Pinsean na nDall - SW 76


Print page

 

Is féidir go mbeidh tú i dteideal méadú seachtainiúil nó méaduithe seachtainiúla sa bhreis a fháil in éineacht le Pinsean bunúsach na nDall mar a leanas:

Méadú um Chónaí Aonair

Is féidir go mbeidh tú i dteideal an Mhéadaithe um Chónaí Aonair má chónaíonn tú leat féin an t-am ar fad nó an chuid is mó den am.

Liúntas Breosla

Is féidir go bhfaighidh tú Liúntas Breosla, ó Dheireadh Fómhair go hAibreán, faoi réir coinníollacha áirithe. Ar áireamh sna coinníollacha seo tá an coinníoll go gcónaíonn tú leat féin nó le daoine áirithe a shonraítear.

Liúntas Oileáin

Is féidir go bhfaighidh tú Liúntas Oileáin má chónaíonn tú ar oileán atá amach ó chósta Phoblacht na hÉireann, faoi réir coinníollacha áirithe.

Chun a thuilleadh eolais a fháil ar na méaduithe seo, logáil isteach ar www.welfare.ie.

 

Last modified:15/05/2013
 

 Íoslódáilí