Réamhrá
Is íocaíocht bhliantúil atá sa Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a
dhéantar le cúramóirí ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce
Sóisialaí. Athraíodh ainm na scéime sa bhliain 2016 chun an bealach ina
mbaineann cúramaóirí leas aisti a léiriú níos fearr. Is féidir le
cúramóirí leas a bhaint as an deontas pé bealach ar mian leo. Is féidir
leat leas a bhaint as an deontas do chúramh faoisimh más mian leat, ach ní
gá duit é a dhéanamh. Tá a thuilleadh eolais faoi shaoráidí
cúraim faoisimh ar fáil.
Íocann an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí an deontas
go huathoibríoch i mí an Mheithimh gach bliain (an chéad Déardaoin den mhí
de ghnáth), le cúramóirí ag fáil Liúntais
Chúramóra, Sochair
Chúramóra, nó Liúntais
Chúraim Bhaile ón Roinn. Ní féidir ach Deontas Tacaíochta Cúramóra
amháin a íoc do gach duine a fhaigheann cúram.
Rialacha
Íoctar an deontas go huathoibríoch le daoine a fhaigheann Liúntas
Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúram Baile
Chun cáiliú, ní foláir duit bheith:
- D’aois 16 bliain nó os a chionn
- I do ghnáthchónaí sa Stát
- Ag tabhairt cúraim don duine ar bhunús lánaimseartha
- Ag tabhairt cúraim don duine ar feadh 6 mhí ar a laghad - caithfear an
chéad Déardaoin i mí an Mheithimh a áireamh leis an tréimhse úd
- I do chónaí leis an duine dá dtugtar cúram, nó mura gcónaíonn,
bheith inteaghmhálaithe go tapa trí chóras cumarsáide díreach (mar
shampla, fón nó aláram).
Ní cháilíonn tú:
- Má théann tú ag obair ar feadh níos mó ná 15 uair in aghaidh na
seachtaine lasmuigh den bhaile
- Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora
Poist
- Má shíníonn tú isteach i gcomhair ranníocaíochtaí creidiúnaithe
árachais shóisialaigh
nó
- Má ta cónaí ort in ospidéal, in ionad téarnaimh nó in institiúid
chomhchosúil
Má thugann tú cúram do níos mó ná duine amháin, íoctar deontas i
gcomhair gach duine acu.
Rátaí
Íoctar Deontas Tacaíochta Cúramóra ar fiú €1,700 é (Meitheamh 2018)
uair amháin in aghaidh na bliana, go hiondúil an chéad Déardaoin i mí an
Mheithimh, i leith gach duine dá dtugann tú cúram. Ní inchánach é.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní gá duit iarratas a dhéanamh don Deontas Tacaíochta Cúramóra má
fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim
Bhaile. Íocfar go huathoibríoch leat é i mí an Mheithimh.
Mura bhfaigheann tú ceann ar bith de na híocaíochtaí úd ba chóir duit
foirm iarratais CSG 1
(pdf) a chomhlánú i leith gach duine dá dtugann tú cúram.
Mura bhfuair tú ceann ar bith de na híocaíochtaí thuas agus go bhfuair
tú an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí anuraidh, ní gá duit iarratas a
dhéanamh in athuair i 2018. Cuireadh litir chugat i mí Aibreáin ó rannóg
Deontais Tacaíochta Cúramóra le ceistneoir ghairid 2 leathanach. Ní mór
duit na ceisteanna ar an gceistneoir a fhreagairt agus í a sheoladh ar ais
chuig rannóg Deontas Tacaíochta Cúramóra. Tar éis duit an cheistneoir a
sheoladh ar ais, bainfidh an Roinn úsáid aisti agus as an bhfaisnéis ata sa
chomhad cheana féin chun do Dheontas Tacaíochta Cúramóra a athmheasúnú.
Cathain iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh don deontas i leith bliana ar bith ó
Aibreán na bliana sin nó go dtí 31 Nollaig den bhlian dár gcionn. Is
féidir leat mar sin iarratas a dhéanamh do dheontas i leith na bliana 2018 ó
Aibreán 2018 síos go dtí 31 Nollaig 2019.
Cá háit a ndéanfaidh mé
iarratas
Is féidir leat foirm iarratais a ioslódail (féach thuas) nó ceann a
fháil ó oifig
leasa shóisialaigh, ó oifig Intreo nó ó Lárionad Faisnéise do
Shaoránaigh.
An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Rannóg na nDeontas Tacaíochta do Chúramóiri
Bosca Oifig Phoist 10085
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 673 2222 (If calling from outside the Republic of Ireland please call + 353 1 673 2222)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie