Cad a tharlaíonn má fhágtar nó má dhíoltar an baile cónaithe?


Print page

Do bhaile cónaithe á fhágáil agat

Má fhágann tú do bhaile cónaithe, de dheasca seanaoise nó éiglíochta, ar feadh gearrthréimhse nó ar feadh tréimhse éiginnte, ní mheasúnófar luach do bhaile chónaithe mar acmhainn. Má bhaintear feidhm bhrabúsach as do bhaile cónaithe, áfach, mar shampla má ligtear ar cíos é, ansin measúnófar luach caipitil do thí mar acmhainn. 

Má chuireann tú do theach ar díol, ní mheasúnóimid luach an bhaile chónaithe sin go ceann suas le 2 bhliain ón dáta ar cuireadh ar díol é. Má dhíoltar an mhaoin laistigh den dá bhliain, áfach, measúnóimid an t-ioncam ón díolachán mar acmhainn ag an tráth sin. 

Do bhaile cónaithe á dhíol agat

Má chónaíonn tú i lóistín nach n-oireann duit a thuilleadh nó ar ródheacair duit é a chothabháil, féadfaidh tú do bhaile cónaithe a dhíol agus bogadh isteach i lóistín a oireann níos fearr duit. I gcásanna áirithe, féadfaimid neamhaird a thabhairt ar na fáltais a thiocfaidh ó do bhaile cónaithe a dhíol, suas le teorainn €190,500, agus sinn ag measúnú d’acmhainne. 

Má chónaíonn tú in áitreabh atá scoilte idir limistéar cónaithe agus limistéar gnó, ní thabharfaimid díolúine ach ar na fáltais ón díolachán suas le €190,500 a bhaineann leis an limistéar cónaithe.

Cathain atá feidhm ag an díolúine?

Bíonn feidhm ag an díolúine má dhíolann tú do bhaile cónaithe agus:

  • má cheannaíonn tú lóistín eile, nó
  • má thógann tú lóistín eile ar cíos, nó
  • má bhogann tú isteach i dteach altranais príobháideach atá cláraithe faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990, nó
  • má bhogann tú isteach le duine a thugann aire duit agus a fhaigheann Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra, nó
  • má bhogann tú go tithíocht speisialta nó go sciath-thithíocht san earnáil dheonach, san earnáil chomhoibritheach, san earnáil reachtúil nó san earnáil phríobháideach.

Cad a tharlaíonn má cheannaítear lóistín níos oiriúnaí?

Má dhíolann tú do bhaile cónaithe agus má cheannaíonn tú lóistín níos oiriúnaí, tabharfar díolúine suas le teorainn €190,500 ar iarmhéid na bhfáltas ó do sheanbhaile cónaithe a dhíol.

Sampla 1

Má dhíolann tú do bhaile cónaithe ar €320,000 agus má cheannaíonn tú lóistín nua ar €250,000, ní áireofar an iarmhéid €70,000 mar acmhainn mar tá sé faoi bhun na teorann €190,500.

Sampla 2

Má dhíolann tú do bhaile cónaithe ar €450,000 agus má cheannaíonn tú lóistín nua ar €220,000, is í an difríocht ná €230,000. Tabharfar neamhaird ar an gcéad €190,500 agus measúnófar an fuílleach €39,500 mar acmhainn de réir na foirmle chun caipiteal a mheasúnú.

Cad a tharlaíonn má bhogtar isteach i dteach altranais príobháideach?

Má dhíolann tú do bhaile cónaithe agus má bhogann tú isteach i dteach altranais príobháideach atá cláraithe faoin Acht Sláinte (Tithe Banaltrais) 1990, tabharfar díolúine suas le teorainn €190,500 ar na fáltais ó do sheanbhaile cónaithe a dhíol.

Sampla

Má dhíolann tú do bhaile cónaithe ar €250,000 agus má bhogann tú isteach i dteach altranais príobháideach, ní áireofar €190,500 mar acmhainn. Ní chuirfear ach an difríocht idir na suimeanna seo (€59,500) san áireamh nuair a ríomhfar d’acmhainn sheachtainiúil.

 
Last modified:27/10/2016