Cúram Liachta


Print page

Eolas

Má tá tú faoi árachas agus má ghortaítear thú agus tú ag obair nó má tholgann tú galar ceirde forordaithe, d'fhéadfá sochair a fháil faoin Scéim um Dhíobhálacha Ceirde. Ceann de na sochair atá i gceist ná Cúram Leighis. Faoin scéim Cúram Leighis is féidir leat aisíoc a fháil ar chostais cúraim agus aire leighis nach mbíonn íoctha ag an láithreáin ghréasáin Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó tríd an Sochar Cóir Leighis ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Rialacha

Déanfar aisíoc ar na costaisí seo a leanas muna mbíonn siad clúdaithe go hiomlán ag an Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ná ag Scéim Sochar Chóir Leighis na Roinne Choimirce Sóisialaí:

  • Cuairteanna dochtúra
  • Oideas dhochtúra
  • Fearais leighis agus máinliachta áirithe chomh maith le deisiú agus athsholáthar na deiseanna seo (mar shampla, géaga saorga nó cluaisíní chúnta)
  • Cóir leighis fiaclóra agus optach áirithe
  • Cóir leighis áirithe ar threoir dhochtúra
  • Costaisí taistil áirithe, go hiondúil ar chostas chóras iompar poiblí amháin.

Is le EFT a íoctar an Cúram Leighis. Go hiondúil ní dhéantar ach íocaíocht amháin ach más cóir leighis leanúnach atá i gceist, b'fhéidir go ndéanfaí íocaíocht i gcúpla gála. Is leis an duine a dhéanann an éileamh a dhéantar an íocaíocht go hiondúil ach is féidir é a dhéanamh le do dhochtúir nó an bord sláinte más gá.

Chun a bheith i dteideal aisíoca chostaisí leighis ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Caithfidh an timpiste a bhí agat a bheith mar thoradh ar thimpiste ag an obair nó caithfidh tú galar áirithe ceirde a bheith ort mar thoradh ar do chuid oibre agus
  • Caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas faoi go bhfuil tú chun cúram leighis a éileamh taobh istigh de 6 seachtainí ó thús an chóir leighis. Go hiondúil ciallaíonn sé seo sé seachtainí ó dháta na timpiste nó ó thús an ghalair. Freisin ní mór duit a bheith i bhfostaíocht a bhfuil i rannóg A, B, D, J nó M i gcomhair ÁSPC.
Ní tharlaíonn tinneas ná míchumas láithreach mar thoradh ar gach timpiste san obair nó galar ceirde. Muna dtarlaíonn eágumas duit láithreach ach gur mian leat cinntiú go mbeadh an ceart agat amach anseo sochar a fháil, ba cheart duit d'fhostóir a chur ar an eolas maidir leis an timpiste/ galar agus dearbhú a iarradh ag rá gur tinneas/ timpiste cheirde a bhí i gceist. Ba cheart é seo a dhéanamh gan mhoill.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart duit an Roinn a chur ar an eolas faoi go bhfuil tú chun cúram leighis a éileamh tríd an Form of Notice a líonadh agus é a sheoladh chuig an Rannóg Sochar Gortuithe - féach seoladh thíos. Seolfar foirm éilimh C1 chugat anseo (pdf). Tá tuilleadh faisnéise ar fáil maidir an scéim í Medical Care SW34.

Déan cinnte de go gcuireann tú d'uimhir PSP (mar an gcéanna le d'uimhir cánach ) ar aon admhálacha a sheolann tú isteach in éineacht leis an bhfoirm éilimh C1.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Social Protection

An Roinn Coimirce Sóisialaí
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Urlar 5
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Áth Cliath 1

Teil:(01) 704 3850 or +353 1 7043850 (from Northern Ireland or overseas)
Lóghlao:1890 928 400 (from the Republic of Ireland only)


Last modified:25/03/2015
 

 Related Topics

 
 

 Íoslódáilí

 
 

 Aimsitheoir Intreo/Oifigí Áitiúla

 
Déan cuardach d'oifig áitiúl
img