníollacha atá leagtha amach thuas lena n-áirítear an riachtanas go soláthrófar sos cúiteach.
  • Tá sé tábhachtach go ndéanfar suntas de go bhfuil feidhm ag na dualgais eile atá leagtha amach san Acht um Eagrú Ama Oibre, cé go bhféadfar leo tairbhe a bhaint amach as na maoluithe atá mionsonraithe thuas i gcásanna áirithe. Mar sin, mar shampla, beidh ceanglas fós ar fhostóirí maidir leis an uasteorann meánach de 48 uaireanta oibre sa tseachtain, agus an ceangaltas gurbh éigean dóibh eolas a chur ar fáil don fhostaí faoi uaireanta oibre, agus lena dteidlíocht do shaoire bhliantúil agus saoire phoiblí. Rud atá tábhachtach, caithfidh fostóirí taifead a dhéanamh sa tslí gur cheart chun comhlíonadh leis an Acht um Eagrú Ama Oibre a léiriú.
  • Rud eile atá tábhachtach a aird a tharraingt air ná go mbeidh fostóirí sa tionscal seo fós faoi réir déine gach Acht fostaíochta eile. Mar shampla, beidh siad fós faoi réir cigireachtaí ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, beidh ceanglas fós orthu comhoibriú sa phróiseas cigireachta agus teacht faoi réir an cheangaltais go gcoimeádfar taifid maidir leis an reachtaíocht go léir a bhaineann leis an dlí fostaíochta.
  • Tá sé treoraithe ag an gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arís agus arís uile, gur cheart go ndéanfar léirmhíniú ar an Treoir Ama Oibre go srianta.

Gníomhaíocht chigireachta an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

  • Tá an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre tar éis a bheith gafa le cigireacht san earnáil eachaí níos leithne le bliain anuas, nó níos faide ná sin.  Chuir an tAire in iúl go soiléir don tionscal nár cheart go mbeidh aon mhíthuiscint ann maidir leis an raon teoranta atá ag na maoluithe atá ar fáil faoi bhun na Rialachán seo.
  • Mar chuid de na gníomhartha cigireachta níos ginearálta in earnáil na rásaíochta chapall, tá obair déanta ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i gcomhar le Rásaíocht Capall na hÉireann chun treoracha a dhréachtú do na fostaithe san earnáil chun feabhas a chur ar an bhfeasacht atá ann ar na cearta agus dualgais faoi seach faoin dlí fostaíochta.
  • I dtaca leis sin, tá an tAire scríobh chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, agus iarraidh a dhéanamh orthu an obair sin a thabhairt chun críche chomh luath is gur féidir. Nuair a bheidh sé foilsithe, beidh an comhthreoir ina bhuntáiste príomhúil d’fhostaithe chun tuiscint a bheith acu ar an tionchar a bheidh ag na Rialacháin ar a gcuid dualgas agus cearta faoi seach.

Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R: press.office@welfare.ie
T: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie


Is foráil roghnach d’Airteagal 22 den Treoir é an ‘Scar-Rogha’. Ba é an cinneadh a rinne Rialtas na hÉireann maidir leis ná gan é a thrasuí isteach i ndlí náisiúnta na tíre seo.
Last modified:04/01/2019
 

 Downloads