Nuair a chlárófar d’achomharc in Oifig na nAchomharc,
gheobhaidh tú admháil. Ní foláir ansin d’achomharc a
chur chuig an Roinn chun barúil a fháil. Féadfaidh an
tOifigeach Breithiúnachta nó an tOifigeach Sainithe an
cinneadh a athrú i d’fhabhar an tráth seo de bharr
fianaise nua a bheidh curtha ar fáil agat. Mura
n-athraítear an cinneadh, cuirfear d’achomharc ar ais
chuig Oifig na nAchomharc lena bhreithniú ag Oifigeach
Achomharc.
Déanfaidh an tOifigeach Achomharc cinneadh ar bhonn
na fianaise a bheidh ar fáil agus tar éis ceann a thógáil
do choinníollacha cáiliúcháin na scéime a shonraítear sa
reachtaíocht. Féadfar é seo a dhéanamh ar bhonn na
fianaise scríofa amháin nó féadfar cuireadh a thabhairt
duit chun freastal ar éisteacht ó bhéal. Má iarrann tú
éisteacht ó bhéal, géillfear don iarratas sin i gcónaí,
mura léir nach mbeidh aon tairbhe le baint as a leithéid
d’éisteacht.