Is féidir go bhfaighidh tú aisíoc ar na costais seo a
leanas mura bhfuil siad go hiomlán faoi chumhdach
Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ná faoi
chumhdach Scéim an tSochair Chóireála againn:
- cuairteanna dochtúra,
- oidis dochtúra, - is cóir éilimh ar chógas a bheith ar
fhoirmeacha éilimh oidis amháin, arna n-eisiúint ag
an gcógaslann,
- fearais leighis áirithe nó fearais mháinliachta áirithe
chomh maith le deisiú agus athsholáthar orthu seo
(mar shampla, géaga saorga nó áiseanna
éisteachta),
- cóireáil áirithe na bhfiacla agus na súl,
- cóir leighis áirithe arna hordú ag do dhochtúir, agus
- costais taistil áirithe, ach faoi theorainn chostas an iompair phoiblí de ghnáth.
Caithfidh na costais a bheith réasúnach agus riachtanach
Féadfar billí ospidéil (ospidéil phoiblí) a íoc go díreach
leis an ospidéal nó leis an éilitheoir an túisce a
chuirfear cruthúnas íocaíochta (admháil ospidéil)
faoinár mbráid.